'Ta a fhios agam but the chick was in the way'

B'fhéidir gur chóir tosú le pictiúr, le híomhá, le grianghraf anall ón saol eile: leanbh óg, cailín nó buachaill, cá bhfios, …

B'fhéidir gur chóir tosú le pictiúr, le híomhá, le grianghraf anall ón saol eile: leanbh óg, cailín nó buachaill, cá bhfios, nach cuma, agus a cuid inchinne spréite ar fud na sráide. Praiseach na hoíche aréir. Nó arís, ribíní d'ionathair ar nós an áirithe seo spaghetti ar leacracha dorais.

Ach ní faic é suas is anuas lena bhfuil ag tarlú i ndáiríre. Feicimid na tinte ealaíne ar íor na spéire, oíche Guido Fawkes gach ceithre huaire fichead ach go bhfuil a fhios againn roimh ré cé tá ina mbun. Cloisimid an bhúirthíl toirní mar a bheadh dia crosta éigin ag ligean brúchta as a bholg.

Agus amharcaimid ar na tráchtairí cogaidh ag caint go sibhialta is go fuarchúiseach le mothú is lú ná mar a bheadh ag comhfhreagraí leamh ar chluiche peile gan scór.

Agus ina dhiaidh sin léimid na nuachtáin, im chás féin de, trí cinn ar a laghad in aghaidh an lae. Agus leanann na bréaga ceann ar cheann. Os mo chomhair amach tá chéad leathanach an Sunday Tribune dar dáta 23 Márta 2003. "Basra Falls to Allies" adeir sé i gcinnlitreacha móra dubha, agus é seo gan cheist gan amhras.

READ MORE

Thit Umm Qasr naoi n-uaire roimhe sin. Bhí Saddam Hussein marbh ach tháinig sé ar ais ón uaigh. Fuarthas monarcha cheimiceach i lár an fhásaigh, ach ina dhiaidh sin ní hé sin a bhí ann.

Ach amach as na bréaga seo sileann braon beag den fhírinne ó bhéal saighdiúra a mharaigh bean óg áitiúil lena ghunna deas oifigiúil, nuair a scaoil sé le fir a bhí ina aice léi ag cosaint a dtíre. "Tá a fhios agam," ar seisean "but the chick was in the way".

Ní fios cad a stopfaidh an ghluaiseacht seo chun an eagair nua dhomhanda, is é sin, más eagar nua domhanda é. Mo thuairim féin nach ea, ach gur seanimpireacht atá ann faoi chló nua ar fad. Nuair a thit na himpireachtaí Eorpacha as a chéile, is amhlaidh gur tháinig na Stáit Aontaithe in oidhreacht orthu, diaidh ar ndiaidh. Chonaic an Bhreatain é sin níos soiléire ná cách agus shocraigh a bheith ina seabhac-cac-faoileáin do na Stáit. Is fíor go bhfuil plátaí teicteonacha na n-ilchríoch ar bogadh faoi láthair, ach féach a bhfuil á nochtadh féin dá mbarr. Aontacht na hEorpa á thaispeáint mar bhréagshamhail agus polaiteoirí na dtíortha ag titim siar ar dheighilteanna a bhí suas tá cúig chéad bliain ó shin ann.

Tá na Náisiúin Aontaithe lagaithe, tá scoilt san Eoraip, tá mathún mór na Rúise ag gnúsachtaigh arís, agus tá meangadh gáire ar bhéal na Síne sula gcromann siad ar a gcuid locaí a chroitheadh sna blianta atá romhainn. Níos tromchúisí ar fad ná sin, tá bearna ollmhór tar éis a oscailt idir gnáthphobal na dtíortha daonlathacha agus an aicme pholaitiúil sna tíortha céanna sin.

Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá i dtús a gcuid réimis mar impireacht anois. Déan é a mharcáil, a nótáil agus a chur síos. Bhí an claonadh sin ann i gcónaí, ar ndóigh, an claonadh chun ataithe, chun gabhála, chun borrtha. An dornán beag d'oilithrigh (más fíor) a ghabh port in Chesapeake Bay sa bhliain 1607 agus ar díobh a tháinig "trí choilíneacht déag" na Breataine, is gairid ina dhiaidh sin gur thosaigh clann a gclainne ag síneadh a gcuid géag siar agus siar ó dheas thairis Lousiana na bhFrancach agus fearann na Spáinne Nua (fág ábhar beag an chinedhíothaithe as an áireamh).

Dá éis sin gabháil Texas, géilleadh na Meicseacach, bunú Arizona agus ina thimpeall agus abhae leo chun na nOileán Filipíneacha, giollaístáit ar fud Mheiriceá Theas agus an ghealach féin. Le 40 éigin bliain anuas tá ionsaí nó buamáil déanta acu ar Vítneam, An Chambóid, An tSomáil, An Súdán, An Liobóin, An Iaráin, Libia, Seirbia, Cosóva, An Afganastáin, An Yemen, Puerto Rico, Panama, Granada, An tSile, Nicearagua, gan trácht ar a ladhar a bheith istigh go rúnda ar fud an bhaill agus oibriachtaí míleata de shórt amháin nó eile a bheith acu ar siúl san Araib Shádach, Chuáit, Churdaistean, Chóiré, Sierra Leone, Cholóim, Bholivia, Mhozambique, Venezuela, Eritrea, Chongó, Albáin, Libéir, Pheiriú, Ecuador gan ach an chaolchuid a lua mar ní foláir stad feasta.

