Triúr scríbhneoirí ag léamh i nGaillimh anocht

Beidh na scríbhneoirí Caitríona Hastings, Micheál Ó Conghaile agus Jackie Mac Donncha ag léamh as a saothar i nGaillimh anocht agus fáilte roimh an phobal teacht agus éisteacht leo.

Beidh an triúr ag léamh ag ócáid atá á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht in éineacht le Club Áras na nGael, Sráid Dhoiminic, sa chathair. Is ócáid amháin í seo i sraith léamhanna den ainm, Sliocht, atá ar siúl ag na foilsitheoirí, Cló Iar-Chonnacht.

Beidh Hastings ag léamh óna leabhar nua Ridire an Ghaiscidh (Cló Iar-Chonnacht), leabhar a bhain duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais agus leabhar a chuireann cor úrnua i seanscéal béaloidis. Tá “idir gháire, ghreann agus ghliondar le fáil go fras ann” de réir na bhfoilsitheoirí.

Caitheann an léitheoir seal i gcomhluadar Ridire an Ghaiscidh, mac rí a tógadh in uaigh faoi thalamh, a shantaigh a bheith ina laoch ar nós na laochra sna scéalta a d’insíodh a mháthair altama dó. Castar cuid dá chéilí comhraic ar an léitheoir: fathach; gearrán bán; gabhairín maol; seanchailleach ghránna; cat; Amadán Mór agus a mháthair; mórán naimhde eile agus, an dúshlán is mó atá le tabhairt aige, Glúin Dubh.

READ MORE

Lena chois sin, tá cúpla rí ann, iníonacha rí, go leor troda, báid draíochta, an Tuircéis Mhór; an Tuircéis Bheag; comórtas ólacháin, agus spideog draíochta

Is ag 8.30pm sa Chlub Áras a thosóidh an t-aistear liteartha.