Tiomna nimhe

Léirigh Paisley gur saint chun cumhachta a spreag é

Ba é tiomna deiridh Ian Paisley é, de réir scéil, a fhocal scoir ar na meáin chumarsáide. Dhá chlár teilifíse a mhair dhá uair an chloig ar fad. Deis bhreá ag an seantuathghríosóir chun a leagan féin dá stair a chraobhscaoileadh.

Níorbh é a leas é. Níor mhaise ar a chlú é. Má ba é snas ar a oidhreacht an cuspóir, theip air.

Bhí na cláracha thar a bheith suimiúil agus b’fhiú go mór iad a dhéanamh ó thaobh na teilifíse agus na hiriseoireachta de.

Níor bhuntáiste don DUP é ráithe roimh thoghcháin gan dabht ach níor shochar d’Ian Paisley féin é. D’éirigh leis teannas agus spairn a chothú mar ba dual dó don chuid is mó dá shaol poiblí.

READ MORE

Neartaigh sé an bharúil gur chumhacht dó féin a bhí mar threoirphrionsabail aige ón tús agus léirigh sé nach nglacfadh sé freagarthacht ach nuair a d’fheil sé dó.

Tá a fhios ag an saol anois na líomhaintí a rinne muintir Paisley sna cláracha a rinne an t-iriseoir Eamonn Mallie agus a craoladh ar BBC Thuaisceart Éireann. Bhí an dara clár beo le gangaid agus nimh.

Lig Ian Paisley amach a dheascaí ar a chomharbaí sa pháirtí polaitíochta agus san eaglais a bhunaigh sé.

Rinneadh go leor cainte faoi dhílseacht don Soiscéal ach is cosúil gur shoiscéal nimhiúil é.

Bhí seantaithí ag an bpobal ar bhinib agus maslaí Paisley i gcaitheamh na mblianta. Sa chéad chlár shéan sé gur ghríos sé daoine chun aindlí agus mhaígh sé gur “ar mhaithe leis an gcúis” a bhí sé ansin. Ní hamhlaidh anois. Faltanas pearsanta a nochtadh sa dara clár.

Bhí measúnú Phaisley ar an DUP agus ar an Eaglais Shaor-Phreispitéireach míthrócaireach.

Tiarna agus Bantiarna is ea an tUrramach Paisley agus a bhean, Eileen anois; onóracha agus aitheantas tugtha dóibh i ndeireadh a ré.

Ba léir áfach gur ghoill sé go smior orthu beirt gur chaill sé a stádas polaitiúil agus eaglasta i 2008. Ba léir freisin nach maithfeadh ceachtar acu go deo don dream a “ruaig” é mar Chéad Aire/ceannaire DUP agus mar Mhodhnóir na Saor-Phreispitéireach.

Bhí cloch sa mhuinchille do Peter Robinson go háirithe “an fear nach raibh in ann a shuíochán a choinneáil”. Rinneadh tagairtí drochmheasúla d’fhadhbanna pearsanta mhuintir Robinson i gcodarsnacht le glaine theaghlach Paisley.

Bhí scata eile nár spáráladh, leithéidí Nigel Dodds “the Mighty Dodds” go tarcaisneach, cathaoirleach an pháirtí an Tiarna Morrow agus iarchomhairleoir Ian Paisley i Stormont, Timothy Johnston.

Díol suntais ab ea é gur eisigh siadsan agus an DUP ráiteas 24 uair sular craoladh an clár chun a leagan féin a chur ar an taifead agus chun cuimhne Ian Paisley a cheistiú.

Éagóir i súile Ian agus Eileen?

Gur thug siad a réimeas chun deiridh in aois a dhá bhliain agus ceithre scór. Feallmharú, dar lena bhean. Scian sa droim.

Thug sé le fios ag an am gur dá dheoin féin a bhí sé ag éirí as an Chéad Aireacht agus ceannaireacht an DUP ach bhí an scéal amuigh gurbh iad na fir sna cultacha liatha faoi ndear é.

Díoltas
Rinne sé a dhícheall sa chlár chun a dhíoltas a bhaint amach, chun iad a lagú más féidir é.

An féidir? Sin í an cheist. D’éirigh leis na hionsaithe a rinne Ian Paisley ó na 1960idí ar aghaidh ar cheannairí aontachtacha ó Terence O’Neill go David Trimble.

Scrios sé gach ceannaire aontachtach roimhe féin a ghlac céim ar bith i dtreo aitheantais do náisiúnaithe nó roinnt cumhachta.

Ansin i 2007 nuair a bhí an stádas mar cheannaire an phríomhpháirtí aontachtaigh bainte amach aige ghlac sé féin an chéim mhór agus chuaigh i mbun roinnt cumhachta le Sinn Féin.

Is fíor gur dócha gurbh eisean an t-aon duine a raibh dóthain tacaíochta aige chun an chéim sin a ghlacadh.

Is fíor freisin gur mheas daoine a bhí ag faire go géar ar chúrsaí i Stormont go raibh a chumas ag dul i léig. Measadh gur thábhachtaí mar shiombail an chomhréitigh é ná mar riarthóir. Mar sin, ní hí an obair a airíonn sé uaidh dar le léirmheastóirí – ach an stádas.

Ní léir go n-éireoidh leis an saighdeán seo Peter Robinson a chriogadh ach déanfaidh sé dochar.

Ceapadh ar feadh na mblianta go gcaillfeadh Robinson tacaíocht na Saor-Phreispitéireach nuair a d’imigh Paisley ach, ar ndóigh, bhris an Eaglais sin croíthe mhuintir Paisley nuair a ruaig siadsan é “go neamhdhiagach” dar le hEileen. Caolsheans mar sin go dtabharfadh na Free Ps aird ar an iarmhodhnóir anois.

Dá mbeadh an fogha tugtha faoina chomharba cúpla bliain ó shin seans go mbeadh dochar ollmhór déanta aige agus nach dtiocfadh Robinson slán.

Ach tá Paisley imithe as an bpolaitíocht le sé bliana agus bhí a ionsaí ar Robinson chomh hainmheasartha sin – ag úsáid téarma ar nós “beast” an Bhíobla – go mb’fhéidir gur saothar in aisce é.

Ní hé sin le rá nár chothaigh sé guagacht san DUP; tá tréimhse chorrach i ndán don bpáirtí.