I gcoinne na hEorpa

A chara, – Tá sé soiléir nach dtuigeann Alan Titley (8ú Deireadh Fómhair) ról agus misean na hArd-Stiúrthóireacha um Fhorbairt…

A chara, – Tá sé soiléir nach dtuigeann Alan Titley (8ú Deireadh Fómhair) ról agus misean na hArd-Stiúrthóireacha um Fhorbairt agus um Chaidreamh le Stáit na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACP), stiúrthóireacht atá i bhfeighil ar chláir fhrithbhochtaineachta agus d’fhorbairt gheilleagrach leis an ACP ar son an Aontais Eorpaigh, ar son “na nEorpach”. B’fhéidir gur fiú dó a eolas ar stair na hAfraice a nuashonrú? Tá sé “i gcoinne na hEorpa”. Bíodh sin mar atá. Níl an tAontas Eorpach i gcoinne na hAfraice. – Is mise,

RORY SPELLMAN,

Rue Fetis,

Etterbeek,

Brussels,

Belgium.