Ar scoil arís le Jimín Mháire Thaidhg

Tá athfhoilsiú déanta ar leabhar mór de chuid na hAthbheochana


Seans go raibh aithne agat ar Jimín. Seans gur chuala tú iomrá air lá den tsaol agus go bhfuil dearmad déanta agat air le fada.

Ach seo ar ais é, an gasúr beag iomlatach, agus a scéal i gcló faoi dhó in eagrán caighdeánach neamhghiorraithe agus eagrán canúnach neamhghiorraithe mar Jimín Mháire Thaidhg (An tSnáthaid Mhór).

An Dochtúir Ríona Nic Congáil, scoláire agus scríbhneoir, atá i ndiaidh eagar a chur ar an scéal chlúiteach seo le Pádraig Ó Siochfhradha (1883-1964), nó ‘An Seabhac’ mar is fearr aithne air.

Thall sa Bhreatain atá sí faoi láthair agus í i mbun taighde ach ní stadann an obair i ngort na Gaeilge in Éirinn in am ar bith.

READ MORE

Tugann sí "seoid mhór litríocht Ghaeilge na n-óg" ar Jimín Mháire Thaidhg, seoid a raibh dearmad déanta uirthi. Léigh na glúnta "de pháistí scoile an scéal seo ó na 1920í go dtí lár an 20ú haois ach bhí sé as cló ag tairseach an 21ú haois," a deir sí. "Mar thoradh air sin, fearacht roinnt mhaith cainteoirí Gaeilge eile de mo ghlúin féin, níor chuala mise trácht ar Jimín nuair a bhí mé ag fás aníos.

“Chuir mé eolas ar Jimín nuair a thosaigh mé ag cur spéis i litríocht na n-óg mar ábhar léinn agus thuig mé láithreach go raibh an sampla ba shaibhre – i dtéarmaí teangeolaíocha agus cultúrtha de – agus ba ghreannmhaire de litríocht Ghaeilge na n-óg ceilte ar léitheoirí comhaimseartha.”

Thug sí dúshlán na díthe seo agus leabhar lándaite lánphictiúr, é maisithe ag Andrew Whitson, atá mar thoradh ar an obair.

Ní gan ábhar maith a mholann Nic Congáil saothar Whitson. Tá na léaráidí ar dóigh: "An rud is suntasaí faoi na heagráin nua de Jimín Mháire Thaidhg ná go dtugann siad beirt ealaíontóirí fhíorchumasacha faoi aon chlúdach amháin.

"Má scríobh Ó Siochfhradha an leabhar Gaeilge ba mhó ráchairt do pháistí sa 20ú haois, is cinnte go bhfuil saothar ealaíne cruthaithe ag an maisitheoir a mheallfaidh spéis agus fiosracht nua in Jimín Mháire Thaidhg sa 21ú haois."

Cuirtear an leabhar i láthair an léitheora mar théacsleabhar scoile agus é scríofa i bpeannaireacht. Beidh cuimhne, gan amhras, ag mórán léitheoirí ar an jotter agus an joined-up writing!

Arú, an dua a chaith na glúnta de pháistí Éireannacha leis an jotter agus iad ag iomrascáil leis an pheann luaidhe le focail dheasa néata a chur ar pháipéar.

Rud suntasach eile ar fiú a lua gurb annamh a fhoilsíonn foilsitheoir ar bith dhá leagan den aon leabhar amháin.

Míníonn Nic Congáil gurbh "eagarthóir é an Seabhac ar an tréimhseachán An Lóchrann a bhí lonnaithe i gCiarraí. Is sa tréimhseachán sin a d'fhoilsigh sé Jimín mar shraithscéal ar dtús, idir 1919 agus 1920. Roimh i bhfad, cuireadh dhá eagrán de Jimín ar fáil i bhfoirm leabhar: an buntéacs agus eagrán scoile.

“Ba é an t-eagrán scoile an leagan ba cheannasaí, ach leagan den bhuntéacs a bhí san eagrán sin a raibh cinsireacht déanta air, óir d’fhág an Seabhac tagairtí don chollaíocht, bás, ólachán agus a leithéid ar lár ón eagrán scoile.

"Bheartaigh mise filleadh ar an mbuntéacs agus dhá eagrán nua de Jimín a fhoilsiú: eagrán amháin i nGaeilge na Mumhan a bheadh dílis don chanúint a bhain leis an scéal ag tús a ré; agus eagrán eile sa Ghaeilge chaighdeánach.

“Ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh an léitheoir féin cinneadh a dhéanamh maidir leis an eagrán ba rogha leis nó léi.”

Tá gradam ar leith tuillte ag príomhcharachatar an leabhair, Jimín féin, i litríocht na Gaeilge, a deir sí. Nuair a foilsíodh Jimín den chéad uair "mhol criticeoirí go hard é mar an chéad leabhar Gaeilge a scríobhadh ó pheirspictíocht an pháiste – trí ghlór mí-ómósach Jimín Mháire Thaidhg, Ciarraíoch 13 bliain d'aois.

"Is é Jimín an chéad leabhar Gaeilge do pháistí a bhfuil an greann lárnach ann, ach tá an scéal géar, cáinteach freisin: ceistíonn Jimín údarás an duine fhásta sa saol príobháideach agus sa saol poiblí in Éirinn".

Ní raibh eagla ar an tSeabhac cluaisín a thabhairt do lucht cumhachta, a deir sí: "Cuirtear daoine údarásacha i láthair mar dhaoine lochtacha, tiarnúla, nach ndéanann aon mhachnamh ar a ngníomhaíochtaí; ní thagann an Eaglais Chaitliceach slán ón gcáineadh seo ach an oiread. Ar nós leabhair chanónacha do pháistí i dteangacha eile, tá Jimín Mháire Thaidhg ag feidhmiú ar leibhéil éagsúla, agus sin cuid den chúis a bhfuil léitheoirí Gaeilge fós ag cur suim ann."

Ag caint ar léitheoirí an lae inniu? Is cinnte gur fiú do dhaoine fásta an leabhar a léamh ach seans go mbeadh an teanga deacair ag mórán daltaí scoile.

Mar sin féin, seoid atá ann. Ní bheidh lá aithreachais ar léitheoir ar bith aithne a chur ar Jimín arís: “Is fada liom go mbead mór. B’fhearr liom ná rud maith go mbeinn mór fásta, mar ansan ní bheadh gach aoinne sa mhullach orm fé mar a bhíd siad anois.”

Nach mar sin a mhothaíonn muid uilig?