Fear cathrach faiteach roimh an bhás

Bíodh is go bhfuil cónaí orm faoin tuaith le fada, is fear cathrach i gcónaí mé; bím faiteach roimh an bhás.

Chonaic mé iora glas cois an bhealaigh mhóir agus mé amuigh ag rothaíocht. Shíl mé nár mhothaigh an t-iora mé nó d’fhan sé san áit a raibh sé.

De ghnáth, a luaithe agus a mhothaíonn an t-iora thú, imíonn sé leis i dtreo an chrainn is deise dó. Bhí mé ag déanamh go raibh an rothar chomh ciúin sin nach dtiocfadh leis mé a chluinstin.

Bhí sé go fóill ann agus mé ag pilleadh abhaile tamall ina dhiaidh sin; san áit chéanna. Stad mé an rothar agus mé cinnte de go n-imeodh sé de gheit a luaithe agus a tháinig mé i ndeas dó. Níor chorraigh sé ach stán orm de réir mar a dhruid mé leis.

READ MORE

Ba léir cad chuige nach gcorródh sé; bhí a chosa deiridh gan mhaith. Níl a fhios agam cad é a tháinig air – an amhlaidh gur bhuail carr é nó, rud is iontaí arís, an amhlaidh go bhfuair an domhantarraingt an lámh in uachtar air?

Ní raibh loit nó fuil de chineál ar bith le feiceáil air ach bhí na cosa deiridh gan chorraí.

Scanraigh sé romham agus rinne iarracht imeacht isteach san fhéar cois claí. An méid sin féin ní thiocfadh leis a dhéanamh; ghluais na crúba tosaigh ach ní raibh siad cumhachtach go leor lena bhogadh oiread agus orlach. Bhí deireadh lena ré idir na duilleoga, mheas mé.

Bóthar uaigneach tuaithe a bhí ann. Mharódh fear ceart tuaithe é, a smaointigh mé. Ach, ar ndóigh, ní raibh sé de chroí ionam sin a dhéanamh – agus ní raibh an t-eolas agam lena dhéanamh mar ba cheart.

Thóg mé é – agus lig sé scread as féin. D’fhág mé, go cúramach, faoi bhun fáil é, é faoi cheilt. B’fhéidir gur tháinig sé chuige féin.

Nó b’fhéidir gurbh é an sionnach nó an cat a thug a bhás sa deireadh.

I bhfad ó bhás – den chineál sin – a tógadh mé.

PÓL Ó MUIRÍ

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times