Leabhar nua faoi Chú Chulainn le seoladh in Ard Mhacha

Seolfaidh An tOllamh Séamus Mac Mathúna Laoch na Laochra – Scéal Chú Chulainn le Réamonn Ó Ciaráin agus Dara Vallely in Ionad Eamhain Mhacha, Ard Mhacha, amárach, 19ú Samhain, ag 7.30pm.

Insíonn Réamonn Ó Ciaráin scéal Chú Chulainn as an nua agus tá léaráidí le Dara Vallely, ealaíontóir, ann fosta.

Is ó chorpas na Rúraíochta a roghnaítear na scéalta agus cuirtear síos ar scéal Chú Chulainn ó bhreith go bás.

Chloígh an t-údar le canúint Chúige Uladh sna scéalta agus tá réamhscéalta na Tána agus Táin Bó Cuailgne ann fosta. Tá 280 leathanach, lán daite sa saothar ar fad agus é sin faoi chlúdach crua.

READ MORE

De bhunadh Ard Mhacha an t-údar agus an t-ealaíontóir beirt agus dáimh ar leith acu leis an traidisiún dá bharr sin.

Chonacthas don bheirt gur shiombail chumhachtach é Cú Chulainn den chrógacht, den dílseacht, d’ealaíontacht na troda, den áilleacht agus d’éirim intinne. Creideann siad gur spreag spiorad Chú Chulainn laochra, réabhlóidithe, lucht éigse, lucht spóirt agus ceannairí le breis agus 1,000 bliain in Éirinn.

Cuireann lucht an leabhair fáilte roimh an phobal ach teagmháil a dhéanamh leo roimh ré.

Eolas: reamonn@gael-linn.net