Úrscéal nua le hAlan Titley

Stíl úr scríbhneoireachta

Bhí oíche mhór i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine nuair a sheol Máire Ní Annracháin leabhar nua Alan Titley, An Bhean Feasa (Cló Iar-Chonnacht).

Tháinig cairde an údair le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar shaothar nua agus, leoga, ar stíl úr scríbhneoireachta a chruthaigh Titley.

Tá aithne mhaith ag léitheoirí an leathanaigh seo ar Titley agus is iomaí sin gradam a bhain sé as a cholún seachtainiúil sa pháipéar seo.

Mar sin féin, is fada i mbun pinn é i réimsí éagsúla na scríbhneoireachta: ábhar scolártha; taighde liteartha; úrscéalta; drámaí agus aistí.

READ MORE

Agus seo anois úrscéal atá scríofa aige i bhfoirm filíochta, an chéad cheann dá leithéid sa Ghaeilge.

Insíonn Titley scéal ‘Goody Glover’, bean Éireannach a cuireadh chun báis ar chúis asarlaíochta agus a crochadh i mBostún Shasana Nua ar 16ú Samhain 1688.

Tagann an duine anuas chugainn sa stair faoin ainm ‘Goody Glover’, bíodh is gurb ainm sclábhaíochta é sin.

Is í an Ghaeilge an teanga a labhair sí sa chúirt, agus is sa triail a cuireadh uirthi is ea a fhaighimid an chéad tagairt don teanga i Meiriceá thuaidh.

Is é atá san úrscéal ná samhlú ar shaol agus ar dhálaí na mná seo idir Bostún, Barbados agus Éirinn féin.