Comórtas Clár Raidió 1916 ag RnaG do scoileanna

€1,000 ar fáil do lucht scoile

Tá RTÉ RnaG i mbun comórtas clár raidió do scoileanna mar chuid den chomóradh atá beartaithe acu ar 100 bliain Éirí Amach na Cásca ar an bhliain seo chugainn.

Tá dhá chéim leis an chomórtas. Tugtar cuireadh do scoileanna dara leibhéal ar fud na hÉireann, thuaidh agus theas, moltaí a chur isteach do chlár raidió 30 nóiméad, i nGaeilge, ar théama Éirí Amach na Cásca 1916.

Tá na moltóirí ar lorg cláracha a bhfuil samhlaíocht agus nuálaíocht ag baint leo.

Roghnófar na cúig iarratas is fearr agus cuirfear léiritheoir raidió ag obair leis na scoileanna sin leis na cláracha a chur i dtoll a chéile.

READ MORE

Craolfar iad ar RTÉ Raidió na Gaeltachta san Earrach agus tá duais €1,000 ann don chlár is fearr. Is é an Luan 7ú Nollaig an spriocdháta.

Creideann lucht an stáisiúin gur deis iontach atá sa chomórtas do lucht scoile foghlaim faoin Éirí Amach agus an tionchar a bhí aige ar Éirinn le 100 bliain anuas. Eolas: www.rte.ie/rnag/comortas2016