Taispeántas nua ealaíne ag Seán Ó Flaithearta

“Síoda Móna” is ainm don taispeántas is nuaí leis an ealaíontóir Árannach, Seán Ó Flaithearta.

Is é an Dr Lillis Ó Laoire ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a sheolfaidh an taispeántas Déardaoin, 10ú Aibreán ag 6pm i nGailearaí Norman Villa, Bóthar na Trá, Gaillimh. Beidh saothar Uí Fhlaithearta ar taispeáint go dtí an Satharn, 26ú Aibreán.

Beidh Johnny Connolly agus Johnny Óg Connolly ag seinm ceoil sa ghailearaí idir 6pm agus 8p an tráthnóna céanna.

Is as Árainn, áit a bhfuil a stiúideo aige, do Sheán Ó Flaithearta.

Taispeántas
Bhain sé céim amach sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha (NCAD) agus chaith sé tréimhsí i mbun staidéir ar chúrsaí ealaíne sa Bheilg agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

READ MORE

Ar na taispeántais aonair a bhí aige go dtí seo bhí Talamh Dóite (2011), Nótaí Ciúnais – Ó Ríordáin (2011-2013), Go bhFeicfidh Tú Dán – Ó Direáin (2010-2013), Scoilt leis an gCnámh (2009), Dúch Yesenin/Yesenin's Ink (2007-08), Deora Sáile (2005), Coiscéim na Trócaire (1995) agus Scadán Caoch (1993).

Bhí taispeántas aige ag Féile Cheilteach Lorient sa Bhriotáin in 2009.

Bhuaigh sé comórtas ealaíne Ciall in 2011. Tá sparánachtaí faighte aige ón gComhairle Ealaíon, ó rialtas na Beilge agus ó Ealaín na Gaeltachta.

Ba é an chéad duine é a ceapadh ina ealaíontóir cónaitheach in Áras Éanna, Inis Oírr.