Tráth airdill Ultach

Tá coimhlint fós idir ord agus anord sa Tuaisceart


Bhí na polaiteoirí aontachtacha agus an tOrd Oráisteach in ann síocháin a chinntiú ar an Dóú Lá Déag i mbliana.

Comhlíonadh an dlí cé nár aontaíodh leis. Cor nua é a thug léas dóchais don phobal agus don dá rialtas. Níor mhaolaigh sé imní faoin éidreoir i Stormont agus faoin nguagacht pholaitiúil a ghabhann le diúltú na bpáirtithe aontachtacha do chainteanna ollpháirtí, áfach. Tá daoine ar an aineolas faoi fheachtas “céimnithe” na n-aontachtaithe, dílseoirí agus oráistigh in aghaidh Choimisiún na bParáidí. Cuireadh fáilte roimh an léiriú go raibh ar a gcumas foréigean agus aindlí a sheachaint ach músclaíodh go leor ceisteanna faoina raibh i ndán do Thuaisceart Éireann. Níor mhór don dá rialtas a bheith san airdeall.

Bhí súil ag roinnt go bhféadfaí an tsíocháin ag paráidí a chinntiú go seasta as seo amach ach bhí aimhreas forleathan i bhfianaise na staire.

Bhí súil freisin go mbainfí leas as bua an tSathairn seo caite chun na fadhbanna faoi pharáidí a fhuascailt ar bhonn uileghabhálach. Níor léir áfach go raibh suim ag an DUP agus UUP ina leithéid de phróiseas a thuilleadh tar éis a ndiúltú do mholtaí Richard Haass agus ó shiúil siad amach as cainteanna i Stormont coicís ó shin chun a gcumann pan-aontachtach a fhógairt.

READ MORE

Meas atá á éileamh ag an gcomhghuaillíocht de pháirtithe aontachtacha, dílseoirí agus an tOrd Oráisteach. Meas agus caoinfhulaingt ar a gcultúr máirseála. Beidh siad ag treisiú ar a bhfeachtas sa tréimhse seo romhainn; iad neartaithe, a deir siad mar go raibh an ceiliúradh bliantúil síochánta Dé Sathairn seo caite.

Fuair siad ardmholadh ón Statrúnaí Villiers, ón bpríomhchonstábla nua George Hamilton, ó Choimisiún na bParáidí agus ón bpobal fré chéile mar gur seachnaíodh círéibeacha den tsórt a tharla anuraidh i dtuaisceart Bhéal Feirste.

San áit ar cuireadh tús leis an raic agus réabadh anuraidh, mar go raibh bac ar pharáid sa tráthnóna ag dul thar Ard Eoghain, rinne oifigeach Oráisteach gearán leis an PSNI i mbliana agus d’imigh lucht na máirseála faoi eagar.

Bhí an bóthar oscailte don trácht arís taobh istigh d’uair an chloig. Bua do gach éinne. Fuair áitritheoirí náisiúnacha Ard Eoghain moladh freisin mar gur lig siad an mháirseáil ar maidin thar bráid gan agóid nó trioblóid.

Mhaígh aontachtaithe gur chruthaigh imeachtaí an tSathairn gur cheart an pharáid sa tráthnóna a cheadú.

Mhaígh áitritheoirí gur mhór idir imeachtaí ar maidin agus tráthnóna; dúradar go mbíodh lucht leanúna na paráide ar meisce, maslach agus trodach agus iad ag filleadh tráthnóna.

Tá rogha le déanamh ag gach dream sa chonspóid seo. Sna 1990í, roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta bhí an téarma “cothroime measa” (parity of esteem) lárnach sa dioscúrsa. Níor mhiste aird a tharraingt air in athuair. Má theastaíonn meas ar a gcultúr ó aontachtaithe, dílseoirí, srl, is mithid dóibh é a shaothrú. Is é an scéal céanna é ag a lucht freasúra.

Éilíonn Coimisiún na bParáidí comhchainteanna idir na páirtithe san aighneas ina gceantar féin. Éilíonn sé freisin gur caint shubstaintiúil a dheinfí seachas cur i gcéill ar mhaithe le rialú an choimisiúin a shásamh. Rinneadh leath-iarracht ar idirbheartaíocht maidir le hArd Eoghain i mbliana ach d’éirigh na hOráistigh as agus thairis sin níor shásaigh sé critéir an choimisiúin.

Níl sé soiléir an bhfuil droim láimhe á thabhairt le cainteanna logánta mar chuid d’fheachtas céimnithe na comhghuaillíochta.

Fiosrú faoi chinnithe Choimisiún na bParáidí – faoi Ard Eoghain, go háirithe – an eochair do chéimeanna polaitiúla, is cosúil. Dúirt Peter Robinson go mbeadh ciallachais ag freagra na Breataine maidir leis an bhfiosrú don pholaitíocht sna comhairlí, sa Tionól, i Westminster agus i bParlaimint na hEorpa.

Scor an choimisiúin atá mar chuspóir acu. B’in é a gcuspóir i 2010 nuair a rinne an DUP margadh le Sinn Féin ach gur chlis air faoi bhrú ón Ord Oráisteach.

Bhí sé mar cheann de na haidhmeanna ag cainteanna Haass freisin.

Admhaíodh blianta ó shin nach n-éireodh leo scor an choimisiúin a bhaint amach ar bhonn aontaobhach.

Ní bheadh sé éasca filleadh ar chainteanna ollpháirtí tar éis siúl amach ach níor mhór cuidiú leo chun é a dhéanamh. Sa bhFómhar, b’fhéidir. Obair shamhraidh don dá rialtas atheagraithe a bheith ag machnamh ar phlean tarrthála.