Thall is abhus

BEIDH NA filí Gearóid Mac Lochlainn, Philip Cummings agus Caitríona Ní Chléirchín ag léamh go dátheangach ar an Charn, Bóthar…

BEIDH NA filí Gearóid Mac Lochlainn, Philip Cummings agus Caitríona Ní Chléirchín ag léamh go dátheangach ar an Charn, Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha, Co Dhoire, oíche Aoine, ag 8pm.

Is í an iris, An tUltach, atá ag eagrú na hócáide i gcomhar le grúpaí eile le ceiliúradh a dhéanamh ar an fhilíocht. Dúirt eagarthóir na hirise, Gráinne Ní Ghilín, go raibh borradh faoin fhilíocht sa Tuaisceart agus go raibh sé “tráthúil” an ócáid seo agus ócáidí eile a reáchtáil mar chomóradh air sin.

Beidh clár faisnéise ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Ar an Inneall, Dé Luain ag 9.08am. Baineanna an clár le tiománaithe óga Chonamara agus an dúil mhór atá acu ina gcuid carranna. Tugann an clár seans dóibh a scéal féin a insint agus an tuairim atá ag muintir na háite agus ag an Gharda Síochána díobh. An comhlacht Fíbín a léirigh.

Beidh dráma le Cathal Ó Searcaigh, Salómé, le feiceáil as an nua ar stáitse in Ionad na nGleannta, Cluainín, Co Liatroma, oíche Mháirt ag 8.30pm agus leanfaidh ar aghaidh go dtí oíche Shathairn, 30ú Deireadh Fómhair. An compántas Splódar atá á léiriú.

READ MORE

Eolas: 071-9855833