Ról ar leith ag an ollscoil i gcothú nua-chainteoirí Gaeilge

'Blianta cinniúnacha ollscoile' don nua-chainteoir faoi scrúdú i dtuairisc nua taighde

Tá ról ar leith ag an ollscoil i gcothú nuachainteoirí Gaeilge, de réir taighde úir ó ollscoileanna na Gaillimhe agus Dhún Éideann. Tugann an saothar, "Tuarascáil Taighde ar Nuachainteoirí", cur síos ar "muda," téarma ón Chatalóinis a chiallaíonn "móimintí claochaithe ar an gcleachtas teangeolaíoch", bomaite  ina n-aithíonn nuachainteoirí tábhacht na teanga dóibh féin.

Tugann na húdair – an Dochtúir John Walsh, an Dochtúir Hugh Rowland agus an tOllamh Bernadette O'Rourke – "Blianta cinniúnacha na hollscoile" ar cheann de na móimintí is tábhachtaí sin.
Tugann saol na hollscoile léargas do nuachainteoirí, is é sin, cainteoirí rialta Gaeilge nach bhfuil an teanga ón chliabhán acu, tugann sé léargas ar thábhacht na teanga dóibh féin:
"Ach thuairiscigh go leor cainteoirí cumasacha go raibh na blianta a chaith siad ar an ollscoil ríthábhachtach sa tslí is go raibh siad i dteagmháil le cainteoirí rialta eile lena linn, athrú sochtheangeolaíoch as ar eascair muda go minic."

Scríobhtar sa tuairisc, a mhaoinigh Foras na Gaeilge, go socraíonn mórán nuachainteoirí Gaeilge a labhairt le chéile as a stuaim féin agus baineann tábhacht nach beag leis an chomhluadar ollscoile "a thaithídís maidir lena gcumas sa Ghaeilge agus lena ndearcadh ina leith".
Tosaíonn nuachainteoirí a chaint Gaeilge taobh amuigh den rang dá ndeoin féin, cinneadh a chuidíonn leo an teanga a úsáid níos minice ach cinneadh nach mbíonn glacadh ag gach mac léinn leis.

Bíonn tionchar fosta ag ócáidí Gaeilge ollscoile ar mheon nuachainteoirí mar go gcuireann siad le cumas teanga an chainteora ar bhonn neamhfhoirmeálta agus mar go gcothaíonn siad "comhthéacs sóisialta" do lucht na teanga. Is minic a spreagann mic léinn atá líofa i nGaeilge foghlaimeoirí óga ollscoile le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, agus é sin ar bhonn báúil caradach.

Tugann léachtóirí ollscoile spreagadh do nuachainteoirí ach iad treoir mhaith agus moladh fiúntach a thabhairt dóibh. Tugann comhairle mhaith léachtóra misneach don nuachainteoir agus spreagann a leithéid de dhea-léachtóir nuachainteoirí eile le bheith níos cruinne ina gcuid scileanna labhartha agus scríofa.

Tugann an taighde le fios fosta gur mór an spreagadh a thugann cuairt ar an Ghaeltacht agus caidreamh le cainteoirí dúchais do nuachainteoirí le gnás na teanga a bhuanú.
Cuireann an Ghaeltacht mórán acu ar a gcompord leis an teanga a úsáid go rialta agus tuigeann siad nach cainteoirí aonair iad ach cuid de ghréasán beo teanga. Le cois feabhas a chur ar labhairt na teanga, d'fhoghlaim siad amhráin, mar shampla, rud a thug deis dóibh an teanga a úsáid taobh amuigh den rang agus a thug deis siamsaíochta agus caidrimh dóibh le cainteoirí eile.
"Dearcadh dearfach" don nuachainteoir an toradh atá ar a leithéid.