Scannáin, ceisteanna Eorpacha agus siúl sléibhe ar chlár an tSamhraidh

Tagann an Samhradh agus tagann na féilte ina chuideachta.

Ócáid ar leith a bheidh ann i gConamara idir an Aoine 27ú Bealtaine agus an Domhnach 29ú, Bealtaine, nó tá Club Scannán Sailearna ag reáchtáil féile scannán.

Téama ar leith atá ag an fhéile – Scannáin na Réabhlóide. Beidh 23 scannán ar fad le feiceáil agus iad ag plé le himeachtaí réabhlóide agus saoirse anseo agus thar sáile.

Agus 100 bliain den Éirí Amach á chomóradh, beidh míreanna ar leith ann ar stair na hÉireann.

READ MORE

Craolfar Mise Éire (1959), an nuachtscannán staire faoi chúrsaí saoirse; taispeánfar “an chritic radacach fheimineach” Mother Ireland (1988) agus saothar níos comhaimseartha, Eoin Mac Néill: The Forgotten Man of 1916.

Tréimhse iar-réabhlóide na hÉireann is ábhar do shaothar Peter Lennon, Rocky Road to Dublin (1968), scannán a fuair locht ar an tsochaí a tháinig chun cinn faoi cheannas an aosa nua pholaitiúil.

Ag díriú ar streachtail na saoirse san Afraic Thuaidh atá The Battle of Algiers (1966), saothar a léiríonn an deargchogadh a tharla idir an pobal, trodóirí agus rialtas na Fraince le linn don tír sin a neamhspleáchas a bhaint amach.

Tá léiriú drámatúil le fáil sa chomhléiriúchán Rúiseach/Cúbach, Soy Cuba (1964), ar éirí amach mhuintir Chúba in aghaidh na Stát Aontaithe.

Scrúdaíonn The Square (2013), Earrach na nArabach agus imeachtaí Chearnóg Tahrir na hÉigipte agus cuireann Children of the Revolution (2010) síos ar chlann banréabhlóidithe den eite chlé a chuaigh i muinín an fhoréigin sna 1970í.

Lena chois sin, tá saothar eile ann a thugann ábhar machnaimh duit faoin saol in Iaráin i ndiaidh na réabhlóide agus ar chúrsaí polatíochta sa Pholainn.

Eolas: www.clubscannan.ie

Comhdháil Eorpach

Beidh cúrsaí teanga á bplé san Aontas Eorpach ag tús an Mheithimh.

Beidh an feisire parlaiminte Eorpach, Liadh Ní Riada (SF) i mbun chomhdháil lae ar an téama, “Respecting linguistic diversity? Language discrimination in the European Union” Dé Céadaoine, an chéad lá de Mheitheamh, sa Bhruiséil.

Beidh cainteanna ann i nGaeilge, Spáinnis, Catalóinis, Fraincis agus Béarla agus ionadaithe ó Thír na mBascach, an Ungáir, Albain, an Bhreatain Bheag agus eile ann fosta.

Beidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, ag caint ar “Protecting Irish- Language Rights”; beidh an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin ag caint ar “Invisibilising the language minority in policy”.

Tabharfaidh an t-iriseoir ó tuairisc.ie, Maitiú Ó Coimín, caint ar chearta teanga agus cúrsaí cumarsáide.

Féile Shliabh Beatha

Beidh Féile Shliabh Beatha ar siúl i Muineachán idir an Aoine 3ú agus an Domhnach 5ú Meitheamh i mbliana.

Beidh ranganna, cainteanna, ceol, léachtaí agus siúl sléibhe mar chuid den fhéile.

Clár agus eolas le fáil ag cg.muineachan@gmail.com