'Uair na cinniúna don teanga' - Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

“UAIR na cinniúna don Ghaeilge,” atá ceannasaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail, ag tabhairt ar Thóstal…

“UAIR na cinniúna don Ghaeilge,” atá ceannasaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail, ag tabhairt ar Thóstal na Gaeilge i mí Eanáir.

Bhí práinn le cruinniú seo na n-eagras nó bhí athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) curtha sa siúl ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le déanaí, a dúirt sé. Bhí an tóstal le deis a thabhairt “do phobal na Gaeilge breathnú go fuarchúiseach ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla, ar láidreachtaí agus ar laigí an Achta araon. Déanfaimid cíoradh ar chomhdhéanamh agus ábhar an Achta mar chreat-reachtaíocht a thugann feidhm do stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit faoin mBunreacht”.

Leis an díospóireacht a chur chun cinn, bhí painéal saineolaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta le bheith i láthair: An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin; An Dochtúir John Walsh ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; An tOllamh Colin Williams, Ollscoil Cardiff; An tOllamh François Grin, Ollscoil na Ginéive agus Dr Wilson McLeod, Ollscoil Dhún Éideann.

Thabharfaidís léargas ar an dea-chleachtas teanga go hidirnáisiúnta agus dhéanfaidís moltaí faoi chás na hÉireann.

READ MORE

Dúirt Mac Criostail go mbeadh an tóstal ag iarraidh “ról na reachtaíochta teanga i spreagadh agus i gcur chun cinn na Gaeilge” a phlé agus “moltaí maidir leis na leasuithe ar an Acht Teanga nach mór dúinn a éileamh lena chinntiú gur feabhas agus láidriú ar fhreastal an Stáit ar chearta teanga an phobail a bhíonn mar thoradh an athbhreithnithe.

“Úsáidfear na moltaí sin, maraon leis na tátail agus na conclúidí ón tóstal, mar bhunús d’aighneacht na comhdhála go Roinn na Gaeltachta”.

Bheadh “cosaint neamhspleáchas Oifig an Choimisineára Teanga mar ghné lárnach don aighneacht sin,” a dúirt sé agus súil aige go seasfadh “pobal na Gaeilge go láidir linn maidir leis an mbunriachtanas sin agus go gcuirfear é sin in iúl go soiléir don Rialtas tríd an bpróiseas comhairliúcháin atá ar bun ag Roinn na Gaeltachta”.

Beidh Tóstal na Gaeilge 2012 ar siúl Dé Sathairn, 14ú Eanáir, in Óstán Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2.

Eolas: www.gaelport.com