Seirbhís nua cruinnis ar líne d'fhoghlaimeoirí na teanga

TUARASCÁIL: SHEOL AN comhlacht teanga agus oideachais, Gaelchultúr, cúrsa cruinnis ar líne, an chéad seirbhís dá cineál, an …

TUARASCÁIL:SHEOL AN comhlacht teanga agus oideachais, Gaelchultúr, cúrsa cruinnis ar líne, an chéad seirbhís dá cineál, an tseachtain seo caite i mBaile Átha Cliath. Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge labhartha acu agus atá ag iarraidh a dteanga a shaibhriú. Tá leabhar, Gramadach gan Stró!, mar shaothar compánach leis an chúrsa.

Dúirt stiúrthóir Ghaelchultúr agus údar an leabhair, Éamonn Ó Dónaill, go dtacódh an cúrsa le daoine san earnáil phoiblí nach raibh mórán Gaeilge acu agus le daoine a raibh spéis acu gairm bheatha a bhaint amach mar aistritheoir. Tá Gaelchultúr ag plé leis an earnáil phoiblí le cuidiú leo a gcuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh agus le daoine fásta san earnáil phríobháideach ó bunaíodh an t-eagras in 2004.

Dúirt Ó Dónaill go raibh béim an chúrsa Idirlín ar úsáid laethúil na Gaeilge agus gur sheachain sé cur chuige acadúil. Bhí Gaelchultúr ag plé "leis na céadta daoine" san earnáil phoiblí a bhí ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim: "Níor cuireadh brú orthu agus tá trí oiread daoine ag iarraidh cúrsaí a dhéanamh. Tá an cultúr ag athrú ach glacfaidh sé 20 bliain eile. Glacfaidh sé glúin iomlán b'fhéidir."

Thairis sin, thiocfadh le daoine a raibh cónaí orthu thar sáile nó in Éirinn clárú agus snas a chur ar a gcuid Gaeilge. Bhí "domhan mór amuigh ansin agus an teicneolaíocht ann" le dul i dteagmháil leis, a dúirt sé.

READ MORE

Ba é a chuspóir sé chúrsa dhifriúla ó bhunleibhéal go hardleibhéal a chur ar fáil ar líne faoi Mheán Fómhair, 2009. Bheadh na cúrsaí sin idirghníomhach; bheadh rogha ag duine dul ar líne agus éisteacht le píosa cainte agus ceacht a dhéanamh. Gheobhadh an dalta freagra ó ríomhaire láithreach an raibh an méid a scríobhadh ceart nó contráilte. An dara rogha a bheadh ann; an rud céanna a dhéanamh ach obair bhaile a chur chuig teagascóir. Ba é a mhian go mbeadh ranganna beo ar líne ar fáil ach ní raibh an teicneolaíocht ann go fóill leis sin a dhéanamh.

Dúirt sé go raibh an t-eagras i ndiaidh "dua ollmhór a chaitheamh le forbairt siollabais agus acmhainní. Is muid an t-aon eagraíocht a chuireann pleananna ceachta ar fáil do gach uile rang - gan eisceacht ar bith".

Ní hamháin go raibh mórán Éireannach ag freastal ar ranganna ach bhí spéis mhór ag eachtrannaigh iontu fosta. "Spreagadh mór" a bhí i ndaoine a tháinig ón choigríoch le Gaeilge a fhoghlaim, a dúirt sé. Tháinig bean Iodálach chuige ar na mallaibh agus chláraigh do rang. Aistritheoir a bhí inti a raibh eolas aici ar chúig theanga eile. Bhraith sí go raibh deis aici airgead a dhéanamh as cúrsaí aistriúcháin trí Ghaeilge. Bhí sin ag teacht lena mheon féin; ba mhian le Gaelchultúr seirbhís agus fostaíocht a chur ar fáil agus an gnó bheith brabúsach.

Eolas: 01-6753658 nó www.ranganna.com

Tumoideachas

TÁ "GÉARGHÁ le taighde dúchais breise ar na múnlaí éagsúla tumoideachais" a dúirt iar-uachtarán Ghaelscoileanna agus príomhoide Gaelscoile, Dónal Ó hAiniféin, agus é ag tabhairt Léacht Chonradh na Gaeilge oíche Mháirt seo caite i mBaile Átha Cliath.

