Ná géillimis don chogadh i bhfad i gcéin

Tharla ceann de na himeachtaí is tábhachtaí i stair na hÉireann an tseachtain seo caite

Tharla ceann de na himeachtaí is tábhachtaí i stair na hÉireann an tseachtain seo caite. I bhfad níos tábhachtaí ná rud ar bith a bhrúigh an Troika concasúil orainn, agus nach mór chomh tromchúiseach i gcor na staire le cathanna móra na tíre.

Níor tugadh mórán airde air ach an oiread is a tugadh mórán airde ar theacht i dtír úd na n-amhas Sasanach Normannach i mBá an Bhainbh sa bhliain chinniúnach úd 1169.

Ní thugtar mórán airde ar an eachtra bheag a chomharthaíonn an t-athrú mór.

Dhá bheangán a bhí faoin imeacht seo. Ceann acu ba ea ráiteas an Aire, mar dhea, Cosanta, go raibh saighdiúirí na hÉireann le dul i bpáirt i gcomhghuallíocht in aghaidh na ceannairce is déanaí in Mali.

READ MORE

Agus ar aon chomhuain leis sin thug Ardrúnaí Ginearálta NATO, Anders Fogh Rasmussen, cuairt abhus ag míniú dúinn a ghátaraí is a bhí go mbeimis i gcomhpháirtíocht níos dlúithe leis na gunnaí móra a shlogann 70 faoin gcéad de chaiteachas míleata an bháis ar fud an domhain.

Bhí focail Fogh go deas slím sleamhain sibhialta, gan amhras, ach b’é a bhí á áiteamh aige ná gur cheart dúinn a bheith inár mbaill lánfhuilteacha de NATO.

Ní féidir é sin a rá go lánoscailte fós, mar is é gnó na cumhachta na tuiscintí bunúsacha daonna a chreimeadh ceann ar cheann, smut ar shmut.

Le fada an lá léanmhar is mian le Fine Gall go mbeimis páirteach san doirteadh fola idirnáisiúnta. Cuirtear culaith deas agus gúna galánta air seo. Mungailtear gur cheart dúinn ballraíocht a ghlacadh sna hionraí éagsúla sibhialta ar son ár gcosanta i gcoinne daoine gan bhróga gan uisce amuigh ansin sna críocha nach bhfeadair Enda ná Dáithí ná Beairic cá bhfuil siad go cruinn ar léarscáil an léirscriosta.

Agus má tá Fine Gall ar a shon, is cinnte go leanfaidh Fianna Feall iad, mar sin é is dual dóibh. Má deir Fine Gall “hup”, déarfaidh Fianna Feall “hea”, mar níl de chnámh dhroma iontu ach mar atá ag easconn nár baineadh an lúb di.

Madra lathaí de chuid Fhine Gall is ea Fianna Feall, ach má tá a mhalairt de thuairim acu, bheadh chomh maith é a nochtadh uair éigin. Beidh an Luch Oibre chomh ciúin le francach, óir is iad na Francaigh croíbhunlár an aighnis seo Mali faoi láthair.

Tá Sinn Féin ar nós Neilí féin ag séideadh leis an ngaoth aniar aneas aduaidh, cé gur dócha go bhfuil an ghaoth anoir san imirt chomh maith céanna. Agus tá na Glasaigh chomh glasrúil is a bhí riamh, rud nach bhfágann mórán dóchais againn.

An bhfuil duine nó drong amuigh ansin a sheasóidh an fód d’Éirinn mar lóchrann solais do dhaoine nach mian leo dorchaigh a mharú nár dhein aon dochar dóibh riamh – agus nach móide go ndéanfaidh a choíche ná go deo?

Ní raibh de bhrí ag saoirse na hÉireann ach go mbeimis saor ó ghabháltas Gall agus cead ár gcúise is ár nguaise féin againn; agus ipso facto, go mbeadh an tsaoirse chéanna ag cách a chéile eile a raibh sin uathu.

Ní raibh sé riamh i gceist gurb é ba chiall le stát Éireannach daoine dorcha lasmuigh den dlí a lámhach, ná a dhó, ná a dhícheannadh, ná a chur ar an raca.

Is é is brí le NATO ná go mbeimis chomhpháirteach, nó “nascaithe” leis na feachtais sin a rinne daoine deasa a bhuamáil, teaghlaigh a leá le buamaí na síochána, cinn is collainneacha a chur ó chéile le linn dóibh a bheith ag bailiú uisce ón tobar...

Á bheuil, caithfimid sinn féin a chosaint. Féachaim timpeall orm féin, agus grinnim an namhaid. Tá sluaite na Maróice amuigh ansin réidh ullamh lena gcuid loingeas a sheoladh thar chuan isteach; tá an Tibéid chun a áiteamh orainn ár gcuid sagart a dhó go deonach; An Araib Shádaisteach lántugtha chun lámha a theascadh de ghadaithe agus mná a chur chur báis.

Caithfimid sinn féin a chosaint mar tá naimhde timpeall orainn ó thaobh na dtaobhanna: An Íoslainn aniar; An tSualainn aduaidh; na hEastónaigh anoir; Talamh an Éisc (aniar annuaidh); na hAzores aneas; na hAztaigh (chonaic mé an scannán); na Mannanaigh (tá athbheochan mhíleata san áit)...

Is é is brí le himeachtaí na seachtaine seo caite ná go bhfuilimid sásta páirt a ghlacadh i gcogaí nua-chóilíneacha an domhain ach an chaoi a thabhairt dúinn. Agus ní fheicimid an íoróin. D’fhonn íoróna, is gátar cuimhne, agus sin earra atá scuabtha de chlár na Fódla.

Maidir liom féin de; an túisce is a bheidh rialtas na hÉireann páirteach i gcogaí impiriúlacha na hEorpa impiriúla, sin slán lem shaoránacht Éireannach feasta.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar