Ag caoineadh Behan na mBlascaod

50 bliain ó shin a fuair Brendan Behan bás

50 bliain ó shin (20ú Márta) a fuair Brendan Behan bás. Ba mhór an trua é go bhfuair an t-ól greim chomh daingean sin ar dhuine a bhí chomh héirimiúil sin agus go bhfuair sé bás chomh hóg sin. Ní raibh sé ach 41 bliain d’aois.

Is dócha go smaoinítear ar Behan de ghnáth mar scríbhneoir Béarla ach scríobh sé i nGaeilge freisin agus tá dán dá chuid, Jackeen ag Caoineadh na mBlascaod , ar cheann de na dánta is áille dár scríobhadh sa Ghaeilge.

Go deimhin, foilsíodh leabhar i 1981, Poems and a Play in Irish , le 13 dán a scríobh sé i nGaeilge agus an dráma, An Giall .

Rugadh agus tógadh é in aice leis an gCuarbhóthar Thuaidh i mBaile Átha Cliath. Bhí tionchar mór ag a bheirt sheanmháthair air; dhúisigh duine díobh dúil san ól ann agus náisiúnaí láidir a bhí sa duine eile.

READ MORE

Bhí méid áirithe Gaeilge ag a athair agus d’fhoghlaim sé an teanga ó na Bráithre Críostaí i Sráid Brunswick freisin.

Bhí sé ina bhall de na Fianna in aois a hocht agus scríobh sé don Wolfe Tone Weekly agus don United Irishman.

Chuaigh sé isteach san IRA i 1939 timpeall an ama a thosaigh an feachtas buamála i Sasana. Gabhadh é i Sasana agus chaith sé trí bliana i scoil cheartúcháin. (Thug an taithí a fuair sé ansin an t-ábhar dó dá leabhar Borstal Boy .)

Ar ais i mBaile Átha Cliath dó, scaoil sé urchar le garda agus gearradh 14 bliain air. Chaith sé tréimhsí i Muinseó, Cnoc an Arbhair agus campa géibhinn an Churraigh.

Chuir sé snas ar a chuid Gaeilge i bpríosún ionas go raibh sé chomh líofa inti agus a bhí sé i mBéarla nuair a ligeadh saor é ag deireadh 1946. Léigh sé cuid mhaith i bpríosún chomh maith agus scríobh sé dréachtaí le drámaí agus gearrscéalta.

Thug sé cuairt ar an mBlascaod i 1947 agus an bhliain ina dhiaidh sin, agus é i bPríosún Mhuinseó arís (mar gheall ar mheisce agus mhí-iompar), scríobh sé Jackeen ag Caoineadh na mBlascaod , dán a bhí réamhfhiosach mar, cúig bliana tar éis a scríofa, d'fhág na daoine deireanacha an t-oileán: "Beidh an fharraige mhór faoi luí gréine mar ghloine,/Gan bád faoi sheol ná comhartha beo ó dhuine/Ach an t-iolar órga deireanach thuas ar imeall/An domhain, thar an mBlascaod uaigneach luite."

Ba í an tréimhse idir 1955 agus 1960 an tréimhse ba thorthúla ina shaol mar scríbhneoir: tháinig The Quare Fella , An Giall , The Hostage agus Borstal Boy óna pheann. Bhain sé clú agus cáil amach i Londain agus Nua-Eabhrac agus bhí an-éileamh air mar chainteoir.

Sna 1960í a foilsíodh Brendan Behan's Island , Brendan Behan's New York , Hold Your Hour and Have Another agus Confessions of an Irish Rebel ach ní raibh aon chomparáid idir na saothair sin agus na cinn idir 1955 agus 1960.

Lean an t-ólachán agus aithníodh go raibh diaibéitis air. Cé gur phós sé i 1955 agus gur tháinig iníon ar an saol i 1963, ní raibh sé in ann staonadh ón ól.

Bhí sé ag caitheamh ní ba mhó ama in ospidéal agus ní fhéadfaí ach aon toradh amháin a bheith ar an drochíde.

Mar sin féin, léiríonn dánta ar nós Jackeen ag Caoineadh na mBlascaod , drámaí ar nós An Giall agus gearrscéalta ar nós The Confirmation Suit an cumas a bhí ann, cumas a múchadh go hanabaí 50 bliain ó shin.

BRIAN MAYE