Dúirt sé gur ghá "roghanna" a thabhairt do thuismitheoirí a bhí "ag iarraidh go gcuirfí oideachas páirt-thumtha nó tumoideachais meánach ar fáil dá bpáistí trí fhorbairt a dhéanamh ar ábhair bhreise a mhúineadh trí Ghaeilge ..."

Mhol sé gur cheart athstruchtúrú a dhéanamh ar na seirbhísí tacaíochta don Ghaeilge sa chóras scolaíochta; níos mó iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú agus infheistíocht a dhéanamh i múinteoirí teanga trí thréimhsí sa Ghaeltacht agus cúrsaí inseirbhísí a bhunú.

Bhí tumoideachas faoi chaibidil ag Foras na Gaeilge agus grúpa saineolaithe oideachais arú inné san ardchathair fosta. Bhunaigh an Foras an Grúpa Stiúrtha um Pholasaí Tumoideachais (GSPT) agus é mar aidhm acu polasaí tumoideachais comhaontaithe uile-oileánda a aontú faoi dheireadh na bliana.

Mar chuid den phróiseas sin a tháinig ionadaithe ó ghrúpaí oideachais thuaidh agus theas - ar nós Ghaelscoileanna, Chomhairle na Gaelscolaíochta, Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann - le chéile le labhairt ar aidhmeanna agus torthaí an tumoideachais, múnlaí éagsúla agus dea-chleachtas.

Dúirt leas-príomhfheidhmeannach agus stiúrthóir seirbhísí oideachais an Fhorais, Tomás Ó Ruairc, gur "próiseas fíorthábhachtach d'earnáil na Gaelscolaíochta é dréachtú polasaí comhaontaithe tumoideachais d'oileán na hÉireann. Tá céim mhaith i dtreo an pholasaí sin glactha againn inniu. Lón machnaimh dúinn plé an lae inniu a bheidh ina chabhair mhór agus muid ag dréachtú polasaí amach anseo."

Aistrigh go Gaeilge

TÁ MÉ buíoch de gach aon duine a chuir píosa isteach don chomórtas aistriúcháin. Tá mórán ama caite agam ag scrúdú na n-iarrachtaí le dua agus díograis - an mar seo d'ollúna ollscoile é? Bhí caighdeán ard i gceist le mórán de na sleachta ach, sa deireadh, ba é Dónall Ó Braonáin, Casla, Co na Gaillimhe, a ghnóthaigh chéad onóracha. Seo an tiontú a rinne Dónall ar an sliocht agus an píosa Béarla ina dhiaidh: "Blianta beaga ó shin thug cara liom, scríbhneoir Sasanach a labhrann de chanúint chruthanta an ardléinn thall, cuairt ar Mheiriceá den chéad uair in éineacht lena bhean agus a gclann iníon a bhí sna déaga. Le go dtabharfadh sé barr taitnimh don mhodh Meiriceánach d'fhostaigh sé carr ar cíos agus shocraigh sé tiomáint trasna na tíre, as Nua-Eabhrac chomh fada le California. Lá meirbh samhraidh, sheas sé ag stáisiún peitril i mbólaí Iowa agus i ndiaidh roinnt meandar fosaíochta agus mionchainte, chuir an freastalaí aonair an cheist seo air: "Cé as sibh féin, bail ó Dhia oraibh?" "Sasana," arsa mo chomrádaí cóir, agus gan é cinnte cén deismireacht a bheadh chuige dá bharr. "Dáiríre," a d'fhreagair an freastalaí fónta le teann iontais. "Más strainséara féin thú, tá an Béarla go paiteanta agat."

("Some years ago an English friend of mine, a writer with a rich Oxbridge accent, visited America for the first time with his wife and teenage daughters and decided the best way to have the whole American experience was to rent a car and drive across the country, from New York to California. Stopping at a filling station somewhere in Iowa on a sweltering summer day, my friend was asked by the lone attendant servicing his car, following a few moments of chat, "Where do you folks come from?" "England," replied my friend, wondering what that might provoke. "No kidding," exclaimed the filling station attendant. "You really speak English very well for a foreigner.")

áis aid - brú pressure - cuspóir aim - deis opportunity - dua toil - earnáil sector - fóirsteanach suitable - fostaíocht employment - idirghníomhach interactive - ionadaí representative - próiseas process - ríomhaire computer - saineolaí expert - snas polish - stró stress - teagascóir tutor - teicneolaíocht technology

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times