Gaeil an ghrinn le bheith i mBéal Feirste

Beidh Gaeilgeoirí an ghrinn, GaelGÁIRÍ, ag cur seó ar siúl i mBéal Feirste den chéad uair riamh Dé Máirt, 4ú Lúnasa, ag 8pm.

Ina measc siúd a bheidh ag iarraidh gáire a mhealladh as béala Feirsteacha, beidh Michael Mee, Seán T. Ó Meallaigh agus Pato, Ger Staunton. Is í Aideen McQueen a bheidh i mbun chúraimí mar bhean an tí.

Beidh bunadh barrúil Bhéal Feirste ann fosta agus Paddy McDonnell ina measc.

Is i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich a bheidh an ócáid. £3 atá ar na ticéid.

READ MORE

Lena chois sin, tá líon beag áiteanna ar fáil do cheardlann ghrinn a bheidh ar siúl i rith an lae acu. eolas: gaelgairi@gmail.com

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times