Turas traenach trí Tiraspol

Beocheist: Is i ndeisceart na hÚcráine ar chósta na Mara Duibhe atá an chathair Odesa suite

Beocheist: Is i ndeisceart na hÚcráine ar chósta na Mara Duibhe atá an chathair Odesa suite. Is é Chisinau a thugtar ar phríomhchathair na Moldóive, tír bheag fáiscthe idir an Úcráin agus an Rómáin arb í an tír is boichte san Eoraip í.

Tá an turas traenach ó Odesa go Chisinau ar na turais traenach is dodhearmadta is féidir a dhéanamh in Eoraip an lae inniu.

Cé nach bhfuil d'achar idir an dá chathair seo ach tuairim is 100 míle maireann an t-aistear traenach rud beag níos faide ná cúig uair an chloig.

Ní nach ionadh, rinne mé féin is mo chomhthaistealaí Meiriceánach iontas de luas na traenach seo. Thoimhdíomar ar dtús go mb'fhéidir go raibh dul amú orainn, go rabhamar ag bogadh ar aghaidh ní ba thapúla ná mar a mheasamar. Nó seans go méadófaí ar luas na feithicle tar éis tamaill ghairid. Cuireadh deireadh lena leithéid de nóisin i ndiaidh uaire ar fhéachaint dúinn ar Lada glas a bhí ag tiomáint ar an mbóthar láimh linn. Pé beag iarracht a bhí á cur de ag an seanghluaisteán sin ba ghearr go ndearna sé ár dtraein bheagchumhachtach a scoitheadh.

READ MORE

Ach má tháinig roinnt beaguchtaigh orainn ar thuiscint dúinn a mhoille a bhíomar ag gluaiseacht, b'fheasach dúinn gur dhíol iontais í an traein féin agus a lucht taistil.

Bhí gach carráiste lán go draid is daoine brúite le chéile ar bhínsí ísle adhmaid. Tráth dá raibh bhí an dath oráiste ar na binsí seo ach is beag rian de sin atá le sonrú anois.

Ba dhaoine ag dul anonn in aois iad formhór mór na dtaistealaithe, nó sin an chuma a bhí orthu: aghaidheanna rocacha, fiacla óir is lámha garbha.

Le linn an turais bhí cúpla duine ag siúl suas síos an caolbhealach agus bia agus deoch á dhíol acu. Bhí bean teann téagartha, lán béil d'fhiacla óir aici, agus soitheach mór á iompar aici ina raibh uisce te.

Má bhí éinne sásta íoc as cupán tae, tharraingeodh an bhean seo saicín Nescafe as a póca mar aon le cupán is spúnóg phlaisteach as mála a bhí ar a gualainn. Ar ndóigh, bhí braon bainne ar fáil chomh maith.

Chuireamar an teorainn Úcránach-Moldóvach dínn gan eachtra agus tar éis timpeall trí huaire shroicheamar Tiraspol, cathair nach bhfuil an dlaoi mhullaigh curtha uirthi go fóill, ná geall leis.

Is é Tiraspol príomhchathair an réigiúin Transdniestria. Ba chuid den Mholdóiv é ach rinneadh neamhspleáchas an réigiúin ar an Moldóiv a fhógairt i 1990 mar nach raibh muintir Transdniestria, ar cainteoirí Rúisise agus Úcráinise iad a bhformhór, sásta leis an Moldóiv bheith chomh mór sin leis an Rómáin. Níl aon aitheantas idirnáisiúnta ag Transdniestria agus is áit aindlí agus camastaíola anois é.

Tháinig saighdiúirí armtha ar bord i dTiraspol agus ar thuiscint dóibh nár Mholdóvach ná Úcránach mé féin ná an Meiriceánach, dúradh linn teacht anuas as an traein is ár mbagáiste a bhreith linn go dtí oifig bheag dhorcha ina raibh beirt shaighdiúirí. An t-aon dá fhocal Bhéarla a labhraíodh linn ná "fadhb" "víosa".

Cheap mé ar dtús gur dearmad a bhí ann is nárbh fhada go mbeimis ar ais inár gcarráiste plódaithe tar éis dúinn míniú gurbh amhlaidh nach raibh aon rud bun-os-cionn maidir leis na víosaí.

Ach tháinig a mhalairt de thuairim orm nuair a cuireadh in iúl dúinn "níl na víosaí seo go maith. Caithfidh sibh iompú agus aghaidh a thabhairt ar Odesa". Ba mhó an chiall ag an bPoncánach áfach: thuig seisean gurbh é airgead a bhí ó na saighdiúirí seo seachas sinn a chur ar ais i dtreo na hÚcráine.

Cuireadh i bhfios dúinn go raibh 100 dollar nó euro le híoc sula ligfí ar ár slí sinn. Ní raibh ceachtar den dá airgeadra sin agam agus nuair a dúirt mé nach raibh agam ach zloty, airgeadra na Polainne, scairt an bheirt amach ag gáire. Ní dhearna an iarracht seo den ghreann maolú ar a bhagraí a bhí na daoine seo is a ngunnaí in aice láimhe.

Ní raibh ag an bPoncánach ach $43 agus tugadh an tsuim go léir do na Transdniestrígh seo. Ghlac siad leis ach rinne dollar amháin a thabhairt ar ais. Is dócha gurbh fhusa roinnt ghlan a dhéanamh ar $42.

Ní raibh san eachtra sin ach mí-ádh a imíonn ar pé eachtrannach a théann ar bord traenach ó Odesa go Chisinau. Rud eile ar féidir talamh slán a dhéanamh de ná gur chuireamar an timpeall orainn agus sinne ag fágáil Chisinau le nach mbeimis ag dul an athuair trí Tiraspol.