Ag cuimhneamh ar an ardteist

Guímis gach rath orthu sin a bheidh sa halla scrúdaithe Dé Céadaoin


Dé Céadaoin a thosóidh na mílte daltaí ar fud na tíre ar an Ardteist.

Ach an teist den ord ard a bhíonn ar siúl?

Nó an amhlaidh atá an iomarca béime ar thástáil scileanna den ord íseal?

Sin an cáineadh a chloistear go minic, go mbíonn béim rómhór ar chumas cuimhne na ndaltaí a thástáil seachas ar scileanna smaoinimh níos sofaisticiúla.

READ MORE

Anailís, sintéis, meastóireacht – b’shin na scileanna smaoinimh a chuir Benjamin Bloom agus a chomhleacaithe ar barr a liosta (tacsanamaí) iomráitigh don fhoghlaim choigneolaíoch i 1956.

Tá an chruthaitheacht (seachas an mheastóireacht) curtha ar barr sa leagan nua a tháinig amach i 2005. Ach is scileanna den ord ard atá iontu, pé scéal é, mar mhalairt ar na scileanna ag bun an liosta a bhaineann le tabhairt chun cuimhne.

Dar leo go bhfuil drochthionchar á imirt ag an scrúdú scríofa ar an bhfoghlaim agus teagasc sa rang, mar a bheadh an t-eireaball ag croitheadh an mhadra, seachas an tslí eile timpeall. Gur easnamhach é an t-oideachas do shaol casta, éiginnte an lae inniu dá bharr, agus gur beag an tairbhe i ndeireadh thiar a bhaineann leis an strus ar fad.

Dhealródh, áfach, nach breithiúnas iomlán bailí é seo.

Má chaitheann éinne súil ar na páipéir scrúdaithe, is go mbíonn deiseanna ag an dalta léiriú a thabhairt ar raon leathan de bhuanna agus scileanna – smaoineamh criticiúil, réiteach fadhbanna, anailís, cruthaitheacht.

Ina theannta sin, le roinnt blianta anuas, bíonn níos mó den toradh iomlán ag brath ar obair an dalta roimh lá an scrúdaithe, tionscnaimh mar shampla, nó scrúduithe cainte.

Ach ní gá fáil réidh leis an halla scrúdaithe ná an clog go hiomlán. Sa Danmhairg, cuir i gcás, ó 2008 i leith, bíonn an t-idirlíon ar fáil ag na daltaí i mbun scrúdaithe ag deireadh na meánscolaíochta.

Is iarracht bhreise í chun aitheantas (agus marcanna) a thabhairt do chumas na ndaltaí sna scileanna den ord ard – seachas tarraingt go meicniúil ar eolas atá curtha de ghlan mheabhair, ar bheagán tuisceana b’fhéidir.

Bíonn gá le scileanna de shórt eile ag an dalta chun toradh fónta agus rathúil a bhaint amach ina leithéid de thástáil. Foinsí eolais a aimsiú, agus a scagadh, teacht an bhfios agus ar an bhfírinne agus é a chur in iúl go tuisceanach.

Agus i gcoinne an chloig i gcónaí, mar a bhíonn le déanamh ag iriseoirí, agus spriocanna ama ag bagairt orthu.

Is cóngaraí an scrúdú mar sin, le riachtanais an tsaoil lasmuigh – agus an t-idirlíon chomh lárnach sin sa láthair oibre, sa teaghlach, sa phobal, agus sa saol trí chéile.

Cuireann sé seo i gcuimhne dúinn an tslí ina bhfuil ról na cuimhne daonna ag eascairt i saol an 21ú haois. Níl an chuimhne in úsáid againn mar a bhíodh, de bharr an t-eolas a bheith ar fáil chomh saoráideach sin, ó bhrú cnaipe, ar an trealamh digiteach a bheirimid linn gach áit.

Is cinnte go mbeimis i bpunc ceart dá gcuirfí as feidhm é – trí thimpiste nó d’aon ghnó le víreas, géarchéim cumhachta, agus araile.

Taobh amuigh den dul chun cinn sa teicneolaíocht, ar ndóigh, tá athrú de shórt eile ar siúl i saol an duine le tamall anuas a bhaineann le hábhar anseo – an saol féin ag dul i bhfaid do mhórán againn.

Is féidir a rá go cinnte nach bhfuil an seanrá a shamhlaímid le Muiris Ó Súilleabháin ó na Blascaodaí chomh cruinn agus a bhíodh – 20 bliain ag fás, 20 bliain faoi bhláth, 20 bliain ag meath agus 20 bliain ag trá – nó 20 bliain gur cuma ann nó as.

(Tagann Wilbur Ros chun cuimhne, a bheidh 80 bliain slánaithe aige i mí na Samhna seo chugainn, agus atá díreach tosaithe ar ghairm nua mar Rúnaí Tráchtála i rialtas Meiriceá. Níl aon trá ar siúl sa bhfear seo.)

Ach ag cloí le cúrsaí cuimhnimh, agus ar nóta dáiríre, ardaíonn an síneadh sa bhfad saoil dúshláin don intinn daonna, nach raibh chomh feiceálach go dtí seo, go mórmhór, comharthaí a bhaineann le néaltrú, galar Alzheimer mar shampla.

Ní réasún é seo, gan amhras, chun béim bhreise a chur ar scileanna cuimhne san ardteist.

Ach ardaíonn sé ceisteanna níos bunúsaí fós faoi conas inchinn an duine a choimeád grinn agus glinn agus ag obair go héifeachtach san fhoghlaim fadsaoil. Ceisteanna don néareolaíocht.

Idir an dá linn, dóibhsean a bheidh sa halla scrúdaithe Dé Céadaoin, guímis gach rath orthu.

Agus go mbeidh cuimhne acu ar laethanta seo na hóige go fada an lá – agus gur cuimhní cinn dearfacha agus pléisiúrtha níos mo ná a mhalairt a bheidh acu. Is léachtóir ar Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, é an Dochtúir Cathal de Paor