Tuarascáil

Ná tabhair madam orm - tá mé ró-óg fós agus níl aithne agam ar Heidi Fleiss

Ná tabhair madam orm - tá mé ró-óg fós agus níl aithne agam ar Heidi Fleiss

Ar lá maith, is duine cuisíoch cantalach mé; ar dhrochlá, is duine an-chantalach mé. Más féidir liom gearán a dhéanamh, tapóidh mé an deis.

Tá rud éigin nua ag dó na geirbe agam le cúpla bliain anuas. Ach an turas seo, ní rud é go mbainim sásamh ar bith as a bheith ag clamhsán faoi; an turas seo, tá sé pearsanta.

Táim i siopa anois. Siopadóir: Ar mhaith leat aon rud eile, Madam? Mise: Níor mhaith, go raibh maith agat. Siopadóir: Agus ar mhaith leat mála leis sin, Madam?

READ MORE

An uair dheireanach a sheiceáil mé, ní raibh cónaí orm i réigiún ina labhraítear Fraincis go forleathan. Ní raibh mé ag obair sa ghairm chéanna le Heidi Fleiss. Agus níos tábhachtaí fós, ní raibh mé 50 bliain d’aois ná pósta, is dócha gur chóir dom a lua.

Má tá siopadóir nó gruaigeadóir nó aon-chineál-eile-adóir le teideal foirmiúil a thabhairt orm, cén fáth a dtabharfaidís “Madam” seachas “Miss” ar dhuine óg bríomhar mar mise? Nach bhfeiceann siad na jíons tanaí atá á gcaitheamh agam? Nach bhfeiceann siad na buataisí Ugg? Nach dtugann siad faoi ndeara gur duine óg mé.

Táim 31 bliain d’aois. Is cúis ollmhór bróin, díomá agus eagla dom é m’aois. Agus ní cuidiú é ar chor ar bith go mbíonn daoine éaganta místuama ag tabhairt “Madam” orm, beag beann ar mo chuid mothúchán leochaileach – agus in ainneoin na cuma óige atá orm, is léir.

Trí bliana ó shin a tharla sé den chéad uair. Bhí mé 30 bliain d’aois ag an am (ok, ok...ní rabhas ag insint na fírinne iomláine san alt os cionn an ailt seo).

“Ticéad fillte go hAerfort Bhaile Átha Cliath Madam?” arsa an tiománaí Aircoach. “Haigh. Is mise an chéad duine eile sa scuaine,” arsa mise – go cantalach – ag smaoineamh go raibh sé ag freastal ar an mbean taobh thiar díom. “Tá a fhios agam,” arsa seisean “cén cineál ticéid ba mhaith leat Madam?”

Shíl mé gur duine bómánta a bhí sa tiománaí a raibh mearbhall air. Níor thuig mé go mbeadh na mílte “Madam” i ndán dom sna blianta amach romham.

Madam gach áit

Cloisim é chuile áit anois. Caithfidh mé a admháil go dtugtar “Madam” orm i bhfad Éireann níos minicí ná mar a thugtar “Miss” na laethanta seo, faraor.

In amanna, faigheann an cantal an lámh in uachtar orm. Níl neart agam air; is mar sin is dual dom a bheith, mar a dúirt an scairp leis an bhfrog. Agus tháinig imeachtaí chun buaice i siopa nuachtán ar na mallaibh agus déagóir glas goiríneach ag freastal orm.

“€4 le do thoil, Madam,” arsa an déagóir. “Ok. Stad. Céard a thug tú orm?” arsa mise. “Níor thug mé rud ar bith ort Madam, seachas Madam.”

“Ar mhiste leat a rá liom, cén fáth ar thug tú Madam orm? Nach bhfeiceann tú nach bhfuil fáinne ar bith á chaitheamh agam?” arsa mise.

“Ní raibh mé ag breathnú ar do mhéar...,” arsa seisean agus é ag cur mallachta ar an saoiste nár chuir cnaipe práinne isteach sa siopa.

“Agus céard air a raibh tú ag breathnú, mar sin?” arsa mise.

“Bhíos...errr...bhíos ag breathnú ortsa,” arsa an déagóir agus é dearg san aghaidh. “Bhíos ag breathnú ort, ar d’aghaidh.”

“Ar m’aghaidh?” arsa mise agus alltacht orm.

Thuig an liúdramán ansin go raibh meancóg thromchúiseach déanta aige agus rinne sé iarracht truamhéalach a chuid focal amaideach a tharraingt siar: “Ní hé go bhfuil cuma aosta ort, an dtuigeann tú? Breathnaíonn tú...eh...go deas. Sin é: tá cuma dheas ort agus...”

Ach níor chuala mé aon rud eile. Ní raibh ach trasnaíocht fhánach le cloisteáil ón déagóir glas goiríneach.

Bhí an damáiste déanta. Ag breathnú ar m’aghaidh a bhí sé nuair a rinne sé cinneadh fo-chomhfhioscach “Madam” a thabhairt orm.

B’shin an deimhniúchán neamhspleách a raibh eagla mo chroí orm roimhe: níl mé óg a thuilleadh.

Ach iarraim gar beag amháin ar shiopadóirí agus ar ghruaigeadóirí agus ar chuile-chineál-eile-adóirí amuigh ansin: má tá tú in amhras, tabhair “Miss” ar an chéad bhean eile a thiocfaidh isteach i do láthair oibre, fiú má cheapann tú go bhfuil sí 45 bliain d’aois.

Is iriseoir de chuid RTÉ í Caoimhe Ní Laighin