Níl olc ar bith agam don taisteal poiblí – is iad an pobal a chuireann soir mé

Ní maith liom sluaite. Ní maith liom a bheith ag fanacht. Ní maith liom daoine. Mar sin, rogha aisteach atá ann go mbím ag taisteal ar Bhus Átha Cliath. Gach uile lá.

Níl aon ghluaisteán agam. Ní thiomáinim. Bíonn daoine ag breathnú orm amhlaidh is dá mbeadh galar orm nuair a admhaím é sin. Ach mo rogha-sa atá ann agus is cuma céard a cheapann aon duine eile.

Ailtéarnacht eile atá i gceist leis an mbus. Tá rialacha ag baint leis. Tá nithe áirithe go gcaithfidh tú dul i dtaithí orthu. Agus go leor rudaí go gcaithfidh tú neamhaird a thabhairt orthu.

Tá córas béasaíochta dá chuid féin ag baint leis an mbus. Mura bhfuil cur amach agat ar an gcóras seo, tá tú i dtrioblóid.

READ MORE

Ar dtús, caithfidh tú a thuigbheáil go bhfuil daoine aosta i gceannas ar an mbus. Is leosan an bus. Tá siadsan ar bhuaic na sibhialtachta seo. Má bhreathnaíonn siad ort, fiú, caithfidh tú bogadh as an mbealach, cuidiú leo lena málaí nó do shuíochán a thabhairt dóibh.

Ach is é an rud is tábhachtaí faoi seo ná gur fútsa atá sé díchódú a dhéanamh ar an rud atá uathu ón tslí go mbreathnaíonn siad ort. Má thagann sé chuig an bpointe go gcaithfidh seanbhean a rá leat, “an dtabharfaidh tú do shuíochán dom?” tarraingeoidh tú náire ort féin. Beidh daoine thart timpeall ort ag tabhairt breithiúnais ort, ag rá leo féin, “nach bithiúnach sotalach í an cailín sin nach dtabharfadh sí cuidiú d’aostach in am an ghátair?”

Go minic, bíonn airm ina seilbh ag daoine aosta chomh maith – scáth báistí, b’fhéidir, nó maidí siúil nó ceann de na málaí siopadóireachta sin ar rothaí. D’fhéadfaidís ceann de na hairm sin a úsáid chun priocadh a thabhairt duit má chuireann tú olc orthu.

Ach caithfidh tú d’iomas a fhorbairt. Caithfidh tú a bheith in ann na daoine seo a aithint go cruinn. Má dhéanann tú tairiscint do shuíochán a thabhairt do dhuine nach bhfuil sa ghrúpa seo go fóill, mo léan ort.

Bíonn go leor daoine aisteacha ag taisteal ar bhusanna chomh maith. Caithfidh tú a bheith in ann na daoine luaineacha seo a aithint ar chéad radharc. Mar shampla, bheadh sé drochmhúinte dá ndiúltófá labhairt le seanfhear atá ag iarraidh comhrá a thosú leat faoin aimsir. Ach...níl tú ag iarraidh a bheith sáinnithe le gealt atá ag labhairt os ard faoi “líon na ndaoine gorma” atá anois ag cur fúthu in Éirinn.

Is áit aisteach é an bus; áit thar a bheith poiblí is ea é, ach ag an am céanna, ceapann daoine go bhfuil siad caillte sna sluaite agus go bhfuil príobháideachas acu dá bharr. Bíonn mná ag cur smididh orthu féin ar maidin, ag déanamh na n-aghaideanna aisteacha sin uilig a dhéanann mná agus iad ag cur mascára agus béaldatha orthu féin.

Labhraíonn daoine faoi rudaí an-phearsanta ar fad ar a bhfón. Ach is cuma céard a dhéanann siad, caithfidh tusa a thabhairt le fios nach bhfuil tú ag tabhairt rud ar bith fé ndeara. Má bhíonn tú ag stánadh ar dhuine ar an mbus, ceapfaidh sé gur gealt atá ionat. Botún mór atá ann.

Thuas staighre, domhan eile ar fad atá ann. Níl sé inghlactha suí ansin ach amháin ar maidin agus an bus plódaithe. Suíonn daoine normálta ansin agus iad ag taisteal ar obair ar maidin. Tá tú sábháilte go leor mar ní bhíonn daoine atá tugtha do shubstaintí ina suí ag a hocht a chlog ar maidin, de ghnáth. Tá tú ag dul go mór sa seans ag aon am eile sa lá.

Bíonn an iomarca páistí thíos staighre. Ba chóir dóibh cosc a chur ar pháistí faoi aois na bunscoile. Cuirtear strus agus brú ar gach duine atá ag iarraidh cuidiú le mná agus iad ag iarraidh pramanna a ionramháil isteach sa bhus.

Ansin, déanann páiste beag iarracht a bábóg a thaispeáint duit. Níl aon éalú anseo....tá sé riachtanach go léireoidh tú spéis iontu.

Má thugann tú neamhaird ar pháiste, ceapfaidh daoine gur drochdhuine atá ionat agus tabharfaidh an mháthair íde béil duit. Tá mé cinnte faoi seo mar gur tharla sé domsa.

An rud ab fhearr a d’fhéadfá a dhéanamh sula dtéann tú ar an mbus ná cúpla gloine a shlogadh siar roimh ré chun go mbeidh cosaint agat ar an uafás atá le titim amach thar timpeall ort.

Ach mura bhfuil sé sin indéanta sula dtéann tú ar obair, ba chóir duit cinneadh a dhéanamh siamsaíocht a bhaint as agus taitneamh a bhaint as an ailtéarnacht.