Tuairisc inmheánach Fhine Gael

BEOCHEIST: NÍ FHEADAR an bhfeicfidh muid go deo an tuairisc inmheánach atá réitithe ag Fine Gael ar na cúiseanna gur theip orthu…

BEOCHEIST:NÍ FHEADAR an bhfeicfidh muid go deo an tuairisc inmheánach atá réitithe ag Fine Gael ar na cúiseanna gur theip orthu go tubaisteach i dtoghchán na huachtaránachta.

Ba bhuille trom é gur fágadh in áit na leithphingne iad sa toghchán sin, nach ndearna siad aon dul chun cinn i bhfothoghchán Bhaile Átha Cliath Thiar agus gur theip ar mholadh tábhachtach amháin sa reifreann.

Tá sé an-luath i saol rialtais chun buille mar seo a fháil ón bpobal agus níor chríonna an beart é neamhaird a dhéanamh de. Má cheap éinne i bhFine Gael gur léirigh an vóta mór a fuair an páirtí san olltoghchán go raibh pobal na hÉireann an-tógtha le héirim nó le héifeacht an pháirtí, bhí dul amú orthu.

Má cheap siad gurbh fhéidir talamh slán a dhéanamh den tacaíocht sin, bhí dul amú orthu. Tá a bhfreagra acu sna torthaí. Is í an fhírinne chrua gur vótáil a lán ar son Fhine Gael de bharr nach Fianna Fáil a bhí iontu agus gurb iad an dream is mó a d’fhéadfadh rialtas a chur le chéile.

READ MORE

Vóta ar iasacht agus vóta ar bhonn trialach a bhí sa tacaíocht a tugadh d’Fhine Gael agus don Lucht Oibre san olltoghchán. Ní hionann sin agus a rá go bhfillfidh an vóta sin ar Fhianna Fáil in achar gearr, tá cuimhne na ndaoine rófhada.

Ach, an rud atá athraithe go mór ag an ngéarchéim eacnamaíoch seo go bhfuil an pobal ag coinneáil súl ar gach gníomh, ar gach focal, ar gach moladh a dhéanann an Rialtas agus tá an pobal sin an-oilte ar bhaothchaint agus ar bhréaga a aithint. Tá siad an-oilte freisin, tar éis na mblianta de riail Fhianna Fáil, ar shainchomharthaí áirithe a aithint. Mar sin, aithneoidh siad ciaróg eile láithreach má thagann sí ina dtreo.

Faoi láthair, tá an pobal ag cuimhneamh ar rudaí a dúradh roimh an olltoghchán agus ag cur ceisteanna faoi Fhine Gael agus a leathbhádóir i Rialtas. Tá macallaí fánacha ag teacht ar an ngaoith chucu ón dtréimhse sin: “not another cent to Anglo”; “Labour’s way or...”; “reduce public service by 30,000” ;“promise to end 145 quangos”; “end cronyism”; “promote transparency and accountability” agus móran eile nach iad.

Cá bhfuil an beart de réir an bhriathair? Is í sin an cheist atá ag cur as don bpobal anois. Roimh an olltoghchán tugadh le fios go mbeadh leagan eile den amhrán An Seanduine Dóite againn, is é sin, An Sean-shealbhóir bannaí Dóite. Ní amháin nár fíoradh an méid sin, shiúil níos mó sealbhóirí bannaí, cuid acu nua, chuig an mbanc lenár gcuid airgid ná riamh. Duais Oireachtais don don té a chumfaidh na focail do An Sean-Cháiníocóir Dóite.

Más luath féin i saol an Rialtais seo é tá mothú den déjà vu ag teacht ar chuid mhór den bpobal. De réir mar a dhéanann siad scrúdú níos géire air mar Rialtas, táthar ag tosú ar chiaróg eile a aithint.

Thar aon rud eile sa vótáil is déanaí, is suntasach an freagra a thug an pobal ar an Rialtas agus leoga ar pháirtithe eile faoi chumhacht a thabhairt do choistí den Oireachtas. Is féidir mórán lochtanna a fháil ar an mbealach inar láimhseáil an Rialtas é seo. Teip chumarsáide a bhí ann gan dabht. Díreoidh daoine méar freisin ar an ráiteas ó na hiar-Ard-Aighní ag diúltú don moladh. Chuaigh an ráiteas sin i bhfeidhm ar chuid mhór.

Ach féach gurb iad na daoine a bhfuil an dearg-ghráin ag an bpobal orthu a bhí mar thargaid ag an athrú reachtaíochta seo. Ba chóir nach mbeadh aon fhadhb ag rialtas láidir an reifreann sin a bhuachaint.

Caithfidh Fine Gael breathnú giota beag níos faide ná an teip i rás na huachtarántacha. Thosaigh siad an rás sin leis an gcapall mícheart a raibh meáchan ollmhór tromchúise air.

Is í an teachtaireacht is soiléire a tháinig as an rás ná nach bhfuil aon pháirtí slán feasta. Tá an pobal ag faire: ag faire ar na geallúintí nach gcomhlíontar; ag faire ar chairde an pháirtí a dtugtar gradam nó postanna dóibh; ag faire ar cé a fhaigheann conarthaí móra rialtais; ag faire ar na dáilcheantracha a fhaigheann airgead nó áiseanna; ag faire ar cháilíochtaí na ndaoine a chuirtear ar bhoird stáit agus ag faire ar thoil an Rialtais déileáil le neamhinniúlacht na roinne is tábhachtaí sa Stát a fhágann muid inár gceap magaidh ar fud na hEorpa tré €3.6 billiún a fhágáil amach as na cuntais.

Is suim leis an bpobal aon sainchomhartha den seanéirí in airde agus den bpostúlacht nach ligeann d’airí a admháil go raibh siad mícheart.

B’fhiú d’Fhine Gael agus don Lucht Oibre breathnú trasna ar bhinsí Fhianna Fáil agus a shamhlú go bhfuil an dornán sin ag canadh sheanfheartlaoi na bPiúratánach:“As you are, so once was I. As I am, so you will be.”