An chéad chruinniú ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge

Bunaíodh Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ag cruinniú poiblí in Áras na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite.

Bhí 50 scríbhneoir i láthair ag an tionól lae le tús oifigiúil a chur leis an chumann agus lena chuid oibre.

Thug an chuideachta le fios go raibh gá le gréasán eolais ar líne a chuirfeadh scríbhneoirí na Gaeilge i dteagbháil le chéile agus ar an eolas faoi na scéimeanna atá ar fáil le cabhrú leis an scríbhneoireacht in Éirinn agus thar lear.

Measadh fosta go raibh géarghá le feachtas leanúnach poiblíochta do leabhair Ghaeilge sna mórmheáin chumarsáide, idir léirmheasanna, agallaimh agus nuacht faoi imeachtaí liteartha a chuirfeadh ar shúile an phobail caighdeán agus éagsúlacht na scríbhneoireachta Gaeilge.

READ MORE

Thug Cathal Póirtéir, Anna Heussaff, Alan Titley, Gabriel Rosenstock agus Robert McMillen cainteanna gairide leis an díospóireacht a thosnú.

Ghlac an tionól le cuspóir bunaithe an aontais: litríocht, léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn agus guth a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge.

Glacadh leis gur chóir go mbeadh an bhallraíocht chomh hoscailte agus ab fhéidir agus go mbeadh fáilte roimh scríbhneoirí Gaeilge de gach cineál agus roimh na daoine éagsúla ar fad a thacaíonn le litríocht na Gaeilge.

Thogh an tionól Coiste Stiúrtha le hobair bhunúsach eagraíochta a ullmhú don chéad ollchruinniú eile.

Ar na daoine atá ar an choiste sin tá Cathal Póirtéir, Alan Titley, Gabriel Rosenstock, Maebh Ní Eadhra, Réaltán Ní Leannáin, Aindreas Ó Cathasaigh, Proinsias Mac an Bhaird, Antain Mac Lochlainn agus Eilís Ní Anluain.

Tá an t-eagras le taighde a dhéanamh ar chaiteachas ar scríbhneoireacht na Gaeilge agus comhoibriú a fhorbairt le foilsitheoirí agus le heagrais eile atá ag iarraidh an léitheoireacht a spreagadh i measc an phobail .

Ba mhaith leo fosta go ndéanfaí athnuachan agus forbairt ar scéimeanna tacaíochta don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht ar nós Scéim na nOidí, Scéim na gCoimisiún agus Duaiseanna Liteartha an Oireachtais.

D’iarr siad fosta go mbeadh feabhas ar na táillí a fhaigheann scríbhneoirí ó fhoilsitheoirí agus as a bpáirt in imeachtaí liteartha in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

Eolas: cathalpoirteir@gmail.com