Ó Muircheartaigh dóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge

Tugann an craoltóir iomráiteach aitheasc do Sheanad Éireann mar chuid de Bhliain na Gaeilge

Tá cúrsaí i bhfad níos fábhraí don Ghaeilge, dár gcultúr dúchasach agus dár gcluichí Gaelacha ag an bpointe seo sa stair ná mar a bhí ag aon am eile ó bunaíodh an Stát, dar le Micheál Ó Muircheartaigh.

Bhí an craoltóir iomráiteach ina aoi speisialta ag Seanad Éireann ar an gCéadaoin, áit ar thug sé óráid chuimsitheach ar stádas na teanga; chomh maith lena smaointe féin a roinnt ar chéard atá i ndán don Ghaeilge sa todhchaí.

Mar chuid de cheiliúraithe Bhliain na Gaeilge, thug an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh cuireadh don Uasal Ó Muircheartaigh (87) teacht os comhair an tSeanaid.

Cé go raibh sé misniúil go maith faoi seasmhacht na teanga, ghéill sé nach raibh an dul chun cinn déanta aici is a bhí ag gnéithe eile den chultúr Gaelach, go háirid spórt, na healaíona, agus ceol.

READ MORE

“Tá teanga na Gaeilge chun deireadh sa rás forbartha leis na healaíona,” a dúirt sé.

Ag iompú ar saol na polaitíochta, dúirt an tUasal Ó Muircheartaigh go dtabharfadh sé spreagadh mór don phobal, “dá mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag (níos mó) Teachtaí Dála agus Seanadóirí.

“Beidh cuimhne agam go deo ar díospóireacht theilifíse na gceannairí ar TG4 le linn feachtas olltoghcháin na bliana 2011. Bhíodar ar a suaimhneas ag plé na gceisteanna agus na polaitíochta i nGaeilge,” a dúirt sé.

“Tá súil agam go bhfeicfidh muid an méid sin (díospóireacht idir ceannairí ar an teilifís) go luath. Cloisim go bhfuil duine acu i dtraenáil cheana féin.”

Ag caitheamh súil siar ar stair na tíre, chuir sé síos ar theanga a bhí “briste, brúite” tar éis an Ghorta Mhóir.

“Bhí spiorad na hÉireann, mar a dúirt Peig Sayers, le cos amháin san uaigh agus an cos eile ar a bhruach.

Chuir sé síos ar an athbheochan a thosaigh i 1876 le bunú The Society for the Preservation of the Irish Language chomh maith le heagraíochtaí eile a tháinig ar an bhfód sna blianta sin: ina measc Cumann Lúthchleas Gael i 1884; Conradh na Gaeilge i 1893; agus Sinn Féin i 1903.

Thug sé cur síos beacht ar shaol, ar shaothar agus ar oidhreacht Phádraig Mhic Phiarais mar eiseamláir den spiorad a tháinig as an mborradh sin.

Cé gur thosaigh an Stát nua go láidir ag tacú leis an teanga sa chóras oideachais, a dúirt sé, tháinig laghdú de réir a chéile i líon na scoileanna Gaeilge agus sa chaighdeán múinteoireachta.

Thug sé ard-mholadh do na gaelscoileanna. Nuair a bunaíodh gluaiseacht na Gaelscoileanna sna Seachtóidí, ní raibh ach seacht scoil Ghaeilge taobh amuigh de na Gaeltachtaí, arsa an tUasal Ó Muircheartaigh.

Anois tá siad le fáil ar fud na tíre (189 bunscoil agus meánscoil taobh amuigh den Ghaeltacht) agus éileamh mór orthu.

Athrú suntasach atá le brath, dar leis, cé nach raibh oirthear na tíre aitheanta leis an nGaeilge, feictear anois go bhfuil níos mó cainteoirí líofa ar fhóirne Bhaile Átha Cliath ná mar atá ar aon cheann de na fóirne contae eile.

Mar fhocal scoir, d’impigh sé ar an Rialtas díriú ach go háirithe ar na Gaeltachtaí chun slánú na Gaeilge a chinntiú.

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times