Taighde ceannrodaioch teanga foilsithe

Tá taighde ceannródaíoch ar shealbhú teanga, Na Chéad Chéimeanna: Luathfhorbairt Gaeilge mar Phríomhtheanga , foilsithe ag Comhdháil…

Tá taighde ceannródaíoch ar shealbhú teanga, Na Chéad Chéimeanna: Luathfhorbairt Gaeilge mar Phríomhtheanga, foilsithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Bord Sláinte an Iarthair.

Is í Stephanie Brennan, teiripeach urlabhra, a thug faoin taighde agus a d'ullmhaigh an tuairisc.

Is tionscadal comhpháirteach í an tuairisc agus é mar chuspóir aici uirlisí measúnaithe a chur ar fáil le go mbeidh teiripigh ábalta comparáid a dhéanamh idir an dul chun cinn atá á dhéanamh ag páiste amháin agus ag páiste eile ar comhaois leis agus iad ag sealbhú teanga go luath ina saol.

Tá gá ar leith le heolas den chineál seo i gcás na Gaeilge ach go háirithe nó is teanga faoi bhrú í.

READ MORE

Dúirt feidhmeannach de chuid na Comhdhála, Fionnuala Ní Mhuirí, gurbh é an staidéar seo an ceann ba leithne a rinneadh riamh ar an cheist seo.

Bíonn go leor ceisteanna ann faoi shealbhú na Gaeilge nach mbíonn freagra orthu, a dúirt sí: "Cathain a bhfuil a fhios ag tuismitheoirí má tá a bpáiste díreach mall ag sealbhú a theanga, nó más rud é gur deacrachtaí móra atá aige le fuaimeanna agus le gramadach a fhoghlaim i gceart?

"Cathain a bhfuil fadhbanna le fuaimeanna nó le tuiscint díreach mar chuid den bhforbairt, agus cathain gur comharthaí luatha iad go mbeidh deacrachtaí ag páistí, ní hamháin ag foghlaim conas caint, ach ag foghlaim léitheoireachta agus scríbhneoireachta?"

Bhí "na blianta caite ag déanamh taighde sa Bhéarla agus tá pictiúr soiléir againn de cathain gur chóir go mbeadh na príomheilimintí d'fhuaimeanna agus de ghramadach ag páiste agus é ag sealbhú an Bhéarla.

"Ach níl an pictiúr chomh soiléir sin sa Ghaeilge agus, go dtí anois, ní dhearnadh aon taighde ach amháin ar dhuine nó ar bheirt pháistí," a dúirt sí.

"Ní thugann sé seo dóthain raoin dúinn den bhealach gur chóir do pháistí bheith ag forbairt sa chaint. Tá gá ann staidéar a dhéanamh ar i bhfad níos mó páistí ionas gur féidir linn na gnáthfhorbairtí agus na buairteanna a thógáil san áireamh."

Is ar na hOileáin Árann a rinne Stephanie Brennan an taighde. Rinne sí taifeadadh ar chaint agus ar thuiscint 12 páiste idir 20 mí agus trí bliana d'aois, thar tréimhse 18 mí.

Tá deis anois - den chéad uair - ag tuismitheoirí, lucht gairme, teiripigh urlabhra agus múinteoirí breithiúnas a thabhairt ar fhorbairt na bpáistí go haonaránach, gan a bheith ag brath ar thuairim amháin, a dúirt Ní Mhuirí.

Ba é a barúil go bhféadfaí roinnt forbairtí teacht as an taighde:

Agus é ag seoladh na tuairisce, dúirt an tAire Stáit, Frank Fahey, sa Roinn Dlí, Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, go raibh sé an-tógtha leis an saothar agus go mbeadh sé ag cinntiú go mbeadh cothrom na Féinne ar fáil do gach dalta scoile, bíodh Gaeilge nó Béarla acu.