Wounded Knee - cneá a bhfuil cuimhne uirthi fós

BEOCHEIST: AR 29ú Nollaig díreach sé scór bliain ó shin tharla an mhórchoimhlint dheireanach idir arm na Stát Aontaithe agus…

BEOCHEIST:AR 29ú Nollaig díreach sé scór bliain ó shin tharla an mhórchoimhlint dheireanach idir arm na Stát Aontaithe agus fórsaí na mbundúchasach nó na hIndiaigh Dheagra mar a thugaimis orthu.

Ar lá sin na cinniúna láimh leis an ngóilín ag Wounded Knee i dtearmann na nIndiach ar Pine Ridge i Dakota, dhein buíon saighdiúirí ó 7ú Reisimint Mharcshlua an airm sléacht ar scata de na Hunkpapa agus na Lakota a bhí ina gcuid de chónaidhm treibheanna na Sioux.

Le tamall roimhe sin bhí an rialtas bródúil ag iarraidh áiteamh ar na Lakota agus dreamanna eile a gcuid talún a ghéilleadh don rialtas.

Bhí an saol go hainnis ag na bundúchasaigh, bhí ganntanas bia ag goilliúint orthu, bhí na tréada bíosún ar an dé deiridh, geall leis.

READ MORE

Níor dhein Comhdháil na Stát Aontaithe puinn le stop a chur leis na daoine a bhí ag iarraidh cur fúthu ar thailte na nIndiach ná leis na mianadóirí a tháinig ag lorg an óir a bhí sna mianaigh i dtearmainn nó reservations na nIndiach

Ar an 19ú Nollaig, 1890, chuir an Ginearál Nelson Miles scéal práinneach go dtí na húdaráis i Washington.

Ní fhéadfaí, dar leis, teacht ar réiteach ar cheist na nIndiach ar pháirc an chatha. “Caithfidh Comhdháil SAM cloí go beacht leis na conarthaí a dheineadar leis na hIndiaigh.”

Le tamall roimhe sin bhí scéal á scaipeadh go raibh Íosa Críost le filleadh ar an domhan seo faoi dhreach Indiaigh.

Chuirfí an ruaig ar an gcine geal, bheadh bláth is rathúnas nua ar ainmhithe is ar bharraí agus d’fhillfeadh na sinsir a bhí ar shlí na fírinne orainn. Mhaígh Woyoka, fáidh, nár mhór damhsa diamhar na dtaibhsí a dhéanamh leis na beannachtaí sin a thuilleamh.

Chuir na scéalta is na ráflaí sceimhle is sceon ar an gcine geal agus bheartaíodar taoisigh na nIndiach a chur i ngéibheann. Maraíodh mórcheannaire na Hunkpapa, Sitting Bull, nuair a deineadh iarracht é a ghabháil ag Standing Rock.

Theith cuid dá lucht leanúna is bhuaileadar leis na Lakota faoi cheannas Spotted Elk (nó Big Foot mar a tugadh air ina dhiaidh sin).

Thugadar aghaidh ar Pine Ridge agus é ar intinn acu fothain is cosaint a lorg ansin.

Ar an 28ú Nollaig tháinig cuid den 7ú reisimint orthu agus dheineadar iad a thionlacan chomh fada le Wounded Knee mar a chuireadar fúthu don oíche.

An lá dár gcionn chuaigh na saighdiúirí, 500 ar fad, isteach sa champa chun na Lakota is na Hunkpapa a dhí-armáil. 350 Indiach a bhí ann, mná is páistí ar fad cé is moite de 120 trodaire.

Dhiúltaigh Black Coyote a raidhfil a thabhairt suas, bhí airgead maith caite aige ar an gunna céanna.

Scaoileadh urchar. Trí thimpist, seans.

Agus leis sin thosnaigh na saighdiúirí ag scaoileadh leo gan srian. Maraíodh mná is páistí. Maraíodh breis is scór saighdiúir sa rud ar a dtugaimid “friendly fire” anois. Theith cuid de na Lakota ach rugadh orthu agus cuireadh chun báis iad. Chuaigh na saighdiúirí le báiní.

De réir foinsí áirithe maraíodh suas le 300 Lakota an lá sin. Thit síobadh géar sneachta anuas ar bheo is ar mhairbh. Fritheadh na coirp tar éis trí lá, iad reoite stromptha. Cuireadh iad in aon uaigh amháin.

Scríobh Frank Baum, iriseoir is údar, faoin sléacht: “Having wronged the Indians for centuries, we had better, in order to protect our civilisation, follow it up with one more wrong and wipe these untamed and untamable creatures from the face of the earth.”

Tríd is tríd d’aontaigh pobal na tíre leis na tuairimí sin.

Bhronn arm SAM boinn onóra ar scór saighdiúir.

Tógadh séipéal ag láthair an sléachta agus i 1903 thóg sliocht na ndaoine a maraíodh séadchomhartha cuimhneacháin ag béal na huaighe. In earrach na blianta 1973 ghlac an American Indian Movement seilbh ar bhaile beag Wounded Knee. Theastaigh uathu bheith saor agus smacht a bheith acu ar a saol féin. Sheas siad an fód in aghaidh fhórsaí an rialtais ar feadh 73 lá. Ansin b’éigean dóibh géilleadh.

Ó 1986 i leith deineann na Big Foot Memorial Riders comóradh bliantúil orthu san a maraíodh i 1890. Máirseálann siad ar an chonair chéanna go Wounded Knee, fulaingíonn siad fuacht goirt an gheimhridh agus cuireann siad suas le heaspa bia is uisce mar a dhein a sinsir i 1890. Bíonn bratacha bána ar foluain acu chun a chur in iúl go bhfuilid ag tnúth le síocháin domhanda.