Alex Hijmans, údar, le bheith i mBéal Feirste

Beidh an t-údar agus iriseoir, Alex Hijmans, sa Cheathrú Póilí, Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Luain seo chugainn, 7ú Deireadh Fómhair, ag 7pm.

Beidh sé ag caint faoin leabhar is nuaí dá chuid, Splancanna ó shaol eile (Cois Life).

Is é atá sa leabhar aistí gearra agus grianghraif faoi shaol na Brasaíle.

Is é cuspóir an fhoilseacháin léargas a thabhairt ar an tír nach bhfeictear sna cártaí poist agus ar na cúiseanna atá leis an achrann sóisialta sa tír.

READ MORE

Tá Hijmans ina chónaí sa Bhrasaíl le fada agus mórán gearrscéalta agus tuairiscí nuachta scríofa aige faoin tír sin.

Fáilte is fiche roimh chách.