An t-am atá imithe

Fighting Words: A poem by Tomás Ó Neachtain (14)


Is minic a chuimhním ar an am atá imithe 
Nuair a bhí Deaideo óg is láidir 
Ag dul chuig an Aifreann chuile Dhomhnach 
Ag suí síos agus ag rá a phaidir

Ag cur fhataí ó mhaidin go hoíche 
Ag imeacht i ndiaidh beithígh agus ag aoireacht caoirigh 
Ach sa lá atá inniu ann tá sé seo uilig imithe 
Tá chuile dhuine in aghaidh an chloig coinnithe

Táim ag suí anseo ar chathaoir adhmaid 
Is tá an seomra lán le compord is teas 
Cé nach raibh acu fadó ach dídean os a gcionn 
Is acu a bhí an buíochas, an t-ómós agus an meas.