What if…?

TÁ AN clár What if…? i mbéal an phobail le tamall. Chraol RTÉ ceann ar Jack Lynch agus an Tuaisceart ar na mallaibh

TÁ AN clár What if…? i mbéal an phobail le tamall. Chraol RTÉ ceann ar Jack Lynch agus an Tuaisceart ar na mallaibh. Ábhar eile a ritheann leis an cholún seo do lucht déanta an chláir – What if… we all spoke Irish?

An fearr an aithne a bheadh againn féin orainn féin mar phobal? An mó claonadh a bheadh againn i dtreo Bheirlín (agus Pháras, na Róimhe, srl) ná Bostún dá mbeadh Gaeilge i mbéal gach aon duine?

An teanga idirnáisiúnta ó cheart a bheadh sa Ghaeilge de bharr a stádais sa bhaile agus thar lear? Ní dócha go mbeadh deacracht ar bith ag Séamus Ó hÉanna nó Liam de Gheata duais Nobel a bhaint as litríocht i nGaeilge. I ndeireadh thiar thall, is iomaí duine gan Béarla a bhain an duais chéanna.

Ar ndóigh, thiocfadh linn an dara ceist a chur agus seans mór gur fearr fiafraí: what if … we all stopped speaking Irish?