Sruth na Murascaille agus the Gulf Stream


Ní stopann próiseas sin na foghlama. Síleann tú go bhfuil greim réasúnta agat ar an teanga go dtí go gcluineann tú téarma nua i mBéarla.

Tá mórán cainte déanta ar an dea-aimsir le tamall anuas. Cad é ba chúis léi? Chuala mé tráchtaire amháin ag caint ar “the Gulf Stream”.

“Sruth na Murascaille” a thugann téarma.ie air.

Ach cad is Sruth na Murascaille ann?

READ MORE

Tugann mír ar líne as leabhar Mhatt Hussey, Fréamh an Eolais (Coiscéim), le fios: “Is sruth aigéanach é Sruth na Murascaille, a éiríonn i Murascaill Mheicsiceo, a ritheann thar Florida agus ar feadh cósta thoir na Stát Aontaithe go sriantar é ag Rinn Hatteras.

“Gar do Thalamh an Éisc, casann an sruth cúinne deireanach, agus as sin soir ó thuaidh i dtreo na hÉireann.

“Glaotar Síobadh Mór an Atlantaigh Thuaidh nó Sruth an Atlantaigh Thuaidh air as sin amach. Trasnaíonn Sruth an Atlantaigh Thuaidh seo Aigéan an Atlantaigh Thuaidh, i dtreo iarthar na hEorpa.

“Is píosa den chóras aigéin, a nglaotar Iompú Imshruthú na Mara air, an sruth seo.

“Iarmhairt láidir fhabhrach atá ag Iompú Imshruthú na Mara ar aeráid iarthuaisceart na hEorpa, Éire go háirithe, ionas gur aimsir bhog thais is mó a bhíonn ar iarthar na mór-rinne ...”

Imshruthú?

Tuilleadh focal le cuardach!

Beidh Gaeilge agam – ar an tseachtain seo chugainn!

PÓM