Troscadhfadafaiseanta an bháis

BEOCHEIST: Ní rófhada ó shin ó bhásaigh beirt mhainicíní de bharr chéalacan agus scrúd an ocrais - nó anoireicse mar a thugtar…

BEOCHEIST:Ní rófhada ó shin ó bhásaigh beirt mhainicíní de bharr chéalacan agus scrúd an ocrais - nó anoireicse mar a thugtar air.

Beirt mhainicíní a bhí ag déanamh go maith i saol an fhaisin ach a ghéill an iomarca do mhianta áilleacht coirp mar a fheictear don tsochaí chomhaimseartha iartharach é.

Bhí an bheirt acu ag fulaingt ó anoireicse agus faoi dheireadh fuaireadar bás den ocras. Ba as Uragua Luisel Ramos (22) agus chuaigh sí in éag de bharr tinneas croí i mí Lúnasa 2006.

Ba as an mBrasaíl Carolina Reston (21) a bhásaigh i mí na Samhna 2006 de bharr gur theip ar a duáin ar deireadh. Mná óga dathúla a bhí iontu a thug anbhás dóibh féin.

READ MORE

Bhíodar ciaptha de shíor ag iarraidh iad féin a chaolú agus a thanú. Bhíodar ar aiste bia marfach míshláintiúil agus ní raibh a gcoirp sách láidir leis an gcleachtadh seo a sheasamh agus ghiorraigh siad a saol. Bhí anoireicse orthu.

Cén rud go díreach í anoireicse nó búilime? Nó cén bhrí atá leis? Is é an bhrí atá le hanoireicse ná faitíos roimh ramhracht. Galar atá ann. Creideann fulangaithe anoireicse go mbreathnaíonn siad ramhar, cé go bhfuil gach uile sheans ann go bhfuil cuma thanaí chaol orthu.

Mar gheall air seo, gearrann siad siar go mór ar an méid a bhíonn siad ag ithe agus aclaíonn siad a gcoirp go hiomarcach. Go hiondúil is iad mná óga nó déagóirí a bhíonn thíos leis an tinneas seo.

Bíonn na fulangaithe den tuairim go bhfuil ceangal láidir idir tanaíocht agus galántacht nó sonas. Is ar thóir foirfeacht agus saol sona a bhíonn na mná seo ag céalacan. Deirtear gurbh iad siúd tá ar bheagán féinmhuiníne agus misneach astu féin a bhíonn ag fulaingt agus tá baint láidir leis an nGalar Dubhach leis.

Ar ndóigh, tá gnáthdhaoine an Iarthair faoin tionchar seo. Níl le feiceáil sna páipéirí ach pictiúrí de 'celebritys' nó daoine cáiliúla agus dreach caol tanaí orthu.

Bíonn pictiúirí de Victoria Beckham, Kate Moss agus Jodie Kidd le feiceáil gach uile lá sna páipéirí agus iad ag breathnú lom cnámhach imithe ar an uisce bruichte.

Ní haon iontas é go bhfuil gnáthdhaoine ar thóir cruth nó dealbh atá do-aimsithe. Is é an cruth 'idéalach' atá na fir ar thóir ná corp fada muscalach. Maidir le mná, tá an bhean 'idéalach' le bheith spéiriúil, dea-dhéanta agus tanaí.

Tá an cuspóir seo mar aidhm ag formhór mhuintir an Iarthair. Tá níos mó daoine ná riamh ag tabhairt ocrais dóibh féin le cuma dheas thanaí a chur orthu féin.

Iontas na n-iontas tá suíomhanna anois ar fáil ar an Idirlíon a thacaíonn le hanoireicse, fianaise a chruthaíonn go bhfuil an galar ag méadú.

Tá na suíomhanna seo páirteach i ngluaiseacht shóisialta a chuireann anoireicse chun cinn mar dhea-rogha sa saol, agus ní tinneas nó galar.

Tugann na suíomhanna seo comhairle agus leideanna do mhná agus fhir óga ar na bealaí agus slíte is tapúla agus is éifeachtaí le meáchan a chailleadh. Comhairlíonn na suíomhanna seo do chailíní cén chaoi an galar a cheilt ó ghaolta agus ó dhochtúirí.

Ar ndóigh, bíonn lucht na suíomhanna seo den bharúil nach tinneas í anoireicse, ach an bealach is fearr agus is deise le do shaol a chaitheamh. Dar leo tá pléisiúr ag baint leis an gcéalacan agus breathnaíonn siad ar an ocras mar chomrádaí nó chompánach a tugann sólás agus faoiseamh don té atá ag fulaingt.

An bhfuil anoireicse nó búilime coitianta i measc ghnáthdhaoine na hÉireann nó an domhain? Creid é nó ná chreid, tá. An bhfuil daoine in Éirinn ag fulaingt ón ngalar agus an tionchar seo? Tá. Dar le Bodywhys, Eagraíocht Neamhord Itheacháin na hÉireann, tá.

Deir Bodywhys go mbíonn 400 duine nua in Éirinn ag fulaingt ó neamhord itheacháin gach uile bhliain. Dearbhaíonn siad go bhfaigheann 80 duine in Éirinn bás de bharr neamhord itheacháin gach uile bhliain.

Deir Ruth Ní Eidhin ón eagraíocht nach bhfuil dóthain seirbhísí sa tír seo le déileáil leis an bhfadhb agus dearbhaíonn sí go bhfuil níos mó daoine ná riamh ag dul i dteangmháil le Bodywhys ag iarraidh cúnaimh.

Ag deireadh an lae, is fearr an tsláinte ná na táinte. Is é an rud is tábhachtaí ná dearcadh dearfach a bheith ag duine agus iarracht a dhéanamh ithe chomh sláintiúil agus is féidir.

Eolas: Bodywhys - 1890 200 444 nó www.bodywhys.ie