Bainne glas na heasóige

Ach, a mhac go deo, na miotais a théann le poitín!


Le hais scaitheamh de bhlianta ó shin is beag a chluintear an lá atá inniu ann faoi theachíní stileach ná faoi theachíní átha.

An t-údar atá leis sin, ar ndóigh, ná go bhfuil an déantús lena gcleanglaítí iad maolaithe go mór, agus an méid de atá á dhéanamh is ar mhodh difriúil é ar an mórgóir.

Mar sin b’iontas liom nuair a spáineadh teachín átha nuadhéanta ar na mallaibh dom. Agus, seachas fadó, is teachín buan é seo tógtha as blocanna stroighne agus ceann nua-aoiseach air.

Ar ndóigh, murab ionann is an teachín stileach, ní raibh an teachín átha in éadan an dlí, cé amanta gur baineadh feidhm freisin as ionad an teachín átha i gcoinne na stiléireachta.

READ MORE

An teachín átha, ar ndóigh, is le haghaidh cruachan arbhair a bhaintear úsáid as. Is iondúil gur cruth ciorclach a bhíonn air, tógtha as clocha, ceann easrach air.

Ina lár, ansin, cuirtear maidí trasna agus brait mar chlúdach anuas orthu; gur ar an urlár brat sin a leagtar an t-arbhar. Go mbíonn tóchar tolláin ag síneadh amach ó chlaí an teachín, agus go lastar tine ag a bhéal amuigh.

An teas a dhul isteach atá ag teastáil, ar ndóigh, agus go síothlóidh sé suas tríd na brait d’fhonn an grán thuas a chruachan go maith, ach gan a loisceadh.

Chaithfí a bheith ag casadh is ag iompú an ghráin ar feadh an achair le cinntiú na gráinní uilig a bheith ar aon triomacht.

Gur mheas mé féin an sclábhaíocht oibre údan a bheith caite i gcártaí ó tosaíodh ar mhin a cheannach, ach an seanstiléara seo gur dhúirt sé, agus gur chruthaigh sé dom, nach amhlaidh dó féin.

“Déanaim an grán a bhraicheadh ar an seanmhodh i gcónaí,” ar sé, “agus a chruachan ach faghaim fear lena mheilt.”

Deireann sé nár bhain sé féin feidhm riamh as an mbró láimhe ná as breacaire.

Le linn m’óigese bhí déantús an phoitín láidir i gceantracha na gcnoc i ndeas dom, agus i mbólaí na Coirbe. Bhí bailte ar leith nach samhlófá tada eile leo, iad chomh dearóil, a déarfá, nach mairfidís dá gcuirfí deireadh lena mbainne glas.

Nuair a bhí an tionscal údan ina shea ba é Doire Thoirc, atá tréigthe anois, an lárionad; na bailte Sliabh an Aonaigh, Tulach na nUan, Poll, Buaile Uisce, Ard-Doiriú, Leitir, Leitir Meas, Eagúil, Suí Con, Fionnán, ina thimpeall. Ceárta i gcoinne oirnéisí poitín i nDoire Thoirc. Péisteacha Péisteacha á ndéanamh is á ndeisiú; bairillí, breacairí, dabhcha. An gabha é féin ar na príomhstiléirí go deimhin, agus é mar bháille ar na lochanna máguaird chomh maith céanna; agus ní haon áibhéil go mba mhó de bhradáin a phóitseáil sé féin ná aon ghadaí eile.

Íorónta go maith is dream cultais a chuir fúthu ar feadh píosa tigh an fhir ildánaigh údan nuair a fágadh bánaithe ar ball é. Ní móide gur shionagóg nó mosc a bhí acu ann mar gur chrochadar crois adhmaid, atá ansin fós, ar bhinn na ceártan.

Ina leabhar, Cois Fharraige le mo Linnse, ina bhfuil caibidil bhreá ar an bpoitín aige, scríobh Seán Ó Conaola gur ó dhaoine muinteartha leis i dTulach na nUan a fuair sé a chuid eolais.

Chluininn Aodh Mac Dhubháin, ar léachtóir le Gaeilge i gColáiste Dhún Céirí é ach a rugadh i nGarumna i gConamara, ag rá go ndeachaigh sé féin thar trí theachín stileach chuile mhaidin ag triall chun na scoile náisiúnta dó.

I bpoll dearglaoich sa sliabh ba ghnách an trealamh poitín a chur nuair nach mbítí á úsáid, arae ba shábháilte ansin é agus dheamhan a dtáinig aon mheirg air. Is amhlaidh a sciúrann an t-ábhar san uisce sin an miotal.

Ach, a mhac go deo, na miotais a théann le poitín! An chaoi a gceaptar – go háirid acu seo nár bhlais riamh de – an biotáille seo a bheith chomh láidir!

Daoine ag maíomh céad faoin gcéad nó os a chionn de phrofa alcóil a bheith ann, go mbainfí an anáil asat agus go bhfeannfaí seicin do scornaí! An stiléara gnaíúil ní gnás leis a dhéantús a bheith mórán níos láidre ná fuisce an tsiopa: 40 faoin gcéad nó beagán lena chois sin.

Ar ndóigh, má óltar tús an phota tá sé níos spreacúla ná sin.

Ach is annamh a ligeas stiléara sin uaidh mar go gcaithfidh sé é a mheascadh leis an gcuid eile d’fhonn brí shásúil a bheith san iarracht ar fad.

“Is maith an rud poitín sa tír seo/Íocann sé cíos is poor law...”

Is cinnte, ámh, go ndearna bainne na heasóige dochar chomh maith le maitheas.