Ach dá ainneoin seo ar fad níor dhein siad gabháil, is é sin, níor chuir siad arm dá gcuid féin i mbun na dtíortha, ná níor chuir siad Fear Ionaid an Rí isteach mar cheannaire, ná airí rialtais gealchraicneacha Críostaí Meiriceánacha i mbun riaracháin mar a dhein an Bhreatain, an Fhrainc, an Bheilg.

Ach is é sin atá meáite acu a dhéanamh an t-am seo. Athrú datha ar fad é seo. Is pianmhar dá lán againn é seo. Mar gualainn ar ghualainn leis an traidisiún míleata cloigeannchroschnámhach gadaíochta seo tá traidisiún liobrálach oscailteach fáilteach.

B'alt creidimh le scata uachtarán é gan cur isteach ar rialtais thíortha eile: b'é John Quincy Adams a mhaígh nach dtéann Meiriceá "abroad in search of monsters to destroy"; ní déarfadh Andrew Jackson gur cheart dul ar fud na cruinne d'fhonn buille a bhualadh ar thíortha nár bhagair olc orthu féin; b'é Woodrow Wilson a bhunaigh Conradh na Náisiún d'fhonn go ndéanfaí an caidreamh idirnáisiúnta a shuíomh ar dhlí agus ar cheart na bpobal féin.

Tá cultúr pobail Mheiriceá sealbhaithe ag an gcuid is mó againn, agus is saibhrede sinn dá bharr.

Cuid dínn is ea Elvis agus Bob Dylan agus Blind Willie Johnson agus Hollywood, agus na Dixie Chicks agus Friends agus cibé ní is maith leat siar amach ó bhonn go scolb.

Cuid den litríocht is úire, is bríomhaire, is nuálaí agus is cróga is ó Mheiriceá a tháinig le dhá chéad bliain anuas idir Walt Whitman agus Ezra Pound agus John Updike agus Maya Angelou.

Is í tír na saoirse agus an dóchais í má choinníonn tú cluas le Noam Chomsky le John Cooley, le Gore Vidal Dá réir sin, ná cuirtear frithMheiriceánachas i leith aon duine againn atá in aghaidh an chogaidh. Is amhlaidh gur in aghaidh na hImpireachta atáimid, in aghaidh an Imperium nua.

Is amhlaidh gur in aghaidh an dornáin bhig neamhthofa úd de na Bushmen atá ag creachadh agus ag réabadh rompu atáimid, an neach scanrúil úd Donald Rumsfeld, agus Perle agus Chaney agus Wolfovitz agus Rice ar dóigh leo go bhfuil an domhan go léir ina nglaic acu, agus b'fhéidir go bhfuil.

Tá an tír seo ina nglaic acu, pé in Éirinn é. Iriseoirí Éireannacha cheana ag caint ar sceimhlitheoirí nuair is muintir na hIaráice ag cosaint a n-iatha féin atá. Tá an chuma air go bhfuil deireadh le neodracht.

Nuair a fheiceann tú polaiteoirí ag lúbadh agus ag casadh agus ag snaidhmearnaigh timpeall ar cheisteanna simplí, is maith mar atá a fhios agat go bhfuil an port seinnte.

Ní rófhada ó shin bhímis mórálach as seasamh na tíre seo sna Náisiúin Aontaithe: Proinsias Mac Aogáin ag caint ar son na córa agus ag cur in aghaidh na bullaíochta; saighdiúirí na hÉireann ar fud an domhain faoina suaitheantais ghorma in áiteanna nach scaoilfí na cumhachtaí móra isteach iontu; ár gcuid rialtas ag cur clár na síochána chun cinn roimh aon rud eile. Mór idir na haimsirí!

Drochní anois é a bheith ar son na síochána, is geall le masla é.

Ar deireadh thiar, tá an cheist seo simplí go maith. Is é sin, tá moráltacht i gceist sa chaidreamh idir náisiúin, nó níl. Tá polasaí na tíre ina sheasamh ar phrionsabail áirithe a bhaineann le rud is fairsinge ná sinn. Nó, níl i gceist sa chaidreamh idir náisiúin ach do leas féin, do leas féin amháin, agus bíodh an diabhal ag cách eile.

Mura bhfuil i gceist ach do leas leithleasach inimleacánach féin, an rud a mharóidh an mhuc duit, a dhíolfaidh an bhó, a chuirfidh na boinn ag rince id sparán, ní cás dúinn labhairt ar chúrsaí polaitíochta níos mó, agus is lú ná sin is cás dúinn aon trácht ar cheart nó éigeart a thabhairt isteach sa phlé.

Is féidir, ar ndóigh, díospóireacht a fhothú ar cad é go díreach leas na tíre, ach is ceist bainistíochta agus breithiúnais é sin, agus ní ceist í a bhaineann le ceart nó le héigeart. Ní ceist í a bhaineann le báirí an duine na le haon iarracht lag leithscéalach chun cúinsí phobail na cruinne a fheabhsú.

Shíl mise i gcónaí go raibh tadhall beag éigin ag polasaí eachtrach na tíre leis an rud a bhí ceart, leis an gcur in aghaidh na bhfórsaí móra, le tacaíocht a thabhairt don lag, le freasúra do na himpireachtaí.

Ach is amhlaidh go raibh breall orm an t-am ar fad. Dream slíbhíneach slítheánta sleamhain sliúdrálach slusaíochtúil seachantach santach saobhshúileach sainsprionlaithe gan oiread is cnámh corrmhíl ina gcorp acu atá i gceannas orainn. Níl i gceist feasta ach an rud a dhéanfaidh sochar dúinn féin.

Ní bheidh an chick sa bhealach níos mó.

Tá Pól Ó Muirí ar saoire