Ó Cadhain chun cuimhne

Léacht ar UCD

An scríbhneoir agus foilsitheoir, Darach Ó Scolaí, a thabharfaidh Léacht Uí Chadhain i mbliana. Is é “Cuimhne agus Díchuimhne” teideal a chuid cainte agus beidh sí ar siúl Déardaoin 9ú Deireadh Fómhair i Léachtlann M in Áras Newman, Belfield, UCD, ag 7pm.

Seolfar leabhar nua aistí ar Mháirtín Ó Direáin, Mo Ghnósa Leas an Dáin (An Sagart), arna chur in eagar ag Meidhbhín Ní Úrdail agus Caoimhín Mac Giolla Léith, i ndiaidh na léachta agus beidh dreas cainte agus súimíneachta i seomra foirne an choláiste.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times