Dúichí leathdhearmadta na hEorpa

Tagann athrú ar theorainneacha na hEorpa an t-am uilig


Ní leabhar nua é Vanished Kingdoms: the history of half-forgotten Europe (Penguin) le Norman Davies ná ní seanleabhar é ach an oiread. Tá nod sa teideal faoi chuspóir an leabhair – cuireann Davies síos, i sraith aistí thar a bheith spéisiúil, ar ríochtaí, ar thíortha, ar dhúichí a bhí le fáil ar léarscáil na hEorpa lá den tsaol agus atá anois imithe.

Imithe den léarscáil, gan amhras, ach maireann rian de chineál inteacht dá stair go fóill – i dteangacha nó i logainmneacha nó i gcleachtas cultúir de chineál inteacht.

Aimsíonn Davies, staraí mór le rá, na taisí agus leanann sé siar iad leis an dúiche leathdhearmadta a athchruthú agus a chur os do chomhair arís.

Tá na hÉireannaigh ann. Tá siad sa chaibidil ar Alt Clud, ríocht a mhair in Albain idir an cúigiú agus an 12ú haois.

READ MORE

Tháinig Éireannaigh as Dál Riada, tuath sin thuaisceart Aontroma, anall Sruth na Maoile agus bhí meascán mearaí de chiníocha i gcoimhlint le chéile faoi Alt Clud sula ndearnadh Alba den tír ar fad.

Tuigeann Davies an nasc láidir a bhí idir Éirinn agus Albain, nasc a bunaíodh i bhfad roimh Phlandáil Uladh, nasc a bhain le daoine a raibh an teanga chéanna acu an t-am sin, teanga arb ann di go fóill, más ar éigean é: “Even so, the long-term prospects for the Gaelic world are precarious. Both in Ireland and in Scotland it still stands only one step from annihilation.”

Ní tagairtí fánacha amháin a dhéanann sé d’Éirinn; tá caibidil ar leith ar Éirinn sa lá atá inniu: “Éire: the unconscionable tempo of the Crown’s retreat since 1916.” Tá an méid atá le rá aige spéisiúil – bíodh is go léiríonn sé an sean-nath sin nach mbíonn saoi gan locht.

Tugann sé le fios go bhfuil Cnoc Mhuire i nGaillimh agus níl a fhios agam an mbeadh gach duine ag teacht lena thuairim gur “activist” i gluaiseacht na gceart sibhialta, NICRA, a bhí in uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams.

Mar sin féin, mionbhotúin bheaga iad sin i gcomparáid leis an tarngaireacht a dhéanann sé sa leabhar, leabhar a foilsíodh sa bhliain 2011, blianta roimh Bhreatimeacht: "That the United Kingdom will collapse is a foregone conclusion. Sooner or later all states do collapse, and ramshackle, asymmetric dynastic amalgamations are more vulnerable than cohesive nation-states. Only the 'how' and the 'when' are mysteries of the future." (Leis-sean an bhéim.)

Ar íoróin an tsaoil, thiocfadh leat a rá go bhfuil an titim as a chéile sin ag tarlú de bharr go bhfacthas do mhórán vótóirí sa Bhreatain – lucht tacaíochta an náisiúnstáit – gur “ramshackle, asymmetric dynastic amalgamation” a bhí san Aontas Eorpach agus gur shocraigh siad gurbh fhearr leo bheith saor agus Sasanach!

(Do bharúil – Dia idir sinn agus gach olc – an iad na Sasanaigh na fíor-reibiliúnaithe, an dream a roghnaigh neamhspleáchas thar ní ar bith eile? Vótáil pobal an Stáit seo in éadan chonarthaí de chuid an Aontais Eorpaigh sular éirigh siad eaglach roimh dhímheas na Bruiséile agus vótáil ar a son an dara huair. An fearr leis an Éireannach daoirse agus deontas ná saoirse agus sacán?)

Agus an tuairimíocht – an histéire? – faoi theorainn ‘chrua’ in Éirinn, b’fhéidir nár mhiste do dhaoine machnamh a dhéanamh ar leabhar Davies? Léiríonn sé gur tháinig athrú ar leagan amach polaitiúil agus cultúrtha na hEorpa arís agus arís agus arís eile.

Tosaíonn leabhar Davies le ríocht na Viseagothach sa Fhrainc sa bhliain 418 AD agus tagann a thuras chun críche le titim an Aontais Shóivéadaigh sa bhliain 1991. Tháinig na mílte dúiche chun cinn le linn an ama sin. Cuirfidh an liosta de ríthe, de thaoisighagus de cheannairí mearbhall ort. Mhair siad agus d’éag siad. D’fhág roinnt acu ealaín ina ndiaidh agus d’fhág cuid mhór acu corpáin.

(An chéad uair eile atá tú ag mothú cineál brónach faoi stair na hÉireann le 100 bliain anuas, léigh an aiste atá ag Davies ar phobal na hEastóine agus ar fhulaing siad faoi réimeas Hitler agus Stalin. Tá mé ag rá leat go n-aibeoidh do dhearcadh ar an stair go tapa.)

Is fíric í go raibh teorainneacha riamh san Eoraip agus is fíric í gur tháinig athrú orthu. Tháinig an t-athrú sin de thaisme, d'aon turas, de láimh láidir, de phósadh, de chonradh. Bhí ionraí, imirce, cogaí, cathanna agus caint ann. Tháinig fás agus forbairt ar dhúichí agus d'éag siad diaidh ar ndiaidh: "Sooner or later all states do collapse..."

Tá athrú le teacht ar theorainneacha an Aontais Eorpaigh. Is gá agus is ceart an t-athrú sin a phlé go ciallmhar. Ach ná bíodh eagla ort – níl Geingeas Cán ná a shluaite chugat ná ní bheidh póilíní rúnda marfacha Stailín do do thógáil den tsráid agus anbhás a thabhairt ort.

Tá athrú le teacht ar theorainneacha an Aontais Eorpaigh. Tagann athrú ar theorainneacha na hEorpa an t-am uilig. Tá alt breise Gaeilge le fáil ar líne ag www.irishtimes.com/culture/treibh