Sa tóir ar tunes

Albam úr le Louise Mulcahy

Tá aithne ag mórán daoine ar Louise Mulcahy, bean óg a bhfuil clú uirthi as a cumas sa cheol traidisiúnta leis an fheadóg mhór, na píb uilleann agus an fheadóg stáin. Bhí le cluinstin ar albaim roimhe seo lena hathair, Mick, agus a deirfiúr, Michelle agus is minic í ina haoi ar chláir raidió agus teilifíse. Chuir sí an tsraith, Geantraí , i láthair ar TG4 agus ní hiontas é, mar sin, go bhfuil an cumas sin le cluinstin ar a chéad halbam aonair, Tuning the Road (Cló Iar-Chonnacht, €15) agus rogha mhór port ar fáil ann. "A welcome new collection," a thugann Matt Molloy ar Tuning the Road .

Seolfar an t-albam Dé hAoine, 9ú, Bealtaine ag 8pm sa Cobblestone, Sráid an Rí, Smithfield, Baile Átha Cliath 7.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times