Artúr – mo gheezer mear!

Nach iontach go bhfuil greim ag an mhiotaseolaíocht orainn go fóill?


Ní raibh mé ag súil le mórán as scannán nua, Guy Ritchie, King Arthur: legend of the sword. Ní stiúrthóir é Ritchie a luafá an focal 'fíneálta' leis. Bhí an cruthúnas sin le fáil sa dá scannán a rinne sé ar Sherlock Holmes le Robert Downey Jr. Bhain siad, go teoiriciúil, leis an bhleachtaire is clúití ar domhan ach is beag den Sherlock Holmes stairiúil a chruthaigh Arthur Conan Doyle a tháinig slán. In áit an bhleachtaire, fuair muid an trodaí.

Is lú arís an t-eolas atá ag daoine ar an Rí Artúr. Carachtar as an mhiotaseolaíocht atá ann, a mhair, b’fhéidir, sa chúigiú haois, áit éigean sa Bhreatain. Tá mórchuid finscéalta faoi Artúr agus gannchuid fíricí. Ní bheifeá ag súil le scannán cruinn ‘stairiúil’ air mar sin de – nó, ar a laghad, scannán a shíl tú a bheith stairiúil.

Mar sin féin, tá eagla orm go gcuirfidh scannán Ritchie mórán scoláirí ar mire – nó is Cocnaí é Artúr sa leagan seo. Sea, a ghobharnóir, fear as East End Londaaaaaan é, mo gheezer mear!

Lena chois sin, ar nós gach eile scannán mór-eachtraíochta, ní bhacann Ritchie mórán le plota. An scéal? Cumhacht. Claíomh. Cogadh. Sin uilig. Tá gimicí speisialta agus aicsean gáifeach ann. Tá rud amháin le moladh faoin scannán – tá fuaimrian an-bhreá ag dul leis. I ndáiríre!

READ MORE

Is é is spéisiúla faoin scéal go bhfuil Artúr le feiceáil ar an scáileán arís. Nach ar lucht déanta scannán Shasana agus Mheiriceá atá an t-ádh go bhfuil a leithéid de charachtar ann le cur os comhair an phobail arís agus arís eile? Abair na focail “An Rí Artúr” os ard agus aithneoidh mórán gach duine beo cé atá i gceist agat. Ní gá duit cuid mhór poiblíochta a dhéanamh faoi.

Nach iontach go bhfuil greim ag an mhiotaseolaíocht orainn go fóill agus nach bocht nach dtig le mórán stiúrthóirí iontas na seanscéalta sin a chur ar an scáileán mar is ceart?

Níl a fhios agam cá mhéad uair a chonaic mé scannán luaite le hArtúr nó le laoch inteacht eile. (An raibh Richard Gere ina Lancalot lá den tsaol nó an tromluí a bhí ansin?) Ní raibh fiúntas i mórán acu ach ní chuireann sé sin stop leis na hiarrachtaí amscaí téamaí an ghrá agus an chairdis agus na cumhachta a phlé.

Tá tochailt gan stad gan staonadh déanta ar mhiotaseolaíocht na hEorpa. An cuimhin leat Brad Pitt mar Aichill agus é ag troid Chogadh na Traí? Há há! Bhí sé sin speisialta olc mar scannán. Mura bhfuil sé feicthe agam, ná bac. Coinnigh agat féin an seal beag gairid sin de do bheo! Tá Chris Hemsworth ina Thor againn – sin miotaseolaíocht na Lochlannach agat – agus ní fada go mbeidh Gal Gadot ina Wonder Woman chugainn – banlaoch de threibh na hAmasóine, scéal eile as miotaseolaíocht na Gréige.

Sin tochailt mhór déanta ar fhinscéalta na hEorpa. Bhuel, mórán gach cearn de ach amháin ár n-oileán beag féin.

Arú, éad atá orm gan amhras. Ní hann d’Fhionn Mac Cumhaill ná do Chú Chulainn i saol Hollywood. Is beag aird a bhíonn acu ar sheanscéalta na hÉireann – mura mbíonn leipreacháin i gceist. Ba dheas Fionn Mac Cumhaill a fheiceáil i mbun a chuid cleasanna agus rud beag bolscaireachta a dhéanamh d’fhinscéalta na hÉireann agus teanga na nGael dá réir sin.

Faraor, ní dócha go dtarlóidh sin. Ach, fan, níl an ceart agam. Bhí laoch mór Gaelach amháin againn ar an scáileán. Bhí Arnie in Conan the Barbarian – scannán a bhí chomh maith sin go ndearna siad arís é agus Jason Momoa sa phríomhpháirt!

Arú, millte atá muid i ndáiríre.