Alistair MacLeod: An saol ina iomláine á chur faoi bhráid an léitheora

Déantar cur síos lonrach i scéalta MacLeod ar an ngrá, ar áilleacht an nádúir agus ar an dúlra

FOCLÓIR: Aoire - shepherd, Ciamar a tha sibh - how are you, gearrscéal - short story, úrscéal - novel, Fuadach nan Gàidheal - expulsion of the Gael (Highland Clearances), teaghlach - household/family, lánúin - couple, suaimhneas - tranquility, coill - wood/forest.

Agus é ina sheasamh ar chósta Cape Breton, i Nóva Scotia, amharcann seanfhear soir uaidh trasna an Atlantaigh; glasoileán Àird nam Murchan ar chósta thiar na hAlban á shamhlú aige. Tá sé ag cuimhneamh siar ar an gcuairt a thug sé ar áit dúchais a shean mhuintre, i rith an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí sé féin in Arm Cheanada. Le linn na cuairte sin, chas sé ar aoire agus bheannaigh sé dó i nGàidhlig: “Ciamar a tha sibh?” D’fhreagair an t-aoire é sa teanga chéanna agus ansin d’iompaigh sé ar an mBéarla: “You are from Canada? You are from the Clearances?”

Eachtra í seo ón ngearrscéal Clearances le duine de mhór scríbhneoirí Cheanada, Alistair MacLeod. Foilsíodh é i 1999 agus is é an scéal deireanach sa chnuasach Island (McClelland & Stewart, 2000), ina bhfuil fáil ar scéalta uilig MacLeod.

Sa bhliain 1936 a rugadh Alistair MacLeod in Saskatchewan, áit a raibh a athair ina mhianadóir guail. Ba chainteoirí Ghaeilge na hAlban as Cape Breton iad a thuismitheoirí, ach ba de bhunadh Inse Ghall iad. B’éigean dá shean mhuintir dul ar imirce go Cape Breton ag deireadh an 18ú haois toisc gur baineadh a gcuid talún díobh sa bhaile.

READ MORE

Nuair a bhí Alistair 10 mbliana d’aois, d’fhill an teaghlach ar Cape Breton. Chomh maith leis na gearrscéalta, foilsíodh úrscéal amháin leis, No Great Mischief, sa bhliain 1999. Bhásaigh sé i 2014.

Ag tagairt do na Clearances (Fuadach nan Gàidheal) - díbirt na mílte is na mílte daoine as Garbhchríocha agus as oileáin na hAlban, atá an t-aoire sa scéal.

Ach tá níos mó ná brí amháin ag an bhfocal sin sa scéal mar tá “clearances” de chineálacha eile ar bun ar Cape Breton ag deireadh an 20ú haois. Tá mac an tseanfhir ag áitiú ar talamh a bhí i seilbh a mhuintire leis na glúnta a dhíol le lánúin as an nGearmáin.

Ar thóir an tsuaimhnis agus na ciúine atá an lánúin. Níl mórán daoine ina gcónaí máguaird mar b’éigean do go leor den dream óg imeacht ar thóir oibre.

Tá fear eile sa cheantar ag iarraidh ar an seanfhear cead a thabhairt dó fáschoill a chuir sé na blianta roimhe sin a leagan agus an t-adhmad a dhíol. Má leagtar an choill ní bheidh fágtha ach fásach, ach tuigeann an seanfhear nach bhfuil an fear eile ach ag iarraidh slí mhaireachtála a bhaint amach.

Airíonn an seanfhear go bhfuil a oidhreacht séanta aige. Go fiú an mada caorach atá aige, toisc go mbíonn an t-ainmhí sin díomhaoin anois de cheal caorach, síleann sé go bhfuil an t-ainmhí bocht féin curtha as oidhreacht .

Ar feadh na nglúnta ba iascairí a labhair Gàidhlig iad a mhuintir ach i rith na mblianta idir an dá chogadh domhanda, de réir mar a bhíodar ag plé níos mó is níos mó le ceannaitheoirí éisc nach raibh acu ach an Béarla, shocraigh go leor acu go mbeadh siad níos fearr as dá bhfoghlaimeoidís an Béarla.

Bíonn talamh, traidisiúin, slite beatha agus teanga faoi léigear i scéalta MacLeod agus bíonn coimhlint iontu idir an seansaol agus an saol nua atá ag bagairt air. Rogha an dá dhíogha a bhíonn ag na daoine go minic agus bíonn an léitheoir ag súil go ndéanfaidh siad an cinneadh nach bhfuil ar chumas go leor acu a dhéanamh mar gheall ar chúrsaí airgid.

Sna scéalta, bíonn na himircigh atá anois sna cathracha ag cuimhneamh siar ar an saol a chaitheadar ar Cape Breton le linn a n-óige. An t-am sin bhíodar i measc glúnta níos sine a raibh an saol a chaith a mhuintir rompu in Alban beo i gcónaí sa teanga a labhraíodar agus sna hamhráin a chanadar.

In Island, ceann de na scéalta is cumhachtaí sa leabhar, cinneann bean óg fanacht ina haonar ar oileán beag, í ag tabhairt aire don teach solais a bhíodh faoi chúraim a hathair agus a seanathair roimpi. Ach, blianta ina dhiaidh sin tagann fógra oifigiúil ó údaráis Cheanada ag rá nach mbeidh gá léi a thuilleadh toisc go bhfuil siad chun córas uathoibríoch a fheistiú leis an solas a choimeád. Ní bheidh de rogha aici ach imeacht as a h- oileán dúchais.

An feirmeoir agus an t-amhránaí aosta, Archibald nó Gilleasbuig, atá i gcroílár an scéil, The Tuning of Perfection. Tugtar cuireadh dó amhrán i nGàidhlig a rá ag ócáid chultúir a bheas á chraoladh ar an teilifís. Ag an réamh-éisteacht don chlár, canann sé Oran Gillean Alasdair Mhoir, faoi eachtra inar bádh scata fear. Níl aon tuiscint ag stiúrthóir an chláir ar an traidisiún ná ar an teanga agus stopann sé Gilleasbuig leath bealaigh tríd. Tá an t-amhrán rófhada agus ró-ghruama, a deir sé. Diúltaíonn Gilleasbuig é a ghiorrú agus ní ghlacann sé páirt sa chlár. Molann sé muintir MacKenzie ina áit, toisc gurb acusan atá na hamhránaithe is fearr. Ach tá baill óga na clainne sin, na hamhránaithe is deise ina measc, bailithe leo go Toronto agus níl fágtha sa cheantar ach a seanmháthair.

Ach ní an ghruaim agus an síor choimhlint amháin atá sna scéalta seo. Déantar cur síos lonrach iontu ar an ngrá, ar áilleacht an nádúir, ar ainmhithe, ar an bhfarraige agus ar an iascaireacht. Sa bhrollach a scríobh sé don eagrán de Island a foilsíodh in 2001, deir John McGahern go gcuireann na scéalta seo an saol ina iomláine os comhair an léitheora. Dar leis, tá an fhírinne chéanna iontu is atá sna hamhráin i nGàidhlig is ansa le muintir Cape Breton.