‘Tugaimis Tancscibhing air’

Scéal turcaí agus áir


Bhí siad amuigh ag fiach is ag foghlaeireacht. Cearc fhiáin eile sa scrobarnach, cá bhfios? Éisc fós le gabháil san abhainn.

Gaineamh na trá soir uathu dá mba ghátarach sliogáin a chnuasach. Mar a bhí riamh, is mar a shíl siad a bheadh go brách.

Ach bhí scamall amuigh ar an spéir. Scamall de shaghas nach bhfacthas cheana.

Scamall mar a bheadh cloch nár athraigh a chruth. Scamall a raibh loinnir bheag ina thimpeall.

READ MORE

Scamall a raibh gas as, agus cosa faoi. Bhí ag gluaiseacht ina dtreo.

D’fhás an scamall de réir mar a ghluais faoina ndéin, ach níor athraigh a dheilbh go fiú is má bhí cuma níos bagarthaí air. Bhí mar a bheadh seangáin á chigilt thíos timpeall ar a bhonnacha, ach bhí na seangáin is na bonnacha ar aon intinn.

‘Cad tá ann?’ arsa Tenscbhatabha

‘Diabhal a fhios agam,’ arsa Seabhatangacbhunua, a raibh cáil na gaoise air, ‘murab é go bhfuil arrachtaigh bhána tar éis teacht aníos ó íochtar na farraige d’fhonn siúil inár measc.’

D’fhan siad laistiar de na crainn go dtí gur bhuail an scamall port agus gur thuirling na seangáin ar an ngaineamh. Cuma thraochta a bhí orthu is a dteanga amuigh acu nach mór ag líorac na talún.

‘Tart atá orthu,’ arsa Tenscbhatabha le teann trua.

‘Ocras,’ arsa Seabhatangacbhunua a raibh an t-amhras ginte riamh ann, ‘ocras tailimh.’

De réir is mar a dhruid na seangáin chucu is ea is fearr a chonaic siad nach raibh ach dhá chois fúthu. Faoin am seo bhí an scamall ina shuí go socair ar imeall an chuain cé go raibh á searradh féin amhail is go raibh gaisce éigin déanta.

‘Féach na héadaí amaideacha atá orthu?’ arsa Tenscbhatabha, ‘ar na seangáin mhóra.’

‘Cén fáth a bhfuil cloigeann ar an gcloigeann orthu?’ arsa Seabhatangacbhunua.

‘Deirtear gur fearr dhá chloigeann ná aon chloigeann amháin.’

‘Is fíor. Ach amháin nuair a bhíonn an dá chloigeann ar na guaillí céanna, mar atá orthu seo.’

Is nuair a bhain duine díobh a hata de is ea a tuigeadh dóibh nach raibh acu ach aon chloigeann amháin. Nuair a chrom siad ar an talamh a phógadh is ea a leath an t-iontas orthu.

‘Cén saghas ainmhithe daoine iad seo in aon chor’ d’fhiafraigh Tenscbhatabha, ‘a dhéanfadh an talamh a ithe?’

‘Dá bhféadfaimisne sin a dhéanamh, nach mbeimis beo go deo?’

‘Is ea, ach cad a dhéanfaimis nuair a bheadh an talamh ar fad ite againn?’

Níor freagradh an cheist mar d’éirigh scaoth d’éanlaith aníos is líon an spéir le dathanna. Chúb na seangáin siar mar ní fhaca siad dathanna mar iad riamh roimhe sin, agus ghabh eagla iad go raibh an drochspiorad i ngar dóibh.

‘Cad a dhéanfaimid leo?’ arsa Seabhatangacbhunua, go fiafraitheach, roc ar gach malainn aige.

‘Iad a scuabadh thar sáile soir,’ arsa Tenscbhatabha, mar níorbh fhear le foréigean é. ‘B’fhéidir go bhfuil cárta glas acu, áfach.’

Faoin am seo bhí tuilleadh fós ag teacht i dtír, ainmhithe fara leo. B’fhollas ar a laghad bean amháin a bhí trom le leanbh.

‘Dar fiolar, is dar fiach,’ arsa Tenscbhatabha, ‘déanaim amach go bhfuil sé i gceist acu fanacht anseo!’

‘Is féach an dath craicinn atá orthu, chomh mílítheach le cnámh, chomh bán le corpán. Agus féar ag fás ar a smig. Níl aon phioc dúchasach ag baint leo. B’fhéidir gur chóir a ndíbirt ceart go leor.’

Chonacthas iad ag cur a gcosa i bhfeac, is ag gortú na talún le spící fada gránna, is ag grinneadh na coille le saint.

‘Dá gcuirfimis as dóibh,’ arsa Tenscbhatabha, ‘cén toradh a bheadh air, dar leat?’

‘N’fheadar,’ d’fhreagair Seabhatangacbhunua, ‘ach is dócha nach mbeadh Elvis ná Little Richard, ná Mark Twain ná Louis Armstrong ná Blind Willie Johnson ná Muhammad Ali againn choíche.’

‘Is fíor sin,’ arsa Tenscbhatabha, ‘ach smaoinigh chomh maith nach mbeadh George W. Bush ná cogadh Vítneaim ná an Klu Klux Klan ná Buddy Holly ná Paris Hilton, ach an oiread.’

Faoin am seo bhí cúpla buabhall curtha chun báis acu, agus bhí an druilleáil ag tosnú cheana féin ar an trá.

‘Faighim droch-bhlas air seo,’ arsa Seabhatangacbhunua. ‘Molaim gur cheart iad a dhíbirt.’

Leis sin, chruinnigh siad a gcuid óglach agus laochra agus gaiscíoch agus thug siad ruathar ar an trá go dtí gur scaip siad soir na heachtrannaigh mar bhláthanna na Bealtaine thar bhóchna ar ais go dtí an tír fhuar as a dtáinig siad.

‘Bhí sin go maith,’ arsa Tenscbhatabha, ‘tá chomh maith againn an bua seo a chomóradh, an gabhar a róstadh, an súchas a chur ag rince le háthas.’

‘Cad a thabharfaimid air?’

‘Tá focal agam,’ arsa Seabhatangacbhunua, agus gliondar ina shúile. ‘Tugaimis Tancscibhing air.’

‘Focal maith é,’ arsa Tenscbhatabha, ‘focal maith é, Tancscibhing.’

‘Buíochas le Gaitsí Mainitiú,’ arsa Seabhatangacbhunua.

‘Buíochas le Gaitsiú Mainitiú,’ arsa Tenscbhatabha.