Tuarascáil: d’aimsigh an bhean seo as Baile Átha Cliath fíorchara Corcaíoch

Ní raibh mórán cairde agam agus mé i mo chónaí i dtuaisceart Chathair Chorcaí. Caithfidh go raibh an locht ar mhuintir thuaisceart Chathair Chorcaí, seachas ormsa – chaill siad deis ansin.

An fhadhb le tuaisceart Chathair Chorcaí, dar liomsa, ná go bhfuil sé i bhfad rófhada ó Thír an Iúir. Is Éireannach mé, is Baile Átha Cliathach mé ach thar aon ní eile, Tír an Iúir-each go smior atá ionam.

Bhí mé i mo chónaí in Tivoli ar feadh trí bliana idir 2007 agus 2010. Níor chuidigh sé le cúrsaí go raibh mé ag obair ón mbaile.

Bhí comhghleacaí agus cara amháin agam, áfach. Shuíodh sé in aice liom ar an tolg agus mé i mbun oibre; labhrainn leis faoi mo chuid smaointe uilig.

READ MORE

Ó am go chéile, d’iarrfadh sé orm é a ligint amach le dul ag an leithreas, rud nach ndéanann mo chuid comhghleacaithe in RTÉ, caithfidh mé a rá.

Deireadh daoine liom “urggghhh, tá an francach sin déistineach.” Ach deirinnse leo, “ní francach atá ann. Ní madra é, fiú – is fear beag atá ann faoi chulaith gadhair.”

Bhí mé féin agus mo mhac díreach tar éis bogadh go Tivoli nuair a fuaireamar Rex. Bhíomar beirt in ísle brí – seisean mar go raibh sé ag dul i dtaithí ar scoil nua agus ar chanúint nua nár thuig sé; mise mar go raibh mé i bhfad rófhada ó Thír an Iúir agus ag dul i dtaithí ar bhlas nua nár thuig mé.

“Haigh, ar mhaith leat ceann des na coileáiníní seo don ghasúr?” arsa comharsa de mo chuid ar an eastát tithíochta agus muid ag siúl thar bráid lá amháin.

D’oscail sé doras mór a gharáiste agus bhí na scórtha coileáinín gleoite le feiceáil ag rith timpeall na háite.

“Nach bhfuil an fear seo iontach lách?” a dúirt mé liom féin. “Tuigeann sé go bhfuilimid díreach tar éis bogadh isteach agus go mb’fhéidir go bhfuil uaigneas orainn. B’fhéidir go bhfuilim ag dul i gcion ar mhuintir thuaisceart Chathair Chorcaí tar éis an tsaoil.”

Leis sin, roghnaigh muid coileáinín amháin agus d’imigh muid linn sona sásta. Ní bhfuair mé amach go dtí blianta ina dhiaidh sin gur díoltóir coileáiníní a bhí sa bhfear seo. Níor rith sé liom, fiú, airgead a thabhairt dó.

Bocaire Patterdale a bhí ann – gadhar oibre ó thuaisceart Shasana. Is breá leo siúd a bheith ag rith agus a bheith sa tóir ar fhrancaigh agus ar choiníní.

Bhí Rex i gcónaí ag éalú le dul i mbun dúnmharaithe. Chloisteá na coiníní fiáine ag screadáil sa bpáirc ar chúl an tí. (Bhí mé cineál bródúil as a chumas seilge, caithfidh mé a admháil.)

Ach lá amháin, d’éalaigh sé agus níor tháinig sé ar ais. Bhí na coiníní ciúin sa bpáirc. Rinne mé chuile rud – bhí bileoga ar crochadh ar fud thuaisceart Chathair Chorcaí. Rinne mé na mílte scairt ghutháin. Chuala mé ráflaí go raibh madraí beaga á ngoid sa cheantar ag buíon a bhí bainteach le troideanna madraí.

Chonaic mé Rex beag ag breathnú orm i mo bhrionglóidí gach oíche ag impí orm é a shábháil ó ghialla an tarbh-bhrocaire.

Tar éis ocht mí, shíl mé go mbeadh orm coinne a dhéanamh le comhairleoir méala mar ní raibh aon mhaolú ag teacht ar an bpian. Agus ní raibh aon dul chun cinn á dhéanamh againn sa bhfiosrúchán.

Ach mar tharla sé, ní raibh Rex i ngialla tarbh-bhrocaire – bhí sé i mbarr a shláinte trasna na Laoi i nDúglas i ndeisceart na cathrach. Níl a fhios agam cár fhoghlaim sé a leithéid d’éirí in airde.

Ní chreidfidh tú seo, ach bhí ár gcomharsa – an díoltóir madraí a bhfuaireamar Rex uaidh an chéad lá riamh – ag tiomáint thar bráid i nDúglas lá amháin agus chonaic sé bean ag súil in éindí le Rex.

Léim sé amach as an ngluaisteán. “Ar aimsigh tú an madra sin?” arsa sé.

“Níor aimsigh”, arsa an bhean. “Tá a fhios agam gur aimsigh tú é,” arsa seisean “agus táimse ag rá leat gur le mo chomharsa é. Tá sí ar tí cliseadh néarógach mar gheall ar an madra sin. Mura gcreideann tú mé, ba choir duit é a thabhairt go thréidlia. Tá micrishlis ann.”

Trí lá níos deireanaí, fuaireamar scairt ó thréidlia le rá go raibh Rex aimsithe.

Trí bliana níos deireanaí, tá athruithe móra i mo shaol. Táim ar ais i dTír an Iúir agus tá Rex fós lena “athair” sa teach i gCorcaigh.

Tá Tír an Iúir iontach, ar ndóigh. Agus tá gliondar orm mo sheanchairde a fheiceáil gach lá. Braithim an cara ab fhearr a bhí agam riamh go mór uaim, áfach. Ach a bhuíochas le micrishlis, tá a fhios agam nach i ngialla tarbh-bhrocaire atá sé, ach go bhfuil coiníní beaga ina ghialla siúd ar chúl an tí.