TG4: “Go leor bainte amach ach go leor, leor, fós le déanamh”

Is ar an todhchaí anois atáthar ag díriú

FOCLÓIR: Ardán - platform; spleodrach - lively; tionscal cruthaitheach - creative industry; ré nua - new era; coibhneas - proportional relationship; closamharc - audiovisual; nuálach - innovative; éiceachóras - ecosystem; sclaigeach - potholed.

‘Sílim gur éirigh linn dul i bhfeidhm ar shochaí na tíre le branda TG4 ar bhealach nach raibh aon duine ag súil leis.”

Sin a bhí le rá ag Alan Esslemont, Ardstiúrthóir ar TG4, agus é ag machnamh ar a bhfuil bainte amach ag an stáisiún náisiúnta Gaeilge, agus ceiliúradh 25 bliain ar aerthonnta na tíre ar na bacáin.

Céim stairiúil a bhí ann i saol na Gaeilge nuair a bunaíodh ardán nua closamhairc do theanga dhúchais na tíre le seoladh Teilifís na Gaeilge ar Oíche Shamhna 1996. Tógadh tionscal cruthaitheach Gaeilge nach raibh ann go nuige sin agus cuireadh seirbhís teilifíse ilghnéithí ar fáil don Ghaeltacht agus do phobal na Gaeilge atá ina crann seasta i saol na Gaeilge ó shin i leith.

READ MORE

“Sílim go bhfuil íomhá níos spleodraí, níos tarraingtí ag an nGaeilge go náisiúnta mar gheall ar sin,” a dúirt Esslemont le Tuarascáil.

“Tá go leor bainte amach ach go leor, leor, fós le déanamh.”

Dar ndóigh ní raibh gach aon duine ag súil le ré nua i gcraolachán na tíre nuair a bunaíodh an tseirbhís nua Gaeilge.

A luaithe agus a fógraíodh go raibh sé beartaithe an stáisiún nua a chur ar bun baineadh úsáid as gach leithscéal faoin spéir chun cur ina choinne. Cur amú airgid a bheadh ann! Ó ghéarchéim na ndrugaí go staid na mbóithre sclaigeacha ní raibh ní ar bith beo nár thuill níos mó caiteachas stáit ná stáisiún éigin Gaeilge. Caiteachas gan tairbhe a bheadh ansin!

Ach éalaíonn an t-am go mear, níorbh bhuan do na cáinteoirí agus ligeadh don tionscnamh dul ar aghaidh gan ach corr fhogha á thabhairt faoi.

Tá stádas bainte amach ag TG4 i sochaí na tíre anois agus craoltar réimse leathan clár Gaeilge go tráthrialta atá ar ardchaighdeán.

“An rud is tábhachtaí do TG4 i gcónaí ná an t-ábhar, na cláir agus an lucht féachana,” a dúirt Esslemont.

“Le 25 bliana anuas tá an t-uafás déanta againn”.

Dar ndóigh tá an Ghaeilge ag croí-lár thogra TG4. Ardán atá ann a thugann glór do phobal atá faoi bhrú agus a dhéantar neamhaird air i saol an Bhéarla go ró-mhinic. Ach, nuair a chraoltar tuairisc faoi imeacht éigin sa tír, mar a tharlaíonn go laethúil ar Nuacht TG4, agus nuair a fheictear agallaimh á gcur ar an oiread sin daoine a bhfuil Gaeilge acu, is léiriú é sin go bhfuil pobal labhartha na Gaeilge beo agus bríomhar.

Is fíor nach labhraíonn muintir na hÉireann ar fad Gaeilge gach lá. Ach mealltar líon den phobal sin nach mbeadh mórán teagmhála acu leis an teanga de ghnáth. Mar shampla, ó thaobh na Gaeilge de, ba thalamh bán é an rugbaí go dtí gur thosaigh TG4 á chraoladh le tráchtaireacht i nGaeilge.

Cinnte, is cúis ghearáin é ó am go chéile an méid Béarla a chloistear ar an stáisiún ach táthar ag súil go ligfidh breis acmhainní don stáisiún bheith ina sheirbhís lán-Ghaeilge amach anseo. Agus, is ar an todhchaí atáthar ag díriú anois.

Fís tar éis Covid
Ar nós go leor eile sa tír, spreag an phaindéim deis dianmhachnaimh d'údaráis an stáisiúin agus d'eascair plean nua "Fís tar éis Covid" as an bpróiseas sin.

“I ndáiríre, chuir sé go leor againn ag machnamh ar cén áit a bhfuil an Ghaeilge i súile an Stáit agus cén áit a bhfuil TG4 i súile an Stáit,” a dúirt Esslemont.

