Ar líne agus as líne

Níor cheart dúinn géilleadh do mhí-iompar ar líne

Ionadaí de chuid an DUP á thabhairt chun cúirte. Teachta Tionóil ó Shinn Féin á fhiosrú ag Coimisinéir an Tionóil.

Fir ceistithe ag póilíní i Sasana agus imeaglú déanta ar scata ban. É seo mar gheall ar mhí-iompar, amaidí nó
bulaíocht ar na meáin
"shóisialta".

Ag deireadh na seachtaine seo thart ghabh Twitter leithscéal le mná sa Bhreatain ar deineadh bagairtí le
tvuíteanna go marófaí nó go n-éigneofaí iad. Gheall an comhlacht go gcuirfí feabhas ar a gcóras chun a dhul i ngleic le droch-íde.

Geallann Facebook freisin nach nglacfar le postanna mailíseacha, bagracha. Tá freagarthacht ar na
comhlachtaí sin, gan dabht as ábhar a iomprann siad agus ní mór dóibh a bheith níos airdeallaí agus níos gníomhaí ná mar a bhí.

READ MORE

Ach ar orthusan atá an locht as an bhfuath a nochtann daoine?

Nuair a ghabh ceannasaí Twitter sa Bhreatain, Tony Wang, a leithscéal leis na mná a rabhthas ag bagairt orthu dúirt sé nach raibh an droch-íde a tugadh dóibh inghlactha sa ghnáthshaol ná ar Twitter.

Is é fírinne an scéil nach ndéantar dóthain chun a dhul i ngleic le cothú fuatha “sa ghnáthshaol” agus nach bhfuil san oilbhéas agus gráin a nochtann roinnt daoine ar mheáin shóisialta ach siomptóm.

Is fada daoine ar an oileán seo, i dTuaisceart Éireann go háirithe, ag casaoid faoi éagumas na n-údarás i leith bhriathra bladhmannacha nó gríosú chun foréigin.

Sin mar a bhí sular
smaoinigh aon duine ar Twitter, Facebook nó ceann ar bith de na seirbhísí nach dtig le daoine áirithe a bheith beo dá n-uireasa inniu.

D'eascair an chonspóid reatha faoi Twitter as an bhfeachtas a rith Caroline Criado-Perez sa Bhreatain chun tathaint ar Bhanc
Ceannais Shasana pictiúr de bhean a chur ar nóta steirling. Cinneadh go gcuirfí Jane Austen ar an nóta £10 – bean a deir lucht a molta a bheadh ag tvuíteáil de ló agus d'oíche dá mbeadh sí beo anois.

Níor thúisce an fógra déanta agus ról Criado-Perez
aitheanta ná thosaigh an trolláil, mar a thugtar air – bagairt agus imeaglú ar Twitter ar Criado-Perez agus ar mhná eile a thacaigh léi.

Ceistíodh beirt fhear faoi bhagairt go ndéanfaí éigniú ar Criado-Perez agus ar fheisire parlaiminte. Rinneadh bagairtí freisin go ndéanfaí ionsaithe buamála ar thithe iriseoirí. Fuath ban follasach. Ní thig le éinne a rá gurb iad na meáin shóisialta a chruthaigh an fuath sin.

Ag an am céanna ní thig leis na seirbhísí a shéanadh gur thug siad deis do dhaoine an racht fuatha a chur díobh.

Fáiltíodh roimh chinneadh Twitter go gcuirfí feabhas ar chórais chun a dhul i ngleic le mí-iompar den tsórt seo ach cáineadh an comhlacht go géar as tarraingt cos go dtí sin. Is minic a dhéantar an gearán céanna faoi Facebook. Is ar an tseirbhís sin a bhain
comhairleoir an DUP, Ruth Patterson, tuisle aisti féin.

Beidh Patterson os comhair cúirte i mBéal Feirste níos deireanaí an mhí seo ach is féidir cuid de na fíricí a ríomh. Thagair sí go dearfach ar Facebook do chuntas ar ionsaí samhailteach inar maraíodh baill iomráiteacha de Shinn Fein, Gerry Adams agus Martin McGuinness ina measc.

Ghabh sí leithscéal as
"breithiúnas místuama nach raibh ag teacht le polasaithe an DUP" agus cháin an DUP í. Ar ndóigh, cháin an DUP an PSNI freisin as a gabháil; an dá thrá.

Níorbh údar iontais ag a lán na tuairimí a nocht Patterson. Bhain saoithe na sráide spraoi an domhain as an ráiteas nach raibh a leithéid "ag teacht le leagan amach an DUP" ó bhí taithí scór go leith bliain ag daoine ar bhladhmann
nimhiúil an pháirtí sin roimh an athrú saoil a thug chun cumhachta i Stormont iad.

Rinne Patterson a postáil nuair a bhí teannas ag géarú faoin bparáid chonspóideach phoblachtánach a bheidh ar siúl i gCaisleán na Deirge Dé Domhnaigh seo chugainn.

Tá an mórshiúl curtha ar mhalairt treo ag Coimisiun na bParáidí a chinn go ndéanfadh sé dochar don chaidreamh trasphobail.

Ní raibh aon chonspóid faoi theaghlach ríoga na Breataine mar leithscéal ag an teachta tionóil, Phil Flanagan ó Shinn Fein, nuair a chuir seisean a

chos ann. Rinne sé ath-tvuíteáil ar abairt gháirsiúil faoi bhreith an phrionsa Seoirse. Tá Coimisinéir an Tionóil, a scrúdaíonn iompar, chun an cás a fhiosrú tar éis gearán ón TUV.

Is ar na heisceachtaí atáim ag trácht.

Déantar na milliúin postáil ar Twitter agus Facebook gach lá. Bhain Barack Obama leas astu go stairiúil do thoghchán 2008, bhain reibiliúnaithe Arabacha úsáid astu, áis phoiblíochta den scoth iad le haghaidh imeachtaí pobail, do lucht gnó agus do
phopcheoltóirí gan dabht. Baineann nuachtáin agus craoltóirí leas astu chun a dhul i dteagmháil leis an óige, ach go háirithe.

Céatadán íseal a bhriseann gnáthrialacha iompair, sciar níos lú fós a bhriseann an dlí. Chonacamar maslú ar na meáin shóisialta ó dhaoine ón dá thaobh den díospóireacht faoi ghinmhilleadh.

Seans nár sháraigh a bhformhór aon dlí ach má rinne ba cheart gearán a dhéanamh leis na Gardaí agus ba cheart a dhul i muinín an dlí.

Sin é an leigheas agus ní baghcat ná cinsireacht.