Tá Gaeilge ag Enda

An gcuireann ceisteanna na Gaeltachta nó na Gaeilge Enda ó chodladh na hoíche?


Bhí Enda Kenny, Taoiseach, le cluinstin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an lá faoi dheireadh. Craoladh páirtí polaitíochta a bhí ann agus Enda K ag caint i nGaeilge. Bhí sé ag agairt leis an phobal tacaíocht a thabhairt d’Fhine Gael.

Bíonn cuid de d’aigne i gcónaí sásta nuair a a labhrann polaiteoirí sinsearacha Gaeilge. Ach bíonn cuid di, i gcás Enda de ach go háirithe, á rá leat féin go gcreideann Enda oiread chéanna sa Ghaeilge agus a chreideann sé i dteagasc na hEaglaise Caitlicí faoi chúrsaí ginmhillte agus pósta.

Is diagaire dó féin é Enda; tá a thuigse féin ar an teanga aige. Tá labhairt na teanga aige ach sin a bhfuil de. Braitheann tú go bhfuil feidhm aige leis an teanga – seans go bhfuil cúpla vóta le fáil – ach is beag leis a cúram leanúnach.

Sin an áit a bhfuil an fabht. Níl cumhacht ar bith i gceist le Gaeilge; ní bhíonn i gceist léi ach cúram; cúram laethúil míosúil bliantúil; cúram nach dtig deireadh leis in am ar bith.

READ MORE

Agus cad é an polaiteoir atá ag iarraidh cúram den sórt sin? Cad é an polaiteoir atá ag iarraidh go mbeidh sé ag streachailt leis an ábhar céanna bliain i ndiaidh bliana?

Nach é cuspóir na polaitíochta fadhbhanna ‘a réiteach’; tabhairt le fios go bhfuil rud inteacht déanta agat; go bhfuil tú réidh anois le tabhairt faoin chéad dúshlán eile – agus toil an phobail leat as an obair atá déanta?

Ach is ceisteanna iad an Ghaeltacht agus an Ghaeilge nach bhfuil aon fhreagra amháin simplí orthu. Is ceisteanna iad seo atá gan fhreagairt le 100 bliain anois.

B’fhéidir gurb é sin an chúis go mothaíonn tú, agus é ag caint Gaeilge, gur cuma sa sioc leis faoi na ceisteanna sin. Tá sé dubh dóite leo.

Is minic a deir daoine gan Ghaeilge liom gur teanga ‘cheolmhar’ í an Ghaeilge. Is minic a deirim liom féin: “Ní déarfá sin dá gcluinfeá Enda ag caint Gaeilge.”

Ní bhraithim ceol ar bith ina chur i láthair; níl a chroí sa chaint, agus is é an croí, níos mó ná an ceann, a choinníonn an chuid is mó dínn ag caint Gaeilge. Tógann an teanga ár gcroí.

B’fhéidir go bhfuil mé contráilte ach ní paisean a thugann air an teanga a labhairt ach polaitíocht. Na vótaí fánacha sin!

Tuigeann tú fosta go mb’fhéidir go mbeadh sé rud beag bréan de lucht na Gaeilge; nach dtugann siad a cheart dó; nach mbíonn siad fial leis.

Tá Gaeilge aige; freagraíonn sé ceisteanna Gaeilge go múinte i nGaeilge. Dá lú é, tá an méid sin le moladh. Cinnte, ní raibh mórán Gaeilge ag Joe McHugh nuair a cheap Enda ina Aire Stáit Gaeltachta é.

Ach bhí mise lá den saol ar ócáid de chuid Oireachtas na Gaeilge nuair a labhair Aire Cultúir an Tuaiscirt, Carál Ní Chuilín (SF), Béarla ar fad lena linn.

Diomaite d’aon fhear amháin a rinne gearán múinte, d’éist na Gaeil chantalacha réabhlóideacha go ciúin léi.

(Is doiligh gan éirí bréan de lucht na Gaeilge anois agus arís.)

An dóigh le duine ar bith go gcuireann ceisteanna na Gaeltachta nó na Gaeilge Enda ó chodladh na hoíche?

Ní dócha go gcliseann sé as a dhomhainshuan agus imní air go mbeidh deireadh le réigiún agus teanga ar leith.

Tá Gaeilge ag Enda. Fáilte don Luan Seans go bhfuil mearbhall ort. Seans go bhfuil tú á léamh seo agus nach bhfuil cleachtadh agat ar rud ar bith a léamh i nGaeilge Dé Luain. Ba í an Chéadaoin lá mór na Gaeilge ar an pháipéar seo le roinnt blianta. Tá súil againn gurb é an Luan a bheas ann feasta. Níl mórán le moladh faoin Luan ach nach deas é cúpla focal Gaeilge ag tús na seachtaine?

Tuigim go mb’fhéidir go bhfuil tú rud beag fríd a chéile. Tá mise ceangailte den deasc le 19 bliain Dé Luain agus Dé Máirt agus mé ag obair ar ábhar Gaeilge don nuachtán seo.

Tá mearbhall orm féin. Ach, tá súil agam, de bharr an athraithe seo, go mbeidh muid in ann seirbhís nuachta níos cuimsithí a chur ar fáil duit.

Is é ár ndúil agus ár ndóchas cur leis an chaighdeán ard scríbhneoireachta i gcló le caighdeán ard scríbhneoireachta ar líne; go mbeidh an dá mheán ag cur le chéile agus go mbeidh tusa, léitheoir, níos fearr as.

Tig leat, gan amhras, do thuairim a chur chugam – tá seoladh ríomhphoist ag barr an leathanaigh – agus is mór linn aischothú agus moladh! Tá moladh iontach maith!

Ach maith dom é mura dtugaim freagra ort inniu nó amárach. Sílim go dtógfaidh mé saoire bheag Luain ón deasc agus an lá a chaitheamh go díomhaoin.