Tá sé i gceist leis an bplean go gcuirfear béim ar sholáthar níos cuimsithí don lucht féachana - don óige ach go háirithe - chun cur le hinmharthanacht fhadtéarmach TG4 amach anseo.

“Cuireann ár straitéis nua béim ar réimse clár agus réimse ábhar nach ndearna muid a ndóthain iontu [go dtí seo],” a dúirt ceannasaí TG4. “Tá mé ag cuimhneamh go háirithe ar an aos óg ag leibhéal réamhscoile, bunscoile, meánscoile agus suas go dtí aois 35.”

Tá sé i gceist díriú isteach freisin ar an nuacht agus ar chúrsaí reatha. “Cé go bhfuil ardchaighdeán ar an méid atá ar bun againn faoi láthair, níl ár ndóthain á dhéanamh [maidir le cúrsaí nuachta] agus níl ár ndóthain á dhéanamh sa réimse digiteach.

“Is ansin, ach go háirithe, atá an lucht féachana óg ag fáil a gcuid nuachta,” a dúirt sé.

Ach, cé go mbeidh tacaíocht dhúthrachtach ón Stát de dhíth má táthar chun spriocanna nuálacha an stáisiúin a chomhlíonadh, bheadh luach saothair le fáil ar sin.

De réir mheastachán TG4, tá luach níos mó ná €2 don gheilleagar ar gach €1 a infheistíonn an stáisiún i dtionscail na cruthaitheachta.

Bhí teacht isteach de €40.3m (ca €37m de sin ón stát) ag TG4 anuraidh. Infheistíodh 77 faoin gcéad de sin in ábhar Gaeilge. Caitheadh €25.8m ar sheirbhísí cruthaitheacha agus caitheadh €21m de sin ar chomhlachtaí cruthaitheacha atá lonnaithe sna réigiúin. Tá an stáisiún ar an bpríomhfhoinse mhaoinithe ar earnáil an closamhairc sna réigiúin lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus Cill Mhantáin. Meastar go gcothaíonn TG4 thart ar 420 post san earnáil faoi mar atá agus ceaptar go dtiocfadh fás mór ar seo le hinfheistíocht bhreise.

Chomh maith leis an mbuntáiste a bheadh ann maidir le breis ábhar seirbhíse poiblí i nGaeilge a bheith ar fáil, bheadh buntáiste fostaíochta ann freisin.

“Ceann de na rudaí móra atá muid ag iarraidh a dhéanamh le Fís TG4 tar éis Covid ná infheistíocht a dhéanamh san earnáil agus go bhfeicfidh daoine óga go bhfuil deiseanna ann gur féidir gairm bheatha a bhaint amach a bheadh ag plé le cúrsaí teilifíse,” a dúirt Esslemont.

Cothroime le RTÉ
Fuair TG4 €4.2m de ardú breise sa cháinaisnéis is déanaí ach beidh gá le €9m nó €10m de ardú in aghaidh na bliana idir seo agus 2025 chun 'Fís tar éis Covid' a thabhairt i gcrích.

D’fhágfadh sin go mbeadh maoiniú poiblí de € 78.6m á gcur ar fáil do TG4 faoi 2025.

“Tá muid an-bhuíoch as an airgead breise a fuair muid i mbliana,” a dúirt an t-ardstiúrthóir.

“Beidh muid in ann tús a chur le Fís TG4 tar éis Covid ach dáiríre caithfidh muid dul i dtreo cothroime i bhfad i bhfad níos fearr idir RTÉ agus TG4.”

Agus téann sé sin go dtí cnámh na huillinne maidir le seasamh an stáisiúin i súile an stáit.

“Ba cheart go mbeadh éagsúlacht agus iolrachas sna meáin phoiblí,” a dúirt Esslemont.

“Ní mar sin atá éiceachóras na meán faoi láthair. [I gcomparáid leis an] méid atá ag TG4, tá ar a laghad an méid sin faoi dheich ag RTÉ.

Luann Esslemont na h-acmhainní a fhaigheann S4C sa Bhreatain Bheag. Cuirtear £81.5m de chistí poiblí ar fáil in aghaidh na bliana agus faightear 515 uair a chloig de chláracha ón BBC.

“Is scannal é nach labhraíonn daoine faoin chaoi nach dtugtar tacaíocht go háirithe do phobal labhartha na Gaeilge in Éirinn i gcomparáid le pobal labhartha na Breatnaise sa Bhreatain Bheag.

“Tá muid ag iarraidh an díospóireacht sin a spreagadh. Tá an-jab déanta ag TG4 d’íomhá na Gaeilge go náisiúnta ach tá go leor, leor, eile ag teastáil chun tacú le pobal labhartha na Gaeilge.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.