Sportuil

Chomh múinte a bhí an choimhlint spórtúil idir an dá thír agus na tráchtairí ag tabhairt aitheantais mar ba cheart do gach aon…

Chomh múinte a bhí an choimhlint spórtúil idir an dá thír agus na tráchtairí ag tabhairt aitheantais mar ba cheart do gach aon iarracht fhiúntach a rinneadh ar an fhaiche.

"Cén clár a raibh tú ag éisteacht leis aréir?" a d'fhiafraigh a chompánach cillín de an mhaidin dár gcionn. "Bhí tú tógtha go maith leis."

"Cúrsaí polaitíochta san Astráil," a d'fhreagair sé. Níor bhréag ar fad í. "Tá sé náireach a bhfuil ar siúl ansin."

"Aidh. Tuigim duit, na bundúchasaigh. Náireach atá sé ceart go leor."

READ MORE

Níorbh aon pheaca, a dúirt sé leis féin, tacaíocht a thabhairt do cheachtar den dá thír.

B'ionann na dathanna a bhí ar bhratach na hIndia agus bratach na hÉireann, comhartha soiléir eile den bhá a bhí ag pobal na tíre sin le streachailt saoirse na hÉireann.

Agus na hAstrálaigh. Bhuel, nárbh iad cosmhuintir bhocht na hÉireann a shaothraigh talamh na tíre sin agus nach san Astráil a chaith John Mitchell tréimhse príosúnachta?

Ba leagan níos grianmhaire d'Éirinn í an Astráil. Níor pheaca ar bith é tacaíocht a thabhairt dóibh, go háirithe dá mbíodh siad ag imirt in éadan na bPommes.

Sea, ba í Sasana an namhaid. Ba í an namhaid i gcónaí í.

"Namhaid mo namhad, is é mo chara é," a mhínigh sé dó féin, "agus cluiche mo charad, is é mo chluiche féin é. Ní hé go bhfuil mé ag tacú leis na Sasanaigh ach ag cur ina n-éadan. Ní séanadh dúchais nó cliseadh prionsabal atá i gceist ach athghabháil agus athsheilbh chultúir."

Ba é sin an t-am ar lasadh lóchrann a phlean mhóir - ghoidfeadh na hÉireannaigh na hinstitiúidí agus na gnásanna agus na cluichí ab ansa leis na Sasanaigh.

D'athródh poblachtánaigh na critéir thagartha idir an dá thír ó bhun go barr; chuirfeadh siad athruithe bunúsacha i gcrích sa ghaol idir an dá oileán agus cheapfadh siad teoiricí nua réabhlóideacha a chuirfeadh na múnlaí traidisiúnta staire as riocht ar fad. In áit géilleadh do théarmaí tagartha agus cultúrtha Shasana, thógfadh pobal na hÉireann na téarmaí a bhí acu agus dhéanfadh siad a gcuid féin díobh.

Ba é an cruicéad an cluiche Sasanach par excellence. Ba é sean-nós na Sasanach é gona iliomad focal aisteach: googly; yorker; maiden over; leg-spin; off-side; leg-break.

Ba cheart staidéar a dhéanamh ar do namhaid oiread agus a thiocfadh leat. Ba cheart amharc ar a gcluichí dúchais le go bhfeicfeá cad é an dóigh ar oibrigh a n-aigne. Ba é an dóigh ab fhearr leis sin a dhéanamh an cluiche a imirt: an éide gheal sin a tharraingt thart ort féin, bata agus clogad a aimsiú, seasamh os comhair an stumpa agus imirt.

Chuirfeadh sé foireann le chéile, foireann phoblachtánach, foireann iarchimí. Chuirfeadh! A Thiarna, bí ag caint ar réabhlóideach. Chuirfeadh sé olc as cuimse ar na Sasanaigh dá n-earcódh sé foireann iarchimí agus deontas a lorg ó rialtas na Breataine ar mhaithe le comhionannas agus cothrom na Féinne. Ba ghníomh dalba é, gníomh a bhuailfeadh sonc in easnacha Sasanacha.

Is ar na Sasanaigh a bheadh eagla agus iarghunnadóirí agus iarbhuamadóirí agus iarspiairí agus iarchiapthóirí agus iarbhrathadóirí ag triall amach ar Lord's agus Old Trafford le cogadh cruicéid a chur orthu. A gcluiche féin a ghoid uathu! A leithéid de phlean!

"Hé," a scairt sé lena chompánach, "cé atá i mbun an chumann cruicéid cibé ar bith?"

Taobh thiar de, d'éirigh an ghair arís: "Howzat!" "Howzat!" "Howzat!"