Imní ar phobal na Rosann faoi fheirmeacha oisrí

Tá pobal i nGaeltacht Íochtair na Rosann in achrann le Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi mhéadú atá le teacht ar fheirmeacha oisrí sa cheantar.

Cheadaigh an Roinn ceithre cheadúnas le feirmeacha oisrí a fhorbairt sa réigiún ar na mallaibh.

Creideann mórán den phobal áitiúil go mbeidh de thoradh ar chinneadh seo na Roinne go mbeidh feirmeacha oisrí ag clúdach beagnach 100 acra den trá idir Rann na Feirste, an Bhráid agus an Charraig Fhinn. Tá imní orthu go ndéanfar dochar d’áilleacht an cheantair, ceantar atá aitheanta mar Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta, agus do chúrsaí turasóireachta.

Tá Coiste Timpeallachta an Ghaoith bunaithe le cás an phobail a chur chun cinn. Tá an coiste ag reáchtáil dhá imeacht ag deireadh seachtaine na Cásca lena mbuairt faoin tionscnamh a phoibliú.

READ MORE

Beidh ‘siúlóid agóide’ ar siúl Dé Sathairn 15ú Aibreán ag 3pm. Is é dóchas an choiste go mbaileoidh daoine ar thaobh na Bráda agus ar thaobh Rann na Feirste le siúl suas an trá agus isteach go hAnagaire.

Lena chois sin, beidh coirmcheoil in Áislann Rann na Feirste Luan Cásca, 17ú Aibreán, ag 8pm.

Glacfaidh Dónal Lunny, Paddy Glackin, Mairéad Ní Mhaonaigh, Moya Ní Bhraonáin, Mairéad Ní Dhomhnaill, Caitríona Ní Dhomhnaill, Mánus Lunny, Connie Mhary Mhicí, Emma Ní Fhíoruisce agus Clann Mhic Ruairí páirt ann.