Cath ollmhór caide i bPáirc na nGael

Ceiliúradh Chiarraí; cliseadh Mhaigh Eo


Chonaic mé cath ollmhór i bPáirc na nGael Dé Sathairn. Scéin orainn in aghaidh na gréine ar dtús, agus ansin, de réir mar a bhí an dorchadas ag druidim ón taobh thoir den tSionainn, bhí na spéaclaí gréine á gcur ar leataobh agus soilse na páirce á lasadh. An radharc a d’fhan liom? Muintir Chiarraí ag ceiliúradh mar a bheadh corn na Mumhan acu, fad is a bhí James Horan ag siúl isteach sa tollán. É tugtha, folamh. Bhí athrú san aer.

Cé go raibh tuairim againn, agus an ghrian ag dul faoi i Luimneach, go raibh sí ag luí ar thréimhse James Horan chomh maith, níor ceapadh go mbeadh sé chomh scafánta agus a bhí. Sula raibh Baile an Daighin sroichte ag lucht tacaíochta Mhaigh Eo bhí tús leis an tórramh.

Sáinnithe sa trácht, taobh amuigh de Ghort Inse Guaire a bhí mé, nuair a chuala mé go raibh sé imithe. Ceithre bliana, agus cé go raibh laethanta iontacha aige, fós ní raibh tada aige de bharr a chuid oibre.

Dúirt sé go gcaithfeadh na himreoirí ceacht eile a fhoghlaim, é a chur leis na ceachtanna eile a fuarthas le blianta, le go mbeadh siad in ann teacht ar ais an bhliain seo chugainn.

READ MORE

Tar éis dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann faoi dhó le trí bliana, agus athimirt le ham breise i mbliana, an mbeidh an grúpa imreoirí seo in ann ag an dúshlán arís nó an mbeidh bunchloch iomlán nua le leagan i Maigh Eo?

Tá chuile ní a chuaigh ina n-aghaidh pléite – ag brath an iomarca ar Cillian O’Connor; easpa teanntosaíochta, cosa troma i gcoinne bhinse láidir fuinniúil Fitzmaurice agus, ar ndóigh, an diabhal de mhallacht sin a chinntíonn a gcliseadh!

Agus an seastán ag folmhú, chonaic mé fear amháin ina sheasamh leis féin ag breathnú síos ar chuid de lucht tacaíochta na Ríochta a bhí fós ag rince ar an bpáirc. Kevin McStay.

Meas tú an raibh sé ag samhlú na caoi a mhothódh seisean in áit Horan?

Bhí athrú scéil i ndán i bPáirc an Chrócaigh chomh maith. Thug geáitsíocht Paul Durcan idir na cuaillí nuair a stop sé Diarmuid Connolly ag déanamh ar an eangach, ag tréimhse an-chinniúnach sa chluiche, léargas dúinn ar chlisteacht Dhún na nGall. Dá mbeadh sí faighte ag Connolly, bheadh Baile Átha Cliath seacht gcúilín chun cinn agus is dóigh go mbeadh muid fós ag tuar ceannasaíocht iomlán Bhaile Átha Cliath. Cén fáth nach mbeadh agus imreoirí iontacha acu, chomh maith le hacmhainn den scoth agus an maoiniú atá acu? Tá a fhios againn uilig faoin airgead atá acu, luaitear €4 milliún d’urraíocht ó AIG amháin, más fíor.

Thug mé suntas don méid a dúirt Jim McGuinness tar éis an chluiche. Luaigh sé turas foirne i gCill Dara an tseachtain seo caite. Cúig lá de dhiantraenáil agus oibre i dTeach Bhaile Eoin. Dúirt sé go raibh orthu féin an costas a sheasamh. Ní théann siad ar thóir airgid ó bhord an chontae, a deir sé. Luaigh sé na deacrachtaí a bhain leis seo, ach go rabhadar ag iarraidh a bheith ag an leibhéal céanna lena gcéilí comhraic, cé go raibh srianta buiséid orthu. Tá Dún na nGall anois ag an leibhéal is airde. Imreoidh siad Ciarraí sa chluiche ceannais den chéad uair riamh. Caibidil nua eile i leabhar CLG. Cosán Connolly Bhí deis agam cuid den 100,000 coiscéim do Chormac a shiúl i gcuideachta iarchaptaen na Gaillimhe, Joe Connolly, le déanaí. Siúlóid trí lá thar timpeall paróistí éagsúla i gcontae na Gaillimhe a d'eagraigh sé i gcuimhne a nia, Cormac Connolly, a bhásaigh de bharr ailse i 2011. Ní raibh Cormac ach 24 bliain d'aois. Ag bailiú airgid do Pieta House a bhí Joe de bharr na cabhrach a thugann siad do dhaoine, fir óga ach go háirithe, atá ag fulaingt.

Bhíodar i bparóiste Chill Chríost, áit a bhfuil Cumann Naomh Tomás, a ghnóthaigh craobh na gclub anuraidh lonnaithe. Chonaic mé an pobal ansin, iománaithe Naomh Tomás agus iar-iománaithe cosúil leis an gcúlbáire Peter Murphy a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann i 1985, amuigh faoin mbáisteach, ag tacú leis an togra.

Oíche Shathairn seo caite, bhí os cionn 60 iarchaptaen iomána agus peile ó cheann ceann na tíre cruinnithe le chéile ag Ráschúrsa Bhaile an Bhriota aige, an chéad uair riamh an méid sin acu in aon áit amháin. Tá Joe Connolly ag iarraidh €100,000 a chruinniú don chumann carthannachta. 34 bliain ó shin a bheannaigh Joe Connolly do mhuintir na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh, éacht eile bainte amach anois aige.