Cás na Gaeilge faoi scrúdú thiar agus thoir

Spéis ag daoine taobh amuigh d’Éirinn i gcúrsaí teanga


Tá mórán ráite agus scríofa faoi thuarascáil Chonchúir Uí Ghiollagáin agus Martin Charlton, Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2006-2011, ó foilsíodh Dé hAoine í.

Thug an staidéar le fios go raibh an Ghaeilge sa Ghaeltacht á creimeadh níos gaiste ná mar a tuigeadh; go raibh, a bheag nó a mhór, deich mbliana fágtha ag an teanga mar theanga cheannasach pobail.

Ní nach ionadh agus cáipéis chomh tábhachtach faoi chaibidil, bhí mórán le rá ag daoine. Thuig Údarás na Gaeltachta go raibh dúshláin le haimsiú i measc na bhfigiúirí; dúirt an conradh gur cheart gníomhú; dúirt Liadh Ní Riada (SF) go raibh sé “náireach” go raibh cúrsaí chomh holc sa Ghaeltacht agus a bhí.

Aon fhocal amháin a chuaigh i bhfeidhm ar an iriseoir seo. Bhain údair na tuarascála úsáid as an fhocal “gnáthóg” agus iad ag cur síos ar chliabhán dúchasach na Gaeilge. Is cuí an focal é. Cuireann sé rud beo i gcuimhne duit; rud atá le cosaint agus le caomhnú.

READ MORE

An dtuigeann muid gur mór le daoine eile an cúram a dhéanann muid den ghnáthóg seo, den chosaint agus den chaomhnú? Scríobh an t-úrscéalaí Seapánach, Minae Mizumura, leabhar tamall de bhlianta ó shin ina teanga dhúchais féin. Aistríodh an leabhar go Béarla i mbliana mar The Fall of Language in the Age of English.

Creid é nó ná creid, tá sliocht beag aici faoi chúrsaí Gaeilge. Deir sí nach bhfuil a fhios ag mórán daoine “that Ireland’s first official language today is not English but Irish Gaelic” agus, bíodh is go mbaineann pobal na hÉireann úsáid as an Bhéarla, tá bród orthu as an Ghaeilge: “In 2007, they even succeeded in registering Irish Gaelic as an official EU language. The Irish people’s proud embrace of Gaelic has its roots in the country’s centuries-long virtual colonisation by Great Britain, resulting in not only the tyranny of English rule but also forced use of the English language.”

Scríobhann sí gur cuid tábhachtach de pholasaí an Stáit é athbheochan na Gaeilge; go mbíonn cáipéisí Rialtais ar fáil sa dá theanga, go bhfuil borradh faoin teanga de bharr í a bheith éigeantach sa chóras oideachais agus gurb é cuspóir na hÉireann náisiún dátheangach a chruthú.

Scríobhann sí mar fhocal scoir: “Indeed, Ireland’s policy of protecting its own language is among the most enviable in the world; it is akin to someone who lives in a sumptuous palace putting up a shack with a thatched roof on the grounds in order to enjoy a bit of rustic life.”

Cinnte, tá cuid den chur síos i sliocht Mizumura garbh go maith. Ach nach uirthi atá an bród go bhfuil iarracht ar siúl an Ghaeilge a choinneáil beo, gurbh fhiú d’údar sa domhan thoir buille faoi thuairim a thabhairt faoin cheist?

Tuigeann sí luach teanga agus is ábhar mór imní di an dochar atá an Béarla anois á dhéanamh do theangacha eile an domhain.

An dtuigeann mórán daoine in Éirinn go bhfuil imní ar chuid mhór cainteoirí theangacha domhanda faoi thionchar an Bhéarla?

I bhfianaise na tuairisce seo, cad é a déarfadh siad anois faoin ghnáthóg seo againn féin?

PÓL Ó MUIRÍ