An chathaoir

Deascéal é go bhfuil an Rialtas tar éis maoiniú a dhéanamh ar chathaoir le Léann na hÉireann i rialtas Learphoill in onóir do…

Deascéal é go bhfuil an Rialtas tar éis maoiniú a dhéanamh ar chathaoir le Léann na hÉireann i rialtas Learphoill in onóir do Tóiní Blair.

Bíodh gurb ait le daoine nach ndéanfadh siad maoiniú ar an gcuma chéanna ar ghnéithe éagsúla de léann na tíre - mo leithscéal - an oileáin seo in áiteanna abhus. Tá fachta amach ag an gcolún seo go mbeidh cúrsa faoi leith ann a bhfuil 'Tony Blair Studies' air, agus d'éirigh linn spleáchadh a fháil ar chuid dá bhfuil á thairiscint.

Tógaimis mar shampla TB101: An Daonlathas: "Is é atá sa mhodúl seo ná scrúdú ar na slite éagsúla atá ann leis an daonlathas a chur chun cinn i dtíortha faoi leith. Féachfar, go háirithe, ar na bealaí difriúla atá ann le torthaí vótála a chur ó rath. Déanfar mionscagadh ar na straitéisí atá ann le gan aitheantas a thabhairt do rialtas atá tofa le toil an phobail sa chás is nach maith leat an toradh. Beidh ar dhaoine staidéar ar leith a dhéanamh ar chás na Pailistíne chun é seo a léiriú."

(Mar thaithí riachtanach luaitear go bhfuil sárscileanna idirphearsanta, ceannaireachta, cumarsáide agus bladair ag teastáil, agus cleachtadh deich mbliana buamála inmhianaithe.)

READ MORE

Ina dhiaidh sin is fiú súil a chaitheamh ar TB205: An Chogaíocht: "Is é atá sa mhodúl seo eolas leathan ar na cúiseanna a dtéann daoine chun cogaidh. Déanfar áireamh faoi leith ar na tíortha de chuid an oirthir a bhfuil ionsaí déanta orthu ag tíortha an iarthair, agus caithfear formhór an chúrsa ag mioniniúchadh na dtíortha sin de chuid an iarthair a bhfuil gabháltas déanta ag an oirthear orthu. Féachfar, leis, ar an gcoilíniú Arabach ar an mBreatain, ar an bhFrainc, ar an Iodáil agus ar na Stáit Aontaithe, agus cuid lárnach den chúrsa is ea an obair pháirce ag comhaireamh na gcorpán i gcathracha éagsúla de chuid na gcríocha atá i gceist. Déanfar cruinnchomparáid idir líon na ndaoine a maraíodh, mar shampla, in Baghdad agus in Falluja agus an méid a maraíodh in Washington agus in Dallas."

(Mar thaithí riachtanach luaitear go bhfuil sárscileanna idirphearsanta, ceannaireachta, cumarsáide agus bladair ag teastáil, agus cleachtadh deich mbliana buamála inmhianaithe.)

Díol suime, leis, é TB303: An tIonradh: "Is é atá sa mhodúl seo ná scrúdú ar na tíortha ar fiú ionradh a dhéanamh orthu. Grinnfear na toscaí éagsúla eacnamaíochta agus straitéiseacha faoinar fiú armada a chur chun cuain nó aerloingeas a chur os ard. Déanfar iniúchtaí inmheánacha ar láithreáin ola agus breoslaí eile, agus ní dhéanfar dearmad ar reiligiún na ndaoine a ndéanfar ionsaí orthu. Beifear measúil ar an méid a bheidh le rá ag na heaglaisí bunaithe.

"Beidh léachtaí faoi leith ann ar an Iaráin agus ar an tSiria, agus míneofar go soiléir cén fáth gur contúirt don domhan mór iad in ainneoin nach bhfuil ionsaí déanta acu ar thír ar bith eile fós."

(Mar thaithí riachtanach luaitear go bhfuil sárscileanna idirphearsanta, ceannaireachta, cumarsáide agus bladair ag teastáil, agus cleachtadh deich mbliana buamála inmhianaithe.)

Is léir go mbeidh an-éileamh ar TB666: An tSíocháin: "Is é atá sa mhodúl seo mionainilís ar na coinníollacha faoina mbunaítear síocháin idir pobail agus idir tíortha. Beidh ar mhic léinn cláir thaighde a dhearadh, a stiúradh agus a chur i bhfeidhm agus a bheith eolgaiseach ar gach reachtaíocht bheartaithe agus neamhbheartaithe i ndáil le saincheisteanna a d'fhéadfadh a bheith i gceist uair éigin amach anseo. Measfar éifeacht faoi leith beartais éagsúla síochána, go háirithe na feachtais i Meicsiceo 1525, Albain 1745, Tasmania 1825, agus Hiroshima 1945 mar shamplaí, den tsíocháin á cur i réim go héiritheach. Tuigfear go soiléir an gaol gairid idir an caiteachas ar airm agus an dúil sa cheart is sa chothroime."

Mar thaithí riachtanach...

Agus beidh mórán le foghlaim ag ábhair pholaiteoirí as TB113: Cur i Láthair: "Is é atá sa mhodúl seo ná cleachtaí pearsanta ar conas an dáiríre a chur i leaba na gáire. Cuirfear ceachtanna speisialta sainspéise ar fáil ina léireofar conas snag a chur sa scornach, conas moill a dhéanamh sa chaint ag an nóiméad cruinn ceart, conas an frása pobail gan bhrí a nascadh le sluasmaoineamh gan dealramh, conas deoir sa tsúil a sholáthar in áit smuga sa tsróin, conas an folús id chroí a líonadh le focail sa mhaidhc."

Mar thaithí riachtanach...

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar