Bláthfhleasc álainn Jack Yeats a insíonn scéal dúinn faoi Éirinn a linne

TUARASCáIL: I mí na Samhna seo caite taispeánadh sraith de 56 cartún leis an ealaíontóir clúiteach Éireannach Jack …

TUARASCáIL:I mí na Samhna seo caite taispeánadh sraith de 56 cartún leis an ealaíontóir clúiteach Éireannach Jack B. Yeats i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann den chéad uair. Bhí na cartúin sin i measc tuairim is 500 cartún leis a foilsíodh san irisleabhar aorach Briotanach, Punch, thar thréimhse 50 bliain (idir 1910 agus 1948 le bheith beacht) faoin ainm cleite, W. Bird.

Na cartúin dubh agus bán seo, an-chuid díobh a raibh blas scigmhagúil orthu, tugann siad léargas dúinn ar réimse eile de shaol ealaíne Jack Yeats, réimse nach raibh gach duine ag súil leis, seans.

Is cinnte gur baineadh stangadh as roinnt daoine nuair a nochtadh an taobh “rúnda” eile seo a bhain le Yeats, go háirithe i bhfianaise na staire fada frith-Éireannaí a bhain leis an irisleabhar céanna, é aitheanta maidir le steiréitíopaí agus scigléirithe ciníocha sa 19ú haois.

Chomh maith leis na cartúin sin, rinne sé pictiúir eile bunaithe ar eachtraí a thit amach lena linn nó a chonaic sé lena shúile féin agus a chuaigh i bhfeidhm go mór air.

READ MORE

Ar na pictiúir sin tá Bachelor’s Walk: In Memory, pictiúr taibhseach ina léirítear cailín agus í ag leagadh dornán bláthanna ar an tsráid sin in aice le hAbhainn na Life i gcuimhne na ndaoine a mharaigh grúpa saighdiúirí Sasanacha níos luaithe an lá céanna in eachtra lámhaigh fuilteach an 26ú lá d’Iúil, 1914.

An file agus léirmheastóir ealaíne Éireannach Thomas MacGreevy, fear a raibh an-mheas ag Beckett agus Joyce ar a chuid filíochta, bhí sé chomh corraithe ag an bpictiúr sin gur scríobh sé alt mar gheall air a foilsíodh sa bhliain 1942, alt inár rangaigh sé Bachelor’s Walk: In Memory ar na pictiúir is tábhachtaí a tharraing Yeats riamh ó thaobh “na staire de”.

Ciarraíoch ó dhúchas ab ea é agus bhí MacGreevy fostaithe mar stiúrthóir ar Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann níos deireanaí (sna 1950í). Eachtraí an lae chinniúnaigh sin, thosaíodar nuair a tháinig lasta gunnaí i dtír i gcuan Bhinn Éadair: bhí ról lárnach ag na gunnaí céanna níos moille in Éirí Amach na Cásca 1916.

Baill Arm Cathartha na hÉireann, faoi stiúir na Cuntaoise Markievicz, a bhí ag fanacht ar imeall an chladaigh an mhaidin sin agus a chabhraigh leis na gunnaí a thabhairt i dtír le cairteacha láimhe agus baraí rotha ón Asgard.

Bhí an Chuntaois Markievicz ar a slí ar ais ó Bhinn Éadair nuair a thosaigh grúpa Baile Átha Cliathach agus buíon de shaighdiúirí Shasana ag béicíl ar a chéile, lucht na cathrach ag spochadh as na Sasanaigh toisc go rabhadar ródhéanach chun stop a chur leis an Asgard agus eachtraí na maidine sin.

B’in nuair a thosaigh arm na Breataine ag caitheamh urchar leis an slua agus d’fhágadar triúr marbh agus 38 duine gonta, cuid acu go dona.

Is dóibh siúd a fhágann an cailín an bhláthfhleasc i bpictiúr cáiliúil Yeats ach an rud is suntasaí faoi alt MacGreevy agus é ag plé na heachtra sin ná nár ríomh sé cúlra an scéil ar chor ar bith maidir leis an gcailín agus fáth a bróin.

Dúinne atá ag féachaint siar ar eachtraí na linne sin, tá sé seo thar a bheith aisteach nach bpléifeá fios fátha an scéil. Bheadh de dhualgas ort cúlra nó an rud a ghin scéal an phictiúir a phlé, nach mbeadh? Ach – agus bíonn an t-ach i gcónaí ann – ba thréimhse i stair na hÉireann í seo ar pléadh rudaí áirithe go poiblí ach a raibh mórán rudaí íogaire nár pléadh go hoscailte, ná nár luadh fiú.

Tar éis an tsaoil agus dála Yeats, bhí a rún féin le coinneáil ag gach duine an uair úd, a scéalta “príobháideacha” féin nach raibh daoine ag iarraidh go gcraolfaí go ró-ard iad.

Bhain MacGreevy leis an nglúin Éireannach sin ar éirigh leo post a bhaint amach i státseirbhís na Breataine. Nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach tugadh ardú céime do MacGreevy agus fostaíodh é sa Chabhlach Ríoga mar oifigeach faisnéise.

Liostáil sé in arm in Breataine i 1917, agus throid sé ar mhachairí fuilteacha Ypres agus an Somme. Goineadh faoi dhó é sna cathanna úd. Bíonn daoine ag gearán go raibh ár sinsir “an-dúnta” i dtaobh gnéithe áirithe den saol agus gur cheil siad go minic an méid céanna agus a nocht siad.

Bíonn siad ag féachaint siar agus gan ar a gcumas iad féin a shamhlú sa saol a bhí ann ag an am. D’fhéadfadh pictiúr amháin an-chuid den am atá caite a nochtadh dúinn – agus an méid a cheileann daoine orthu féin agus ar a chéile.